Cuireann An Scéim Deiseanna Oiliúna Ghairmoideachais (SDOG) réimse cúrsaí ar fáil le riachtanais oideachais agus oiliúna daoine dífhostaithe a shásamh. Má tá 21 bliain slánaithe agat, más dífhostaithe duit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh faoi leith á bhfáil agat le sé mhí anuas ar a laghad, tig leat cur isteach ar an scéim SDOG. Tugann an scéim deis dóibh siúd a bhíonn páirteach ann feabhas a chur ar leibhéal ginearálta a gcuid oideachais, deimhniúchán a fháil, a gcuid scileanna a fhorbairt agus réiteach a dhéanamh chun fostaíochta, chun féinfhostaíochta agus chun breis oideachais agus oiliúna. Is tríd na coistí gairmoideachais (CGO) a fheidhmíonn an SDOG, agus thar aon dream eile díríonn sé ar dhaoine dífhostaithe a d'fhág an scoil go hóg.
Tá réimse cúrsaí ann ón mbunoideachas agus ón mbunoiliúint aníos go hardoiliúint ghairme. Tá rogha leathan ábhar ar fáil. Is cúrsaí lánaimseartha atá iontu, tuairim agus 30 uair a' chloig in aghaidh na seachtaine, 6 huaire a' chloig sa ló ar feadh cúig lá, cuir i gcás. Maireann na cúrsaí suas le dhá bhliain, agus is iomaí cúrsa díobh a mbíonn cáilíochtaí ann dá bharr, An Teastas Sóisear, an Ard-Teistiméireacht, agus gradaim FETAC ar Leibhéal 3, 4 agus 5 ar an bhFráma Náisiúnta Cáilíochtaí, cuir i gcás. Tá liosta na gcúrsaí DOG ar láithreán gréasáin Qualifax.
B'fhéidir go bhfuil tú cáilithe le haghaidh scéim SDOG má tá 21 bliain slán agat agus:
Is féidir tréimhsí a caitheadh ar chúrsaí oiliúna FÁS, ar Scéimeanna Fostaíochta Pobail, ar Togra Oibre, ar chláir Youthreach agus seal a caitheadh sa phríosún a chur san áireamh i dtréimhse na cáilíochta.
*Má tá Sochar Breoiteachta á tharraingt agat, ba chóir duit dul i
dteagmháil leis an oifig leasa shóisialaigh go háitiúil maidir le síneadh
a chur le fasach/ceart ar an Sochar Breoiteachta atá agat.
Má tá Liuntas Cuardaitheora Poist á fháil agat nó Sochar Cuardaitheora
Poist, tabharfar liúntas oiliúna duit ar ráta a bheas cothrom le huasráta
Sochar Cuardaitheora Poist. Níl na liúntais oiliúna SDOG inchánaithe.
Má tá ceann eile de na híocaíochta leasa shóisialaigh cáilithe á fháil
agat, tabharfar íocaíocht duit a bheas cothrom leis an uasráta a ghabhann
leis an íocaíocht leasa shóisialaigh atá agat faoi láthair. Leanfaidh an
Roinn Coimirce Sóisialaí orthu á híoc sin leat maraon leis na
híocaíochtaí eile ar fad a bhíonn agat.
Ó 2010 níl daoine a fhaigheann liúntais SDOG ó thaobh cúrsaí CIAT i dteideal deontais tacaíochta do mhic léinn.
Níl aon táille ar na cúrsaí SDOG agus tabharfar leabhair agus ábhair duit in aisce i dtús an chúrsa. De réir mar atá do chuid cúinsí féin, tharlódh go mbeifeá i dteideal na nithe seo a leanas:
Tá mioneolas breise faoi na rátaí
íocaíochta dóibh siúd a bhíonn páirteach i SDOG le fáil ar shuíomh
idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tig leat páirt a ghlacadh i scéimeanna SDOG i gceann de na bealaí seo a leanas; seo é an rogha atá agat:
Tá liosta
ceisteanna a chuirtear go minic maidir leis na SDOG le fáil ar shuíomh
idirlín na SDOG.
Déan teagmháil le comhordaitheoir
SDOG san ionad SDOG atá agat féin go háitiúil le breis eolais a fháil
faoi na cúrsaí SDOG atá ar fáil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.