Ranganna oíche
Eolas
Bíodh go bhfuil tú ag lorg bealach sóisialta chun teanga a fhoghlaim nó go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht foirmeálta ar leith a bhaint amach, ba chóir go mbeadh do rogha féin le fáil agat as an réimse ranganna oíche atá ar fáil ar fud na tíre.
Bíonn ranganna oíche ar siúl i rith an téarma in Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), scoileanna, coláistí agus ollscoileanna ar fud na tíre. Bíonn cúrsaí difriúla ar fáil sna hionaid éagsúla agus mar sin is fiú go mór breathnú thart má tá ábhar ar leith a chuireann tú spéis ann.
Go ginearálta bíonn ort clárú cúpla seachtain sula dtosnaíonn an cúrsa. Bíonn clárú ar siúl go hiondúil timpeall lár mhí Meán Fómhair, arís i lár mí Eanáir, agus, sna hionaid ina mbíonn téarmaí samhradh, timpeall lár mhí Márta.
De ghnáth, fógraítear ranganna oíche san áit - mar shampla, do pháipéir áitiúil, ionad pobal, ionad sláinte, halla paróiste. Is féidir le do BOO, choláiste agus iarbhunscoil a thabhairt duit sonraí chúrsaí i d'áit agus dáta tosaithe.
Boird Oideachais agus Oiliúna
Ó 1 Iúil 2013, cuirfear Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO) in áit coistí gairmoideachais . Leanfaidh na BOO an uile sheirbhíse soláthartha ag na coistí gairmoideachais a sholáthar.
Rialacha
Ní bhíonn teastasaíocht ag baint le formhór ranganna oíche agus dá bharr seo, ní bhíonn aon cháilíochtaí foirmeálta ag teastáíl uait chun páirt a ghlacadh iontu. Má tá suim agat, áfach, páirt a ghlacadh i gcúrsa a bhfuil cáilíocht ar leith le fáil as, b'fhéidir go mbeadh ort cáilíocht nó taithí éigin a bheith agat roimh ré ionas go bhféadfaidh tú páirt a ghlacadh iontu. Téigh i dteagmháil le heagraithe cúrsaí roimh ré chun seiceáil an bhfuil aon cháilíocht acadúil nó gairmiúil is gá don chúrsa.
Sé an t-aon rud amháin a mbíonn gá leis i gcóir furmhór ranganna
oíche ná go n-íocfá an táille roimh ré.
Rátaí
Is iondúil go mbíonn ranganna oíche ag íoc astu féin agus mar sin
bainfidh costas do chúrsa go díreach le costas na hábhair a bheidh ag
teastáil uait dó. Dá bharr seo, is féidir difear an-mhór a bheith idir
costas na gcúrsaí éagsúla.
Conas Iarratas a dhéanamh
Bíonn oíche clárú ag an BOO go hiondúil áit a dtéann tú féin ann
chun clárú agus íoc as an gcúrsa roimh ré. Tá sonraí teagmhála an iomlán
BOOs in Éirinn anseo.
