Print Page Send to a Friend

Dualgais cúraim na múinteoirí

Eolas

Timpiste sa scoil

Má tharlaíonn timpiste do pháiste sa scoil, i gclós na scoile, ar an mbealach chuig an scoil, ar an mbus scoile nó ar thuras scoile d'fhéadfadh sé go nárdófaí ceist faoi cé acu an raibh an scoil nó na múinteoirí faillíoch nó nach raibh. B'fhéidir go chuimhneódh tuismitheoirí go mba cheart dóibh árachas a thógáil amach chun na costaisí a bheadh orthu de bharr a leithid de thimpistí a chlúdú, más rud é nach bhfuil an scoil ná na múinteoirí freagrach.

Níl freagra shímplí ar an gceist faoi cén uair a bhféadfadh scoil a bheith freagrach. Braitheann gach rud ar na cúinsí a bhaineann le gach cás ann féin.

Rialacha

Dualgas cúraim na múinteoirí

De réir na ndlíthe ginearálta a bhaineann le faillí, d'fhéadfadh go mbeadh duine faillíoch:

  • Má tá cúram air / uirthi i leith an duine atá gortaithe
  • Munar chomhlíon sé / sí an cúram sin go dtí an caighdeán dleathúil a bhí ag teastáil
  • Má d'fhulaing an duine dochar de bharr nár comhlíonadh an dualgas cúraim

I ngach cás, caithfear na cúinsí féin a scrúdú go géar len a fháil amach an bhfuil na gnéithe seo ag baint leo.

Is cinnte go bhfuil dualgas cúraim ar mhúinteoirí i leith scoláirí. Níl na ceisteanna seo a leanas chomh soiléir sin áfach: cén uair a dtosaíonn an dualgas, cá gcríochnaíonn sé agus céard iad na cásanna go díreach ina mbíonn sárú an dualgais i gceist.

Seo a leanas na prionsabail ghinearálta:

  • Caithfidh múinteoirí aire chiallmhar a thabhairt chun a chinntiú nach dtarlaíonn aon ghortú a mbeadh coinne leis, dá gcuid daltaí. Tá sé de dhualgas orthu na páistí a chosaint ar aon chontúirt gortaithe pearsanta nó díobháil a mbeadh coinne leo.
  • Sé an caighdeán cúraim a mbeifí ag súil leis ná an caighdeán a bheadh ag tuismitheoir stuama go leor. Braitheann an méid cúram ar chúinsí ar nós aois na scoláirí.
  • Caithfidh córas éifeachtach maoirseachta a bheith i bhfeidhm sa scoil.

Bíonn dualgas cúraim i gceist nuair a bhíonn daltaí ar áitreabh na scoile, i rith uaireanta oscailte na scoile. D'fhéadfadh go mbeadh sé i gceist chomh maith má bhíonn scoláirí i láthair taobh amuigh de na huaireanta oifigiúla, mar shampla má thagann siad go luath nó má fhanann siad deireanach agus gur aontaigh an múinteoir/scoil leis na daltaí a bheith i láthair.

Bíonn an dualgas cúraim céanna i gceist má dhéanann múinteoir maoirseacht go deonach ar pháistí.

Éilítear go gcleachtfadh múinteoirí deá chaighdeán agus cleachtais mholta. Bíonn níos mó maoirseachta ag teastáil le haghaidh ranganna agus imeachtaí contúirteach. Má tá gloiní cosanta agus éadaí cosanta curtha ar fáil le haghaidh imeachtaí éagsúla, tá sé de dhualgas ar an múinteoir a chinntiú go gcaitear iad.

Ní árachóirí iad na múinteoirí agus ní féidir leo a bheith freagrach as gach timpiste a thárlaíonn i rith uaireanta scoile. Glacann na cúirteanna leis go dtarlóidh roinnt timpistí, is cuma cé chomh maith agus a bhíonn an mhaoirseacht agus i gcásanna mar seo ní féidir a rá go bhfuil an múinteoir / scoil freagrach.

Árachas

Tá an Bord Bainistíochta freagrach go hionadach as faillí a chuid múinteoirí. Ciallaíonn sé sin go dtógtar cúis i gcoinne an Bhoird, i gcásanna mar seo.

Tá dualgas ar an mBord árachas cuimsitheach a bheith ar an scoil. Caithfidh an tárachas seo freagracht poiblí, faillí fóirne nó máchail ar an bhfoirgneamh a chlúdú. Caithfidh an polasaí a bheith ar fáil le scrúdú.

Tógann roinnt tuismitheoirí árachas amach chun a gcuid páistí a chlúdú in aghaidh timpistí ar scoil nach bhfuil an scoil freagrach astu. Molann cuid de na scoileanna do thuismitheoirí é seo a dhéanamh. Is rogha phearsanta amach is amach í seo. Tá fáil ag páistí ar na gnáth sheirbhísí sláinte má tharlaíonn gortú dóibh ar scoil.

Caighdeán Sábháilteachta i scoileanna

Tá dualgas ar scoileanna clóigh leis na gnáth rialacha sábháilteachta a bhaineann le foirgnimh phoiblí agus leis na rialacha coiteanta a bhaineann le sábháilteacht fostaithe i mbun oibre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 July 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.