Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Múinteoirí agus scoileanna > Scéim Timpeallachta na Scoileanna Glasa

Print Page Send to a Friend

Scéim Timpeallachta na Scoileanna Glasa

Eolas

Craobh na hÉireann den chlár agus scéim dámhnachta idirnáisiúnta oideachais timpeallachta ar a tugtar Eco-Scoileanna í Scoileanna Glasa. Tá sé dírithe ar eolas a thabhairt do mhic léinn ar cheisteanna timpeallachta agus forbairtí inmharthanachta tríd staidéar ranga. Is é an Fhondúireacht um Oideachas Timpeallachta atá ag riaradh Eco-Scoileanna, eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1981 le daoine a chur ar an eolas maidir le ceisteanna timpeallachta agus chun tionchar a bheith acu ar athrú tríd an oideachas.

Tá Scoileanna Glasa dhá rith ag An Taisce, eagraíocht neamhspléach, timpeallachta neamh-rialtais i gcomhair leis na húdaráis áitiúla in Éirinn. Cuireann an scéim bealach maith sonraithe, insmachtaithe ar fáil le ceisteanna timpeallachta atá sa churaclam a chur i bhfeidhm i reachtáil laethúil na scoile. Tugann an córas seo deis do mhic léinn tábhacht na gceisteanna timpeallachta a thuiscint agus a bheith dáiríre futhu ina saoil phearsanta agus baile.

Buntáistí na scéime Scoileanna Glasa

Cuidíonn an scéim Scoileanna Glasa le scoileanna:

  • Timpeallacht na scoile a fheabhsú
  • Brúscar agus dramhaíl a laghdú
  • Billí breosla a laghdú
  • Eolas timpeallachta a scaipeadh
  • An pobal áitiúil a bheith páirteach
  • Poiblíocht áitiúil a fháil
  • Naisc le scoileanna eile in Éirinn agus thar lear a chothú.

Eco-lipéad aitheanta a bhfuil meas air don oideachas agus obair thimpeallachta í Bratach Uaithne Eco-Scoileanna. Bronntar í ar scoileanna a bhaineann ard chumas amach ina gcláracha aonair. In Éirinn bronntar an damhachtain Scoileanna Glasa ar scoileanna a chuireann 7 gcéim an chláir i gcrích go sásúil. Bronntar Bratach Glas mar dhamhachtain na Scoileanna Glasa gur féidir a chrochadh taobh amuigh den scoil nó sa halla iontrála. Cuirfear teastas, lógó don pháipéar ceannteidil agus ábhar bolscaireachta eile ar fáil do bhuaiteoirí freisin.

Seacht gCéim i Scéim na Scoileanna Glasa

Is iad seo a leanas 7 gcéim an chláir Scoileanna Glasa:

  • Coiste Scoileanna Glasa: Díríonn an chéim seo rannpháirtíocht na scoile sa togra. Is fearr go mbeadh daltaí, múinteoirí, foireann nach múinteoirí iad, bainistíocht agus tuismitheoirí ar an gcoiste.
  • Athbhreithniú timpeallachta: Tá scrúdú ar thionchair thimpeallachta na scoile i gceist sa phróiséas seo ar mhaithe le spriocanna gníomhaíochta agus feabhais a aimsiú.
  • Plean gníomhaíochta: Spriocanna faoi leith gur féidir a bhaint amach a leagan síos atá i gceist sa chéim seo chomh maith le dátaí ina mbeidh na cuspóirí bainte amach.
  • Monatóireacht agus measúnú: Déantar cinnte sa chéim seo go bhfuil monatóireacht déanta ar an dul chun cinn le sprioc a bhaint amach, go bhfuil leasuithe déanta nuair is gá agus go ndéantar an obair rathúil a cheiliúradh.
  • Obair churaclaim: Ábhair churaclaim a sholáthar atá i gceist anseo le smaointe a thabhairt conas ceisteanna timpeallachta a thabhairt isteach mar chuid de na ceachtanna ranga.
  • Eolas agus rannpháirtíocht: Clár bolscaireachta a fhorbairt atá i gceist anseo ina mbíonn an scoil agus an pobal ar fad rannpháirteach le taispeántais, tionóil agus clúdach ó na meáin chumarsáide. Bíonn an scoil ar fad páirteach i Lá Gníomhaíochta chomh maith leis an bpobal áitiúil le spriocanna na scoile a bhaint amach.
  • Cód Glas: Ráiteas é seo go bhfuil an scoil dírithe ar deaiompar timpeallachta a chur i bhfeidhm.

Tar éis tréimhse rannpháirtíochta, déantar measúnú ar chonas ar éirí leis na céimeanna seo chomh maith le cur i bhfeidhm na scoile agus an clár iomlán Scoileanna Glasa do gach scoil. Bronntar ansin Bratach Glas Eco-Scoileanna ar na scoileanna ar éirigh leo an scéim a chur i gcrích.

Rialacha

Ní mór damhachtain Scoileanna Glasa a athnuachan gach 2 bhliain.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá eolas don scoileanna faoi clarú sa scéim ar an suíomh gréasáin Scoileanna Glasa.

Cuireann An Taisce ábhair thacaíochta ar fáil do gach scoil a chláraíonn don chlár Scoileanna Glasa.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig na Scoileanna Glasa

Aonad Oideachais Chomhshaoil
An Taisce
Unit 5A
Swift’s Alley
Francis Street
Dublin 8
Ireland

Teil:+353 (0)1 400 2222
Facs:+353 (0)1 400 2285
Láithreán Gréasáin: http://www.greenschoolsireland.org
R-phost: greenschools@antaisce.org

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cigireacht ar scoileanna
    Tá Foireann Chigireachta na Scoileanna, mar chuid den Roinn Oideachais agus Scileanna, freagrach as cigireacht agus measúnú a dhéanamh ar na scoileanna Stáit go léir.
  • Tránna agus Poirt le Bratach Ghorm in Éirinn
    Dámhachtain idirnáisiúnta í an Bhratach Ghorm a bhronntar ar thránna agus ar phoirt a léiríonn caighdeáin mhaithe timpeallachta agus áiseanna maithe sláintíochta agus sábháilteachta.
  • An curaclam sna bunscoileanna
    Achoimre ar an gcuraclam bunscoile, ag cur san áireamh aidhmeanna, struchtúr agus ábhar.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.