Cineálacha bunscoileanna

Eolas

Is féidir le páistí atá ag tosú scoile freastail ar bhunscoileanna atá ag fáil deontaisí Stáit agus nach mbaineann amach táillí, nó is féidir leo freastal ar cheann d'uimhir bheag bunscoileanna príobháideacha nach bhfaigheann aon airgead Stáit ach a bhaineann amach táillí.

Bíonn na rialacha tinrimh scoile i bhfeidhm ó aois a 6. De ghnáth, bíonn beagnach gach páiste chúig bhliana d'aois ag freastal ar scoil agus bíonn timpeall leath na páistí cheithre bliana d'aois, ag freastal ar scoil freisin. Ní féidir páiste a chlár i mbunscoil faoi aois a 4.

Tá roinnt áiseanna luathoideachais agus réamhscoilear fáil ach tá siad príobháideach den chuid is mó agus tá táillí le n-íoc orthu. Maoiníonn an Stát bliain amháin réamhscolaíochta saor in aisce, áfach, tríd an Sceím Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (COLÓ). Tá roinnt áiseanna réamhscoile atá ag fáil deontas Stáit do pháistí faoi mhíbhuntáiste den chuid is mó nó dóibh siúd go bhfuil riachtanais speisiálta acu.

córas rialacháin ann d'áiseanna réamhscoile faoin Acht Cúram Leanaí 1991.

Scoileanna náisiúnta/bunscoileanna

Bunaíodh córas na scoile náisiúnta i 1831. Bhí na scoileanna náisiúnta ceaptha a bheith ag freastal ar pháistí reiligiún measctha ar dtús nó ilchreidmheach mar a déarfaimis inniu. Ní mar sin a thárla agus in dáiríre tá formhór na scoileanna náisiúnta faoi bhainistíocht eaglaise amháin. Tá scoileanna ilchreidmheacha á riaradh ag Educate Together, áfach.

Nuair a bunaíodh na scoileanna náisiúnta ar dtús, ní raibh aon achtú ann ag rialú an chaoi a stiúrfaí iad. Tháinig rialacha agus imlitreacha ón Roinn in ionad sin. Taispeánann Rialacha do Scoileanna Náisiúnta gur scoileanna ilchreidmheach iad den chuid is mó.

Ní úsáideann an tAcht Oideachais 1998 an téarma 'scoil náisiúnta' ach 'bunscoil'. Ní dhéanann an t-ainm mórán difríochta ach go dtuigtear go bhfuil deontas Stáit ann do scoil náisiúnta agus gur féidir le bunscoil a bheith príobháideach nó deontas Stáit a bheith aici. Úsáidtear na cinnlitreacha seo leanas go minic le cur síos orthu

NS (SN) - Scoil Náisiúnta

GNS (SNC) – Scoil Náisiúnta Cailíní

BNS (SNB) – Scoil Náisiúnta Buachaillí

SN – Scoil Náisiúnta (roimh an ainm)

Úsáideann roinnt scoileanna an leagan Ghaeilge dá nainm ach ní chiallaíonn sé sin go múintear tré mheán na Gaeilge iontu. Is scoileanna náisiúnta iad Gaelscoileanna a mhúineann tré Ghaeilge, agus de ghnáth ach ní i gcónaí, bíonn Gaelscoil ina dteideal. Úsáideann scoileanna ilchreidmheachaan téarma sin uaireanta ina dteideal féin.

Bíonn roinnt bunscoileanna stiúrtha ag oird eaglasta – glaotar scoileanna clochair nó mainistreach orthu uaireanta. Oibríonn siad faoi na rialacha céanna le scoileanna náisiúnta eile, ach go bhfuil roinnt rialacha speisialta maidir le ainmiúchán na bpríomhoidí agus an rogha múinteoirí ar an mBord Bainistíochta.

Liosta de Bunscoileanna foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá roinnt scoileanna speisiálta ann – ag tógáil san áireamh aonaid cúram cónaitheach agus scoileanna do pháistí le míchumas, ógchiontóirí, páistí i mbaol, páistí le míchumas foghlamtha áirithe agus páistí le suaitheadh sochorraitheach

úinéireacht na mbunscoileanna casta go leor. Go ginearálta tá siad in úinéireacht phríobháideach agus iad maoinithe ag an Stát. Cé go ndéanann na húinéirí socrú ar mheoin na scoile, bíonn na rialacha stiúrtha leagtha síos ag an Stát den chuid is mó.

Cuireadh Fóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile ar bun i 2011 chun a mheas conas na struchtúir phátrúnachta bunscoile a athchóiriú chun aird a thabhairt ar athruithe sa tsochaí. Foilsíodh a thuarascáil an 10 Aibreán 2012.

Bunscoileanna phríobháideacha

Ní fhaigheann bunscoileanna phríobháideacha aon chabhair Stáit agus níl siad faoi cheannas Stáit maidir leis an gcúrsa léinn, an lá scoile, scoilbhliain & rl. Tá roinnt bheag measúnú stáit ar scoileanna phríobháideacha mar gheall go bhfuil orthu déanamh cinnte de go bhfaigheann páistí méid áirithe oideachais.

Ní íocann an Stát múinteoirí i mbunscoileanna phríobháideacha agus níl aon choinníollacha maidir lena gcáilíochtaí.

Cuireann go leor bunscoileanna príobháideacha an cúrsa léinn bunúsach mar atá leagtha síos do scoileanna náisiúnta ar fáil ach ní gá dóibh seo a dhéanamh.

Ag roghnú scoile.

ceart bunreachtúil ag tuismitheoirí an cineál scoile atá siad ag iarraidh dá bpáistí a roghnú agus tá ceart acu oideachas a chur ar na páistí sa mbaile má's mian leo.

Níl gá do scoileanna aon chineál scoláire a chlárú. Tá iachall ar scoileanna a bpolasaí cláraithe a fhoilsiú.

Tá scoileanna faoin Reachtú stadais Comhionannais agus na coinníollacha bunreachtúla maidir le reiligiún.

Beartas i leith iontrálacha

Ní mór do gach bunscoil plean scoile a fhoilsiú ina bhfuil cur síos ar éiteas, beartas i leith iontrálacha agus cuspóirí na scoile.

Bíonn beartas formhór na mbunscoileanna i leith iontrálacha soiléir go leor - tugann siad tús áite do leanaí óna limistéir féin, agus i gcás scoileanna sanchreideamhacha is é an paróiste áitiúil an limistéar sin. Is féidir fadhbanna maidir le hiontrálacha a bheith i limistéir atá ag fás nuair nach féidir leis an scoil déileáil le líon breise páistí nua. Má bhíonn fadhb cóiríochta ann ní mór don scoil tosaíocht a thabhairt do leanaí ar bhunús a beartas i leith iontrálacha. Uaireanta tugtar beartas rollaithe air seo. Is é an bord bainistíochta a dhréachtann é agus ba chóir go bhféadfá é a fháil ach é a iarraidh.

De ghnáth tugann scoileanna atá á reáchtáil ag creidimh mhionlaigh tús áite do leanaí a bhfuil an creideamh céanna acu. I gcás scoileanna ilchreideamhacha, scoileanna neamh-shainchreidmheacha agus Gaelscoileanna is í an scoil féin a cheapann a beartas i leith iontrálacha. Caithfidh an beartas i leith iontrálacha géilleadh d’Alt 7 den Acht um Stádas Comhionann 2000.

Má dhiúltaíonn scoil do leanbhsa a chur ar an rolla féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an mbord bainistíochta faoin gcinneadh. Má theipeann air seo féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi seo i gCiorclán 22/02 Nósanna Imeachta faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 agus sa doiciméad faoi nósanna imeachta achomharc a d’eisigh an Roinn.

D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh gá do thuismitheoirí fios a bheith acu agus iad ag roghnú bunscoile faoi bheartais na meánscoileanna i leith iontrálacha. Tá roinnt meánscoileanna ann a thugann tús áite do dhaltaí ó bhunscoileanna áirithe.

Page edited: 4 February 2014