Is féidir le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith i ngnáthranganna i mbunscoileanna den phríomhshruth nó i ranganna speisialta sna scoileanna seo. Is féidir leo tacaíocht oideachasúil bhreise a fháil ó mhúinteoirí tacaíochta foghlamtha agus ó mhúinteoirí acmhainne agus tacaíocht cúraim ó chúntóirí riachtanas speisialta (SNAs).
D’fhoilsíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta bileog fhaisnéise do thuismitheoirí, Children with Special Educational Needs (pdf).
Bíonn seirbhís mhúinteoirí tacaíochta foghlamtha ar fáil go ginearálta do gach bunscoil agus tá Treoirlínte Tacaíochta Foghlama (pdf) curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Míníonn na treoirlínte seo aidhmeanna agus gníomhaíochtaí cláir thacaíochta foghlama. Cuimsíonn siad na modhanna oibre le haghaidh leanaí a mbeidh deacracht acu le léamh agus matamatic, deacrachtaí foghlama nó riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil teagasc breise de dhíth orthu a aithint agus a roghnú. Is iad na múinteoirí tacaíochta foghlamtha a chuireann an teagasc breise seo ar fáil – féach ‘Cionroinnt ghinearálta’ thíos. Tá seirbhís múinteoir tacaíocht foghlama ar fáil go ginearálta don uile bhunscoileanna.
Ní tharlaíonn aon mheasúnú síceolaíoch breise go dtí go bhfuil iarracht déanta ag an múinteoir tacaíochta foghlama agus an múinteoir ranga dul i ngleic le fadhbanna an linbh. B’fhéidir go bhféadfadh an Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais measúnú síceolaíoch a dhéanamh ar leanaí a mbíonn deacrachtaí acu fós ag déileáil leis an gcuraclam agus b’fhéidir go mbeidís incháilithe do thacaíocht múinteora acmhainne.
Tá ciorclán eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, Sp Ed 02/05 a leagann amach go mionchruinn conas a eagraítear acmhainní teagaisc do leanaí a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu i mbunscoileanna príomhshrutha. Tugann ciorclán 0030/2011 agus ciorclán 0037/2011 breac-chuntas ar shocruithe le haghaidh cionroinnt phoist múinteoirí tacaíochta foghlama agus múinteoirí acmhainní 2011/2012.
Faigheann bunscoileanna cionroinnt ghinearálta chun freastal ar riachtanais leanaí a bhfuil riachtanais speisialta 'ardmhinicíochta' acu. Is féidir le rudaí áirithe a bheith i gceist leis seo – disléicse agus riachtanais tacaíochta foghlama, mar shampla. Ceaptar múinteoirí tacaíochta foghlama/múinteoirí acmhainní chun tacaíocht a sholáthair faoin chionroinnt ghinearálta d’acmhainní breise teagaisc chun cuidiú le scoileanna soláthar cuí a dhéanamh le haghaidh:
* Cuimsíonn deacrachtaí foghlama daltaí a bhfuil miondeacrachtaí cainte agus teanga acu, miondeacrachtaí sóisialta nó mothúchánacha agus miondeacrachtaí comhordaithe nó deacrachtaí rialaithe airde atá ceangailte le riochtaí aitheanta cosúil le diospraicse, neamhord easnaimh airde (ADD), neamhord hipirghníomhaíochta easnamh airde (ADHD). Faigheann na daltaí a bhfuil na riochtaí seo orthu agus a measúnadh a bheith sa chatagóir íosmhinicíochta le tacaíocht aonair a fháil.
Cinneann gach scoil conas a úsáidtear na hacmhainní don tacaíocht ardmhinicíochta agus conas a roinntear iad idir na daltaí a bhfuil tacaíocht dá leithéid de dhíth orthu. Is féidir an teagasc breise a chur ar fáil sa seomra ranga nó i ngrúpaí beaga ar leith. B’fhéidir go mbeadh teagasc breise duine le duine de dhíth ar roinnt daltaí ar feadh tréimhse shainráite.
Caithfidh an scoil iarratas aonair a dhéanamh ar uaireanta teagaisc acmhainne do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta íosmhinicíochta nó nach dtarlaíonn de ghnáth, acu. Cuimsíonn siad lagú éisteachta, laige radhairc, míchumais foghlama ginearálta meánach nó mí-oird den speictream uathachais. Déanann an scoil an t-iarratas seo chuig an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) tríd an ghréasán fhorleitheadach Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (SENOs). Tá treoirlínte do scoileanna faoi iarratais ar acmhainní do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu eisithe ag an CNOS. Soláthraíonn múinteoirí acmhainní breise tacaíocht aonair do dhaltaí a bhfuil míchumas íosmhinicíochta acu. Leagann na ciorcláin síos na rialacha le haghaidh na gcáilíochtaí agus earcaíochta de na múinteoirí seo.
Tá ranganna speisialta do leanaí a bhfuil sain-neamhordaithe cainte agus teanga orthu ceangailte le bunscoileanna den phríomhshruth. B’fhéidir go mbeadh daltaí a chomhlíonann critéir shainiúla incháilithe do ranganna den chineál sin. Leagann ciorclán na Roinne Oideachais agus Scileanna 0038/2007 amach na Critéir le haghaidh Cláraithe i Ranganna Speisialta do Dhaltaí le Sain-neamhoird Cainte agus Teanga.
Is féidir le scoileanna iarratais a dhéanamh chuig an Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais chun na ranganna a bhunú. Caithfidh scoileanna ar a laghad 5 dhalta incháilithe a bheith acu d’fhonn rang a choinneáil. Sanntar múinteoir lánaimseartha do gach rang speisialta agus is é an cóimheas daltaí le múinteoir ná 7:1. Is féidir le daltaí incháilithe suas le 2 bhliain a chaitheamh i rang speisialta. Íoctar deontas caipitíochta méadaithe maidir le gach dalta atá cláraithe sna ranganna seo.
Maoiníonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte soláthar seirbhísí teiripe cainte agus teanga.
Má tá rang den chineál seo ann agus áiteanna saora ann, b’fhéidir go dtairgeofaí na háiteanna seo d’uasmhéid de 2 dhalta nach gcomhlíonann na critéir incháilithe ach a bhainfeadh tairbhe as a bheith cláraithe sa rang. Caithfidh sé seo a bheith tacaithe ag moladh ó theiripeoir cainte agus teanga agus/nó ó shíceolaí.
Go ginearálta, tá leanbh atá incháilithe do shocrúchán i rang speisialta incháilithe chomh maith do iompar saor chuig an rang is cóngaraí dóibh.
Tá daltaí a chomhlíonann na critéir do ranganna ach nach bhfuil rang speisialta ar fáil dóibh incháilithe do thacaíocht bhreise teagaisc. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an tacaíocht seo leis an SENO – féach 'Conas a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
B’fhéidir go mbeadh daltaí a bhfuil miondeacrachtaí cainte agus teanga acu incháilithe do thacaíocht teagaisc ó chionroinnt ghinearálta acmhainní teagaisc na scoile mar a chuirtear síos thuas.
Is féidir le leanaí ar speictream an uathachais úsáid a bhaint as oideachas riachtanas speisialta ar an dóigh chéanna le leanaí eile a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá forálacha sainiúla eile ann dóibh.
Tá roinnt ranganna speisialta ann do leanaí a bhfuil uathachas orthu atá ceangailte le scoileanna speisialta agus príomhshrutha chomh maith le ranganna speisialta éagsúla do leanaí a bhfuil Siondróm Asperger orthu.
Tá 56 rang luath-idirghabhála atá ceangailte le bunscoileanna do leanaí aois réamscoile atá ar speictream an uathachais
Cuireann an Clár Teagaisc Bhaile maoiniú ar fáil chun oideachas ar fáil sa bhaile do leanaí réamhscoile ar speictream an uathachais a bhfuil luath-idirghabháil ag teastáil uathu. Tá deontas 10 n-uaire oideachais sa bhaile sa tseachtain do leanaí ó 2½ go 3 bliana d'aois agus 20 uair sa tseachtain do leanaí os cionn 3 bliana d'aois. Má tá áit sa scoil nó luathoideachas ar fáil don leanbh, ní bheidh aon mhaoine soláthartha.
Tá 13 áis neamhspleácha a sholáthraíonn modheolaíocht shainiúil d’anailís fheidhmeach iompraíochta (ABA). D’aithníodh na háiseanna seo mar scoileanna speisialta i 2010.
Tá 4 scoil speisialta agus 23 rang speisialta ceangailte le gnáth-bhunscoileanna a thugann tacaíocht shainiúil do riachtanais leanaí a bhfuil disléicse orthu. Tá cóimheas laghdaithe daltaí le múinteoir de 9:1 agus leibhéal ardaithe de dheontas caipitíochta.
Tá 3 scoil speisialta ann agus 10 rang speisialta do leanaí a bhfuil lagú éisteachta orthu ceangailte le scoileanna príomhshrutha. Tá cóimheas daltaí le múinteoir de 7:1 sna ranganna speisialta seo. Tá teanntaíocht mhéadaithe agus cúnamh deontais ann le haghaidh trealaimh speisialta.
Tá Scéim Tacaíochta Teanga Chomharthaíochta na hÉireann teagaisc bhaile seachtainiúil do leanaí bodhra réamhscoile agus do leanaí bodhara a théann ar scoil d’fhonn oiliúint a chur ar fáil do na leanaí seo, dá siblíní agus dá dtuismitheoirí i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Cuireann an Clár Teagaisc Bhaile maoiniú ar fáil chun oideachas a chur ar fáil sa bhaile do leanaí nach bhfuil (ar réimse cúiseanna amhail tinneas ainsealach) in ann freastal ar scoil. Tá an scéim ar fáil do leanaí atá ag fanacht le socrúchán oiriúnach oideachasúil atá luath-idirghabhála ag teastáil uathu.
Déanann ciorclán na Roinne 0050/10 (pdf) cur síos ar an gClár Teagaisc Bhaile.
Is socrú maoinithe é Clár Oideachais Iúil chun oideachas riachtanas speisialta a chur ar fáil i mí Iúil. Is féidir le scoileanna speisialta agus scoileanna den phríomhshruth a bhfuil ranganna speisialta acu ag freastal ar leanaí a bhfuil uathachas orthu a roghnú a seirbhísí oideachais a shíneadhi rith mhí Iúil. Tá Clár Iúil ar fáil chomh maith do leanaí a bhfuil míchumas tromchúiseach/domhain foghlama orthu. Clúdaíonn an maoiniú iompar agus seirbhísí coimhdirí do na leanaí.
Tá tuilleadh eolais agus liosta ceisteanna coitianta ar Chlár Oideachais Iúil ar fáil sa suíomh gréasáin na Ranna Oideachais agus Scileanna.
Mura bhfuil scoileanna páirteach sa Chlár Oideachais Iúil, tairgtear teagasc baile mar mhalairt do na daltaí a bheadh ag freastal ar scoileanna den chineál sin de ghnáth.
Cuireann an tseirbhís múinteora cuartaíochta seirbhís teagaisc agus tacaíochta ar fáil do leanaí a bhfuil deacrachtaí acu de thoradh deacrachtaí éisteachta nó lagú radhairc.
Tá cúntóirí riachtanas speisialta (SNAanna) leithdháilte do scoileanna chun oibriú le leanaí a bhfuil riachtanais chúraim speisialta acu. Soláthraíonn siad tacaíocht cúraim neamhtheagaisc. Tugann SNAanna tacaíocht do dhaltaí a bhfuil riachtanais chúraim acu de thoradh mhíchumas, deacrachtaí iompair nó ceist leighis suntasach. D’fhéadfadh sé seo lagú suntasach d’fheidhm fhisiceach nó chéadfach a chuimsiú nó an cás ina mbeidís ina gcontúirt dóibh féin nó do dhaltaí eile de thoradh a n-iompraíochta. Tugtar bhreac-chuntas ar na critéir a úsáidtear chun an riachtanas do thacaíocht de sórt sin a mheas sa Ciorclán 07/02 na Roinne Oideachais agus Scileanna (pdf). D’fhéadfadh riachtanais na ndaltaí a bheith an-éagsúil – cúntóir a bheith de dhíth orthu ar feadh tréimhse ghairid gach seachtain i gcás amháin (mar shampla, chun iad a chothú nó a gcuid éadaigh a aistriú nó iad a thabhairt chun an leithris) nó cúntóir lánaimseartha a bheith de dhíth orthu i gcás eile.
Is féidir le SNAnna a bheith ag obair le níos mó ná leanbh amháin agus is féidir leo obair ar bhonn páirtaimseartha chomh maith ag brath ar riachtanais na scoile.
D’fhoilsíodh an Roinn Oideachais agus Scileanna Athbhreithniú Luach ar Airgead um Chaiteachas ar Scéim SNA (pdf).
Má tá riachtanais speisialta oideachais ag do leanbh, ba cheart caint leis an príomhoide scoile faoin oideachas oiriúnach le riachtanais speisialta do linbh. Is féidir leat plé a dhéanamh le d'Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais faoi na tacaíochtaí fhoglama nó acmhainní breise atá ar fáil.
Ba cheart do scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) a dhéanann riarachán agus a phróiseálann iarratais ar acmhainní oideachais speisialta ag úsáid a ghréasán d’Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (SENOs).
Tá foirmeacha iarratais d’acmhainní speisialta oideachais agus liosta d’Eagraith Riachtanas Speisialta Oideachais ar fáil ar shuíomh gréasáin an CNOS
Tá foirmeacha iarratais don Chlár Teagaisc Bhaile 2011 agus don Deontas Teagaisc Bhaile Teanga Chomharthaíochta Éireannach ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Tá foirmeacha iarratais
agus éilimh
don Chlár Oideachais Iúil ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.
1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim,
An Mhí
Éire
Teil:+353 (0)46 948 6400
Facs:+353 (0)46 948 6404
Láithreán Gréasáin: http://www.ncse.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.