Soláthraíonn an scéim iompar scoileanna iompar do leanaí a bhfuil cónaí orthuníos mó ná 3.2 km óna mbunscoil áitiúil. Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Rinne an Roinn Athbhreithniú Luacháil ar Airgead le gairid ar an scéim.
D' athraíodh rialacha don scéim iompar bunscoile le héifeacht ón scoilbhliain 2011/2012. Is iad na príomhathruithe na gcóras uasdátaithe ná:
Chun cáiliú d’iompar scoile, caithfidh an leanbh a bheith idir 4 agus 12 bliain d’aois a bhfuil cónaí air níos mó ná 3.2 km ón scoil náisiúnta oiriúnach is gaire.
Ta leanaí le riachtanais speisialta incháilithe freisin do shaoriompar chuig agus ó scoileanna agus ranganna speisialta.
Ma tá suíocháin spártha ar fáil, is féidir leanaí nach bhfuil cáilithe a iompar ar iompar scoile.
Cinneann an Roinn Oideachais agus Scileanna an scoil oiriúnach is gaire. Má tá leanbh ag freastal ar scoil a bhfuil níos mó ná múinteoir amháin inti, agus tá scoil aon-mhúinteoir níos gaire don bhaile, ní dhícháilíonn an fhíric seo an leanbh as an scéim iompar scoile a úsáid.
Tá leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna ilchreidmheacha nó Gaelscoileanna (scoileanna labhartha Gaeilge) incháilithe má chomhlíonann siad ceanglais fhaid dá scoil. Níl siad dícháilithe mar gheall go bhfuil scoil náisiúnta eile níos gaire dóibh. Tá socruithe speisialta ann freisin do leanaí Protastúnacha a fhreastalaíonn ar scoileanna Protastúnacha agus leanaí a bhfuil cónaí orthu i gciancheantair.
Ní seirbhís doras-go-doras atá sa scéim. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as a leanaí a thabhairt chuig an bpointe tógála is gaire chun teacht a bheith acu ar an tseirbhís. Go ginearálta, pleanáiltear bealaí sa chaoi nach bhfuil ar dhaltaí taisteal níos mó na 2.4km chuig a bpointe tógála is gaire.
Mura bhfuil seirbhís iompar scoile ar fáil, d’fhéadfaí go bhfaigheadh tú deontas chuig costais iompar príomhaideach do leanbh nach bhfuil in ann teacht ar scoil gan iompar mar gheall ar thinneas nó ar mhíchumas.
Caithfidh go mbeidh dóthain leanaí chun an tseirbhís a úsáid. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh go mbeidh meán laethúil (thar théarma scoile) de ar a laghad 10 leanbh incháilithe incháilithe i limistéir leithleach ag freastal ar a scoil oiriúnach is gaire.
An scoilbhliain 2011/2012:
Le héifeacht ón scoilbhliain 2011/2012 tháinig na rialacha nua a leanas i bhfeidhm:
An scoilbhliain 2012/2013:
Le héifeacht ón scoilbhliain 2012/2013, scoirfear incháilitheacht bunaithe ar an RLSD do gach dalta ag dul isteach sna scoileanna naisiúnta. D’fhéadfaí go gciallódh sé seo anois áit a bhfuil scoil oscailte níos gaire ná an scoil chonasctha, go mbeadh incháilitheacht iompar scoile ag siblíní i dteaghlaigh ar leith chuig scoileanna difriúla ón scoilbhliain 2012/2013 ar aghaidh.
Foilsíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna eolas sonrach ar na conníollacha atá ag rialú an scéim iompar bunscoile.
Foilsíonn an Roinn Iompair comhairle do thuismitheoirí i ndáil le hoibreoirí bus agus tacsaí údaraithe (pdf).
Íocann an Roinn deontais d’áiteanna iargúlta mar ranníocaíocht i dtreo socruithe iompair do dhaltaí incháilithe nach bhfuil seirbhís iompair ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc, freisin, do dhaltaí incháilithe a chónaíonn 3.2 ciliméadar nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire d’iompar scoile.
An scoilbhliain 2012/2013:
Leanaí incháilithe d’iompar scoile
Suas go dtí agus ag áireamh na scoilbhliana 2010/2011, tá an scéim iompar bunscoile saor in aisce do leanaí a cháilíonn don scéim.
Tá muirir €100 sa bhliain do gach leanbh incháilithe, le huasmhéid €220 do gach teaghlach a úsáideann an scéim iompar bunscoile amháin. Do theaghlaigh a bhful leanaí incháilithe acu a bhaineann úsáid as an scéim iompar iarbhunscoile, gearrfar uasmhéid de €650 in aghaidh an teaghlaigh in aghaidh na bliana.
Ní bheidh ar leanaí incháilithe a bhfuil cárta leighis acu an muirir a íoc.
Leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile
Má tá suíocháin spártha ar fáil, beidh leanbh nach bhfuil incháilithe in ann iompar scoile a úsáid ag muirir €100 in aghaidh na bliana. Is é an t-uasmhéid bliantúil do theaghlach ná €220.
Caithfidh leanaí a bhfuil cárta leighis acu, ach nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile, an muirir seo a íoc fós.
Íocaíocht an mhuirir
De ghnáth, tá an muirear dlite a bheith íoctha ina iomláine roimh dheireadh Iúil nó i 2 thráthchuid roimh dheireadh Iúil agus go luath i mí an Nollaig.
D’fhiosrúcháin faoi thráthchláir, pointí tógála, bealaí agus iarratais ar dheontais iompair, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’ oifig iompar scoile Bus Éireann.
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn go díreach leis an Rannóg Iompair Scoile na Roinne Oideachais agus Scileanna ag an seoladh thíos.
Más mian leat cinneadh a achomharc ar d’iarratas ar iompar scoile, ba cheart duit an fhoirm achomhairc a íoslódáil agus an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig an mBord Achomhairc Iompair (pdf) f/c an Roinn Oideachais agus Scileanna ag an seoaldh thíos.
An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire
Teil:+353 (0)57 932 5466/7
Facs:+353 (0)57 932 5477
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.