Tosú ar scoil

Réamhra

Tosaíonn formhór na bpáistí in Éirinn a gcuid oideachais chéad leibhéal i mbunscoileanna (ar a dtugtar scoileanna náisiúnta freisin) agus iad 4 nó 5 bliana d’aois. Go dlíthiúil, is féidir leanaí a chlárú sa bhunscoil ó 4 bliana d’aois ar aghaidh agus ní mór dóibh a bheith tosaithe ar a n-oideachas foirmiúil faoi 6 bliana d’aois. Tá timthriall na bunscoile 8 mbliana ar fad. Go ginearálta bíonn 2 bhliain de ranganna naíonán ag scoileanna, agus rang 1 go rang 6 ina dhiaidh sin.

Tá cineálacha éagsúla bunscoileanna san earnáil bhunoideachais. Orthu sin tá scoileanna sainchreidmheacha, scoileanna ilchreidmheacha, scoileanna Ghaeilge (dá ngairtear Gaelscoileanna) agus scoileanna speisialta. Chomh maith leo sin tá bunscoileanna príobháideacha ann nach bhfaigheann aon mhaoiniú ón Rialtas. Tá an t-oideachas i mbunscoileanna Stáit saor in aisce. Íocann an Rialtas costaisí caipitil agus costaisí reatha na mbunscoileanna, agus tuarastal na múinteoirí san áireamh, le beagán cúnaimh ó shíntiúis áitiúla.

Do pháiste a chur ar rolla bunscoile

Is féidir leat do pháiste a chur chuig an bunscoil a roghnaíonn tú, má tá áit inti. Má tá fadhb chóiríochta, caithfidh an scoil tosaíocht a chur i bhfeidhm de réir an pholasaithe cláraithe atá acu. Cuireann an bord bainistíochta an polasaí seo le chéile agus ba cheart go mbeadh sé ar fáil duit ach é a iarraidh. Tá tuilleadh eolais faoi chineálacha éagsúla bunscoileanna agus na polasaithe cláraithe ar fáil anseo.

Chun do pháiste a chur ar an rolla, ba cheart duit ar dtús liosta na scoileanna i do cheantar a sheiceáil. Ansin, ba cheart duit dul i dteagmháil le do rogha scoile chun a fháil amach an bhfuil áit ar fáil. D’fhéadfadh an scoil atá roghnaithe agat do pháiste a chur ar liosta feithimh nó b’fhéidir go mbeidh ort dul i dteagmháil le scoileanna eile chun áit a fháil.

De gnáth, is féidir le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith i ngnáthranganna i mbunscoileanna.

Do pháiste ar scoil

Is é 5 uaire agus 40 nóiméad fad an lae scoile i mbunscoileanna na hÉireann. Áirítear leis seo am chomhthionóil, glaoch an rolla agus na sosanna a bhíonn ann thart faoi 11.00 r.n. agus 12.30 i.n. Féadfaidh bunscoileanna laghdú uair an chloig a dhéanamh ar an lá scoile le haghaidh leanaí ina gcéad dhá bhliain sa scoil (ar a dtugtar na leanaí sóisearacha agus na leanaí sinsearacha de ghnáth) agus le linn a dtríú bliana ar scoil (ar a dtugtar an chéad rang de ghnáth). Féadfaidh tú Ciorclán na Roinne Oideachais 11/95 Am ar Scoil (Bunscoil) (pdf) a léamh anseo.

Caithfidh bunscoileanna a bheith ar oscailt ar feadh 183 lá san iomlán gach scoilbhliain. Caithfidh na scoileanna go léir dúnadh i rith mí Iúil agus mí Lúnasa. Bíonn saoire caighdeánaithe na Nollag, na Cásca agus meántéarma sna bunscoileanna agus sna scoileanna iarbhunoideachais araon.

Cé nach gá go gcaithfeadh daltaí éide scoile sna bunscoileanna, tá sé beartaithe ag a lán scoileanna, (i gcomhar leis na tuismitheoirí) a leithéid d’éide a bheith acu. Cuir ceist ar do scoil faoin mbeartas atá acu faoi. Is féidir Ciorclán na Roinne Oideachais faoi mheáchan málaí scoile a léamh.

Is é nó í an príomhoide atá freagrach as an scoil a reáchtáil. Tá múinteoir ranga ag gach rang a mhúineann gach ábhar dóibh. Bíonn breis agus rang amháin ag múinteoirí i gcuid de na scoileanna beaga. D’fhéadfadh múinteoirí eile a bheith sa scoil, mar múinteoirí tacaíochta teanga le cabhrú le daltaí Béarla a fhoghlaim nó múinteoir tacaíochta foghlama le cabhrú le leanaí a bhfuil deacrachtaí acu leis an gcuraclam. Ceapann scoileanna a mbeartais féin i leith obair bhaile.

Is i rang na leanaí sóisearacha a bhíonn na leanaí a thosaíonn ar scoil don chéad uair. Déanfaidh an príomhoide agus tú féin agus an múinteoir ranga cinneadh faoin rang ina mbeidh do leanbh má bhí sé nó sí ag freastal ar scoil cheana. Is ar chúiseanna oideachasúla agus i gcásanna speisialta amháin a cheadaítear do leanaí cúrsa bliana a athdhéanamh. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil i gCiorclán na Roinne Oideachais 32/03 Daltaí a Choinneáil sa Ghrád Céanna i mBunscoileanna (pdf).

De réir an Achta Oideachais 1998 ní mór don scoil tuarascálacha a chur ar fáil faoi gach leanbh agus caithfidh an scoil ligean do thuismitheoirí rochtain a fháil ar thaifead scoile a gcuid leanaí. De ghnáth, eagraíonn scoileanna cruinnithe idir mhúinteoirí agus tuismitheoirí i rith na bliana. Féadfaidh tú socrú a dhéanamh aon uair i rith na bliana labhairt leis an múinteoir ranga má tá imní ort faoi dhul chun cinn do linbh.

Fadhbanna a réiteach

Má tá fadhb ag do pháiste nach féidir leat í a réiteach, is féidir leat socrú a dhéanamh labhairt leis an múinteoir ranga. Mura réitíonn sé seo an fhadhb is féidir leat labhairt le príomhoide na scoile.

Má tá gearán agat faoi mhúinteoir nó faoin scoil, is é an chéad chéim de ghnáth ná labhairt leis an múinteoir ranga. Ansin, mura réitítear an gearán, labhair le príomhoide na scoile. Is é an chéad chéim eile ná dul chuig cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile.

Má leanann tú gach céim de nós imeachta gearán na scoile agus mura bhfuil tú sásta fós, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman do Leanaí.

Má bhaineann do ghearán le feidhmiúlacht múinteora chun múineadh, ba chóir duit nós imeachta gearán na scoile a úsáid ar dtús. Má leanann tú gach céim de nós imeachta gearán na scoile agus mura bhfuil tú sásta leis an toradh, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Níl aon chumhachtaí dlí ag an Roinn Oideachais gearáin aonair maidir le scoileanna a imscrúdú ná ordú a thabhairt do scoileanna cúrsa áirithe treorach a leanúint maidir le gearáin aonair. Tá eolas faoin nós imeachta gearán sa bhunscoil ar fáil ón Roinn.

Neamhláithreachas agus fágáilscoile

Murar féidir le do leanbh freastal ar an scoil ní mór duit an fáth atá leis a insint don scoil. Scríobh nóta chun na scoile agus mínigh cén fáth a raibh do leanbh as láthair agus cuir chuig an scoil é le do leanbh nuair a fhilleann sé nó sí.

Má tá tú ag aistriú do linbh go scoil eile ba chóir duit an scoil a chur ar an eolas go bhfuil do leanbh ag fágáil agus nach mbeidh sé nó sí ag filleadh. Ba chóir duit a iarraidh ar an bpríomhoide tuarascáil a thabhairt duit faoi dhul chun cinn do linbh agus is féidir é seo a thabhairt don scoil nua nuair atá do leanbh á c(h)ur ar an rolla.

Tuilleadh eolais

Is féidir leat cáipéisí a fháil ar ár láithreán gréasáin maidir le hoideachas réamhscoile, do pháiste a mhúineadh sa bhaile, polasaithe iontrála i scoileanna, an curaclam sna bunscoileanna, úinéireacht na mbunscoileanna, smacht i scoileanna, bulaíocht, tinreamh scoile, cabhair le costais leabhar agus éide agus scagthástáil sláinte scoile. Anseo tá eolas le fáil faoi oideachas réamhscoile, oideachas baile, úinéireacht bunscoileanna, smacht, bulaíocht, tinreamh scoile, cabhair leis an gcostas leabhar agus éidí agus seirbhísí sláinte scoile. Tá eolas le fáil anseo faoi chláir a thugann faoi mhíbhuntáiste san oideachas ar nós ag dul i ngleic le míbhuntáiste, Luath-Thosú, socruithe speisialta oideachais don Lucht Siúil. Má tá do leanbh ag tosú ar bhunoideachas tá réimse suíomh agus eagraíochtaí úsáideacha ann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Lúnasa 2021