Úinéireacht na mbunscoileanna

Eolas

Tá formhór bhunscoileanna na hÉireann in úinéireacht phríobháideach agus tacaíocht acu ó na heaglaisí éagsúla. Íocann an Stát an chuid is mó de na costais tógála agus reatha agus íoctar cuid de na costais reatha go háitiúil.

I gcás scoileanna Caitliceacha agus Eaglais na hÉireann, is iad na hiontaobhaithe deoise na húinéirí go hiondúil. Go hiondúil bíonn bord iontaobhaithe ag scoileanna na n-aicmí eile atá ainmnithe ag údaráis na n-Eaglaisí. Comhlacht teoranta nó bord iontaobhaithe is iondúil úinéirí na scoileanna ilaicme. Tá cuid de na Gaelscoileanna ina scoileanna aon-aicme agus faoi phatrúntacht mar an gcéanna leis na scoileanna Caitliceacha ach tá comhlacht teoranta ag cuid eile acu. Tá tuilleadh eolais faoi na cineálacha bunscoileanna anseo.

Úinéireacht chineálacha éagsúla scoileanna

Tá formhór na bunscoileanna in úinéireacht na n-aicmí creidimh. Tá gníomhais iontaobhais sínithe ag na húinéirí, a chinntíonn gur scoileanna a bheidh iontu i gcónaí.

Tá 9 gcinn de mhódhscoileanna gur leis an Stát iad. Tá roinnt scoileanna speisialta gur leis an Stát iad. Tá úinéirí difriúla ag na scoileanna speisialta - cuid acu in úinéireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, cuid eile ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, cuid ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cuid eile fós ag aicmí creidimh.

Soiléiríonn an tAcht Oideachais 1998 agus athdheireann sé nach bhfuil aon cheart ag an mbord bainistíochta ná leas aige sa talamh nó foirgnimh na scoile a bhfuil freagracht air ina leith.

An patrún

Tá ról an phatrúin curtha ar bhonn reachtúil ag an Acht Oideachais 1998 agus leagann sé síos na rialacha a bhaineann le cén duine a bheidh mar phatrún. Is féidir leis an patrún an scoil a bhainistiú nó bord bainistíochta a cheapadh. Faoin Acht tá an chumhacht ag an bpatrún an bord a scoir agus bainistíocht na scoile a thógáil nó bord nua a cheapadh. Tá clár na bpatrún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus mar sin is féidir le duine ar bith fáil amach cé hé/hí go díreach patrún aon bhunscoile ar bith.

Go ginearálta, is ionadaí na n-úinéirí é/í patrún na scoile. I ngníomh, is iad na heaspaig Chaitliceacha agus Eaglais na hÉireann patrúin na scoileanna sa deoise, agus is é an sagart paróiste a bhíonn ag gníomhnú ar son an easpaig. An Bord Iontaobhaithe is patrún de scoileanna ilaicme go hiondúil nó comhlacht teoranta uaireanta Oideachas le Chéile.Bíonn Gaelscoileanna faoi choimirce údaráis na heaglaise ach is féidir leo roghnú a bheith faoi choimirce Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, comhlacht teoranta a bunaíodh don fáth seo. seo. Tháinig cineál nua patrúnachta isteach, ar bhonn treoirscéime, sa bhliain 2007.

Cuireadh Fóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile ar bun i 2011 chun a mheas conas na struchtúir phátrúnachta bunscoile a athchóiriú chun aird a thabhairt ar athruithe sa tsochaí. Foilsíodh a thuarascáil an 10 Aibreán 2012.

Maoiniú na scoileanna

Go traidisiúnta, cuireadh suíomh ar fáil go háitiúil don bhunscoil - go díreach ón bpatrún nó de thoradh ar bhailiúchán áitiúil. Bhí na daoine áitiúla ag íoc cuid de na costais tógála agus na costais reatha freisin. Tháinig athruithe i bhfeidhm thar na blianta nuair a tosaíodh ar scoileanna ilaicme agus Gaelscoileanna a thógáil agus nach raibh foinse 'áitiúil' airgeadais acu. Tháinig socruithe nua i bhfeidhm i 1999.

Ní fhaigheann bunscoileanna príobháideacha aon mhaoiniú Stáit.

Costas suímh - scoileanna náisiúnta nua

Íocann an Stát costas iomlán an tsuímh. Tá an rogha i gcónaí ag an bpatrún an costas seo a íoc. Má íocann an Stát, is leis an Stát foirgneamh na scoile agus cuireann sé ar fáil don phatrún é faoi léas nó gníomhas iontaobhais.

Má íocann an patrún, is leis an bpatrún an scoil. Má íocann an scoil níl aon tionchar aige seo ar cé a bheidh ina phatrún.

Gaelscoileanna

Tá maoiniú do Ghaelscoileanna nua anois mar an gcéanna le scoileanna nua eile. Tá na seansocruithe fós i bhfeidhm do Ghaelscoileanna a bhfuil aitheantas buan nó sealadach acu ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Faoin seansocrú maidir le Gaelscoileanna cheannaigh an Roinn an suíomh agus d'íoc sí an costas iomlán tógála. I ngníomh, tá cuid mhaith Gaelscoileanna suite i bhfoirgnimh atá acu ar chíos agus tá an Stát ag íoc an chíosa.

Eagraíocht deonach í Gaelscoileanna Teo (le tacaíocht ón bhForas Teanga), atá ina heagraíocht chomhordnaithe do na scoileanna Gaeilge agus tugann sí cúnamh do thuismitheoirí Gaelscoileanna nua a bhunú.

Costas reatha na scoileanna

Íocann an stát deontas caipitíochta díreach ionann agus €170 in aghaidh an dalta le gach bunscoil. Is é an Stát a íocann tuarastail na múinteoirí. Íoctar deontais chaipitíochta feabhsaithe i gcás páistí ag a bhfuil riachtanais oideachais speisialta, cuma más i scoileanna speisialta atá siad nó ag freastal ar ranganna speisialta sna gnáthscoileanna. Caitear na deontais chaipitíochta le costais reatha laethúla na scoile a ghlanadh agus ar ábhair agus acmhainní teagaisc.

Faigheann bunscoileanna deontas, chomh maith, le haghaidh seirbhísí airíochais agus rúnaíochta (ar a dtugtar an Scéim Deontais Seirbhísí Coimhdeacha) agus is ionann seo agus €153 in aghaidh an scoláire nó €77.50 in aghaidh an scoláire ag brath ar cé acu an bhfuil an deontas ráta iomláin nó leathráta á fháil ag an scoil. Theastaigh ranníocaíocht áitiúil roimhe seo ach tá deireadh curtha leis anois.

Tugtar deontas leabhar do gach scoil, chomh maith. Is ionann seo agus €21 in aghaidh an scoláire i scoileanna DEIS agus €11 in aghaidh an scoláire i scoileanna neamh-DEIS.

Tugtar deontas do gach scoil i dtreo an chostais a bhíonn ar mhionoibreacha.

Bíonn teideal ag roinnt scoileanna ar mhaoiniú breise de bhun scéimeanna éagsúla d'fhonn tabhairt faoin míbhuntáiste sna bunscoileanna ar nós DEIS agus Tús Luath.

Page edited: 20 October 2016