Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Dul chun na bunscoile > Ag dul i ngleic le míbhuntáiste i mbunscoileanna

Print Page Send to a Friend

Ag dul i ngleic le míbhuntáiste i mbunscoileanna

Eolas

Tá roinnt scéimeanna ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil sé mar aidhm acu dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais i mbun scoileanna. Tagann cuid acu seo laistigh de chreatlach thionscnamh na Roinne, sé sin 'Ag tabhairt Comhdheiseanna i Scoileanna(CIS)'. Tugann an tionscnamh seo le chéile réimse de chláracha náisiúnta chun dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais tríd an gcóras scolaíochta go léir.

Tá na cláracha seo leanas i dtionscnamh CIS a thugann tacaíochtaí do bhunscoileanna atá faoi mhíbhuntáiste:

Scéim na Réigiún faoi Mhíbhuntáiste

Tá trí chéad agus a deich (310) bunscoil in Éirinn ainmnithe faoi mhíbhuntáiste. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann siad leibhéal níos airde tacaíochta i bhfoirm cóimheas daltaí/múinteoirí, deontais speisialta agus breis tacaíochta do dhaltaí. Faoi láthair sé'n méid is mó ranga i scoileanna faoi mhíbhuntáiste ná 15 dalta i rang sinsearach agus 20 i rang sóisearach. Tá tuilleadh eolais faoi Scéim do Áiteanna Faoi Mhíbhuntáiste.

Ag Caitheamh go Cothrom le Páistí

Ag Caitheamh go Cothrom do Pháistí tré dhul i ngleic le míbhuntáistí; sin scéim a thug an Roinn isteach in 2001 chun iarracht a dhéanamh dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais i mbun scoileanna. Faoin tionscnamh seo, tugtar breis acmhainní múinteoireachta agus airgeadais do na scoileanna atá páirteach sa scéim chun go mbeidh a gcuid dalta ábalta buntáiste a bhaint as oideachas caighdeánach cé's móite dá gcúinsí eacnamaíoch nó sóisialta.

Íoctar deontas speisialta de €63.49 an dalta, de réir céatadán na ndaltaí faoi mhíbhuntáiste sa scoil. Gheobhaidh scoileanna ar a laghad €952.30 in íocaíocht.

D'fhéadfadh scoileanna i gceantracha uirbeacha (le daonáireamh níos mó ná 1,500) áit a bhfuil an líon is mó daltaí atá i gcontúirt teipthe ó thaobh oideachais de a bheith i dteideal breis múinteoirí. Seo chun an méid is mó cóimheas de 20:1 dalta/múinteoir a bhunú sna ranganna naíonáin agus 27:1 sna ranganna sinsearacha.
I gceantair tuaithe, tugtar múinteoir/comhordaitheoir do scoileanna ina bhfuil an líon is mó daltaí i gcontúirt teip sa gcóras oideachais. Pléann an duine seo le 4 nó 5 scoil ag an am agus oibríonn sé/sí le múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí. Gheobhaidh na scoileanna ina bhfuil líon ard dalta faoi mhíbhuntáiste ach nach féidir iad a chur isteach le scoileanna eile ina bhfuil an méid céanna dalta faoi mhíbhuntáiste tacaíocht airgid in áit múinteoir/comhordaitheoir.

Baile Scoil Scéim Liaison Pobail

Bunaíodh An Scéim Liaison Scoile Pobail Baile i 1991. Tá sé mar aidhm aici feabhas a chur ar chomhoibriú idir baile, scoileanna agus pobail chun oideachas na bpáistí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn.

Clár Críochnú Scoile

Díríonn An Clár Críochnú Scoile ar dhaoine óga idir 4 bliain d'aois agus 18 d'aois. Tá an 'Tionscnamh Fágáil na Scoile go Luath 6-15' agus Tionscnamh 'Fan sa Scoil' sa chlár a tugadh isteach i 2002. Tá sé mar aidhm aige cabhrú le daltaí as ceantair faoi mhíbhuntáiste fanacht sa scoil.

Clár na mBéilí Scoile

Is clár éagsúil é Clár na mBéilí Scoile maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus údaráis áitiúil. Tá sé mar aidhm aige seo cur le aiste bia pháistí scoile ó chúlra míbhuntáiste chun cabhrú leo bheith chomh maith agus is féidir leo laistigh den gcóras oideachais agus an baol go bhfágfaidís an scoil luath a mhaolú. Tá dhá scéim ann.
An Scéim Uirbeach a thacaíonn le béilí scoile do bhunscoileanna i gceantracha uirbeacha. Bainne, ceapairí nó borróga atá sa chlár seo. Ní thógann sé áit béilí te an bhaile.

Tugann An Scéim Tionscnaimh Áitiúla maoiniú díreach do na scoileanna náisiúnta agus dara leibhéil, grúpaí áitiúla agus eagraíochtaí deonacha, a oibríonn a gcuid béilí scoile féin (d'fhéadfadh na béilí a bheith fuar nó te). I 2004 méadaíodh an scéim chuig scoileanna naíonáin chun aire a thabhairt do pháistí réamhscolaíochta. Caithfear na béilí seo a thabhairt do cheantair faoi mhíbhuntáiste nó do ghasúir le riachtanais speisialta. Tá maoiniú ar fáil ar rátaí béile do gach páiste.

Scéim Bainne Scoile

Tugann an Scéim Bainne Scoile ceathrú lítear de bhainne do gach gasúr ar scoil gach lá. Tá réamh-scoileanna, bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéil i dteideal na scéime atá maoinithe ag an AE agus ag an Rialtas. Níl creiseanna ná áiteanna eile cúram leanaí atá ag oibriú ar bhun tráchtála i dteideal na scéime.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun tuilleadh eolais a fháil ar DEIS déan teagmháil leis an Aonad Cuimsiú Sóisialta sa Roinn Oideachais agus Scileanna.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Béilí Scoile déan teagmháil leis an údarás áitiúil sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Íoslódáil an fhoirm iarratais don Scéim Béilí Scoile (pdf) anseo. Is féidir leat Treoir Dheá-Chleachtais do Thionscnaimh na mBéilí Scoile (pdf) a íoslódáil anseo.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ionchuimsitheacht Shóisialta

Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Westmeath
Ireland

Teil:+353 (0)90 643764
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bearta le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil
    Soláthraíonn 'Ag Soláthar Comhdheiseanna i Scoileanna' (SCS) agus tionscadail eile tacaíochtaí chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil.
  • Túsluath
    Clár a cuireadh le chéile le cumas oideachais páistí 3 bliana agus 4 bliana ó cheantair faoi mhíbhuntáiste é Túsluath.
  • Oideachas riachtanas speisialta i mbunscoileanna
    Cuimsíonn na socruithe d’oideachas riachtanas speisialta i mbunscoileanna múinteoirí tacaíochta foghlama/múinteoirí acmhainne agus cúntóirí riachtanas speisialta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.