De réir an Achta Oideachais 1998, is féidir leis an Aire Oideachais agus Scileanna an curaclam a leagadh síos do scoileanna aitheanta. Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Tá sé mar dhualgas aici comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí luathoideachais, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna, agus na modhanna measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus scrúdaithe, ar ábhair gur cuid den churaclam iad. Cuirtear san áireamh na hábhair a bheidh ar fáil, siollabas do gach ábhair agus an treoir agus an chomhairle a chuirfear ar fáil.
De réir An Achta um Oideachais, 1998, caithfidh an tAire:
Tugadh isteach curaclam athbhreithnithe sna scoileanna náisiúnta faoi 1999. Tá sé chuid sa churaclam bunscoile atá roinnte arís i 11 ábhar. Seo iad a leanas
Tá treoirlínte ann a léiríonn an méid ama a leagtar amach do gach chuid den churaclam.
Is iad aidhmeanna an churaclaim ná a chinntiú go mbeadh deiseanna foghlama ag gach páiste a aithníonn agus a cheiliúrann uathúlacht ar leith an pháiste aonair, a gcumas iomlán a fhorbairt agus na páistí a ullmhú chun glacadh le dúshláin na 21ú aoise. Cuirtear an bhćim ar an bpáiste mar fhoghlaimeoir, agus is cuid an-tábhachtach den churaclam é na modhanna múinte éagsúla a úsáidtear.
Déantar iarracht sa churaclam forbairt a dhéanamh ar eochair-scileanna i gcumarsáid, réiteach faidhbe, machnamh criticiúil, fiosrúcháin, scrúdú agus anailís, aithne sóisialta agus pearsanta agus idirghníomhaíocht. Cuirtear an-bhéim ach go háirithe ar scileanna a bhaint amach sa litearthacht agus san uimhearthacht.
Cuirtear béim sa churaclam ar cé chomh tábhachtach is atá sé aire a dhíriú ar mhic léinn le riachtanais oideachasúla speisialta agus go mbeadh litearthacht feidhmiúil agus uimhearthacht feidhmiúil ag na daoine sin. Dírítear aire freisin ar na riachtanais a bhíonn ag páistí tréitheacha.
Tá dualgas ar scoileanna faoi Alt 22 den Acht Oideachais chun 'meastóireacht rialta ar mhic léinn agus tuairisc faoi thorthaí na meastóireachta a thabhairt go tréimhsiúil do na mic léinn agus dá dtuismitheoirí'. Go ginearálta, déantar foghlaim agus gnóthachtáil leanaí a mheasúnú go rialta i mbunscoileanna, ag baint leasa as tástálacha éagsúla agus modhanna eile. Sonraíonn imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0138/2006 Supporting Assessment in Primary School conas measúnú a chomhlíonadh. Caithfidh gach bunscoil tástálacha caighdeánaithe a riaradh sa Bhéarla agus matamaitic ar a gcuid daltaí faoi dhó le linn na mblianta bunscoile mar a leanas:
Tá Measúnú sa Churaclam Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna (pdf) foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Tá bileoga mínithe do thuismitheoirí faoi thástálacha caighdeánaithe foilsithe acu chomh maith.
Tá 23 doicimeád sa churaclam, ina bhfuil réamhrá Churaclam na Bunscoile, 11 ráiteas churaclaim agus 11 treoirlíne do mhúinteoirí.
I ngach cuid den churaclam, faightear réasúnú, aidhmeanna, cuspóirí, ábhar struchtúrtha agus cuir chuige measúnú do na ceithre leibhéal ranga: naíonáin; ranganna a haon agus a dó; ranganna a trí, a ceathair, a cúig agus a sé. Leagadh amach treoirlínte do mhúinteoirí mar ábhar achmhainne chun tacaíocht a thabhairt don bhfoghlaim agus don mhúinteoireacht.
Tá leabhrán eolais ullmhaithe do thuismitheoirí ag an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a léiríonn an t-ábhar ginearálta agus an bhéim sa churaclam, chomh maith le comhairle ar conas is féidir le tuismitheoirí tacaíocht a thabhairt don mhúinteoireacht agus don bhfoghlaim sa bhaile agus ar scoil. Is féidir an leabhar eolais agus an DVD a íoslódáil ón suíomh gréasáin CNCM.
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Bunaíodh An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta mar chomhlacht reachtúil i 2001, chun comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí luathoideachais, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna, agus na modhanna measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus scrúdaithe, ar ábhair gur cuid den churaclam iad. Cuirtear san áireamh na hábhair a bheidh ar fáil, siollabas do gach ábhair agus an treoir agus an chomhairle a chuirfear ar fail.
An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna
Déanann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna (SFGB) comhchuimsiú agus forbairt ar an obair a bhí ar bun cheana ag an tSeirbhís Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (STCB) agus ag an Tacaíocht Pleanála um Fhorbairt Scoileanna (TPFS). Is é móraidhm na seirbhíse ná tacú le scoileanna a fhorbairt mar phobail ghairmiúla ina mbíonn forbairt ghairmiúil na múinteoirí ceangailte go dlúth le forbairt scoile agus le feabhsú ar dhul chun cinn daltaí.
Pleanáil Forbartha Scoile
Is riachtanas reachtúil é pleanáil do scoileanna de réir ailt 20 den Acht Oideachais 1998. Caithfear plean scoile a bheith i ngach scoil agus tá sé de dhualgas ar na boird bhainistíochta féachaint chuige go ndéantar an plean a ullmhú, a athbhreithnú agus a nuashonrú go rialta. Sa phlean scoile, bíonn cur síos ar chúrsaí churaclaim agus ar gach a bhaineann le hacmhainní na scoile, ag cur san áireamh an fhoireann, spás, áiseanna, fearas, am agus airgeadas. Cuirtear san áireamh freisin polasaithe na scoile, polasaithe riaracháin agus polasaithe eagraíochta, agus más iondúil é, straitéisí na scoile chun treoirlínte agus rialacha a chur i gcrích. Bhunaigh An Roinn Oideachais an tAonad Tacaíochta um Phleanáil Fhorbartha Scoile chun cabhair a thabhairt do scoileanna le pleanáil agus le pleananna scoile. Dúnadh an tAonad i Lúnasa 2008. Tá tuilleadh eolais faoi phleanáil forbartha scoile ar fáil ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
24 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 661 7177
Facs:+353 (0)1 611 7180
Láithreán Gréasáin: http://www.ncca.ie/
R-phost: info@ncca.ie
14 Bealach Joyce
Páirc Ghnó na Páirce Thiar
Bóthar Nangor
Baile Átha Cliath 12
Éire
Teil:+353 (0)1 435 8587
Facs:+353 (0)1 435 8596
Láithreán Gréasáin: http://www.ppds.ie/
R-phost: eolas@ppds.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.