Boird bhainistíochta i mbunscoileanna

Eolas

Tá boird bhainistíochta ag bunscoileanna ó 1975. Tugann an tAcht Oideachais 1998 stádas reachtúil don chóras agus leagann sé síos dualgais na mbord.

Níl aon dualgas ar bhunscoileanna bord bainistíochta a cheapadh. Tá sé de cheart ag an bpatrún cinneadh a dhéanamh an mbeidh nó nach mbeidh ceann ag an scoil. Ach, i ngníomh, tá bord bainistíochta ag formhór na mbunscoileanna.

Rialacha

Tá dualgas ar an bpatrún, atá leagtha síos san Acht Oideachais 1998, 'ar mhaithe le cinntiú go bhfuil scoil aitheanta dá bhainistí i spiorad na páirtnéireachta', chomh fada agus is féidir, bord bainistíochta a cheapadh. Ní mór do phatrún na scoile déantús an bhord bainistíochta a aontú leis na cumainn náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí bainistíochta na scoileanna, ionadaithe na múinteoirí agus leis an Aire.

Is é an patrún a cheapann an bord. Ní mór don phatrún cloí le treoracha an Aire maidir le cothromaíocht idir fhir agus mhná ar an mbord nuair atá na ceapucháin dhá ndéanamh.

Má déanann an patrún cinneadh nach bhfuil sé indéanta bord bainistíochta a cheapadh, ní mór dó/dí fáthanna a thabhairt do na tuismitheoirí, don fhoireann agus don Aire ach ní féidir iachall a chur air/uirthi bord a cheapadh.

Feidhmeanna an bhoird

Is í príomhfheidhm an bhoird an scoil a bhainistí ar son an phatrúin agus ar mhaithe leis na daltaí agus le hoideachas cuí a chur ar fáil do chuile dhalta sa scoil. Tá an Bord freagrach don phátrún agus don Aire Oideachais. Tá príomhoide na scoile freagrach as bainistíocht laethúil na scoile agus tá siad freagrach don Bhord.

Ní mor don bhord:

  • Gníomhú de réir polasaithe an Aire.
  • Seasamh le meon na scoile agus a bheith freagrach don phatrún maidir leis. Ní baintear usáid as an bhfocal meon san Acht Oideachais 1998. Déantar cur síos san Acht air mar 'spiorad sainiúil na scoile atá leagtha síos sa bhéim a leagtar ar chúrsaí cultúrtha, oideachasúla, morálta, creidimh, sóisialta, teanga agus spioradálta agus traidisiúin a thugann eolas agus atá de réir tréithe agus iompar na scoile'.
  • Gníomhú de réir an dlí agus aon ghníomhas, cairt, nó ionstraim den chineál seo a bhaineann leis an scoil.
  • Dul i gcomhairle leis an bpatrún agus insint dó faoi aon chinnithe nó moltaí.
  • Polasaí na scoile maidir le rialacha iontrála agus páirtíochta, a polasaí ar dhíbirt agus ar fhionraí san áireamh, iontráil agus pairtíocht daltaí le míchumas nó le riachtanais eile speisialta oideachais a fhoilsiú.
  • Déanamh cinnte go bhfuil an polasaí iontrála ag cloí le roghanna na dtuismitheoirí agus le prionsabail an chomhionannais agus le treoracha an Aire, i gcomhthéasc meon na scoile agus cearta bunreachtúla na ndaoine ar fad lena mbaineann an scoil.
  • Smaoineamh ar phrionsabail agus ar riachtanais atá ag ár sochaí daonlathach agus meas ar chúrsaí creidimh, traidisiúin, teangacha agus nósanna éagsúla saoil sa tsochaí a chothú.
  • Breathnú ar an mbealach is éifeachtaí le hacmhainní na scoile a úsáid (go háirid maidir le deontais atá curtha ar fáil ag an Stát), ar an bpáirt atá ag an bpobal i ngníomhachtaí na scoile agus a bheith freagrach do na daltaí, tuismitheoirí agus don phobal.
  • Úsáid a bhaint as na hacmhainní a chuireann an Stát ar fáil le soláthar réasúnta a chur ar fáil do dhaltaí le míchumas nó le riachtanais speisialta, san áireamh, más gá, athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh agus trealamh speisialta a chur ar fáil.

Modh oibre atá ag boird bhainistíochta

D'aontaigh an Roinn, bainisteoirí na scoileanna, tuismitheoirí agus múinteoirí an ról agus modh oibre na mbord bainistíochta i mbunscoileanna sa bhliain 2003. Leagann Bunreacht na mBord agus Rialacha Nós Imeachta (pdf), a leasaíodh in 2011, príomhghníomhaíochtaí an Bhoird.

Go bunúsach, bíonn an bord ag bainistí na scoile. I measc a dhualgais:

  • Tá sé freagrach as plean na scoile a chur le chéile agus as a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é.
  • Ceapann sé an príomhoide, na múinteoirí, agus baill eile den fhoireann.
  • Ní mór dó a chinntiú go gcomhlíonann an scoil a feidhmeanna mar atá leagtha síos san Acht Oideachais 1998.
  • Ní mór dó teagmháil idir an scoil, na tuismitheoirí agus an pobal a chur chun cinn agus glacadh le cumann tuismitheoirí chomh maith le cúnamh a thabhairt an cumann a bhunú agus dá ghníomhachtaí.
  • Tá freagracht air i dtaobh airgead na scoile. Tá sé de dhualgas air a chinntiú go bhfuil árachas cuimsitheach ag an scoil. Ní mór cuntais chuí a choinneáil, gur féidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus/nó an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh a dhéanamh orthu. Ní mór do na cuntais bhliantúla a bheith ar fáil don phatrún agus do phobal na scoile.
  • Ní mór dóibh a chinntiú go gcuirtear cosaint agus leas leanaí san áireamh i ngach ceann de bheartais, cleachtais agus gníomhaíochtaí na scoile. Ní mór don Bhord a chinntiú go gcuireann an scoil Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Meánscoileanna i bhfeidhm go hiomlán.
  • Ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil Cód Iompair agus beartas frithbhulaíochta i bhfeidhm ag an scoil.

Ní mór don bhord bealach a bheith aige le tuismitheoirí a choinneáil ar an eolas maidir lena ghníomhachtaí - tuairisc bhliantúil san áireamh mar shampla. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Cé atá ar an mbord

Seo a leanas déantús na mbord bainistíochta i scoileanna a bhfuil níos mó ná beirt mhúinteoir iontu:

  • Beirt ainmnithe ag an bpatrún
  • Máthair agus athair tofa ag na tuismitheoirí
  • An Príomhoide
  • Múinteoir amháin eile tofa ag an bhfoireann teagaisc.
  • Beirt den phobal aontaithe ag ionadaithe an phatrúin, múinteoirí agus tuismitheoirí.

Tá rialacha faoi leith a bhaineann le boird bhainistíochta i scoileanna clochair agus mainistreach maidir le hionadaithe na múinteoirí. Más duine rialta é/í an príomhoide ní mór gur duine tuaithe é/í an múinteoir eile atá tofa ar an mbord, agus más duine tuaithe é/í an príomhoide, tá sé molta gur duine rialta den fhoireann teagaisc a bheadh tofa ina (h)ionadaí eile do na múinteoirí. I scoileanna aon-oide ní bhíonn ar an mbord, ar ndóigh, ach múinteoir amháin agus tuismitheoir amháin.

Tá rialacha faoi leith leagtha síos maidir leis an mbeirt ionadaí ón bpobal a phiocadh don bhord bainistíochta.

  • Ní mór do na daoine a roghnaítear a bheith ceangailte le meon na scoile. I gcás scoileanna Caitliceacha, ní mór dóibh tuiscint a bheith acu agus a bheith ceangailte le hoideachas Caitliceach mar atá leagtha síos sa Ghníomhas Iontaobhais do Scoileanna Caitliceacha. I gcás scoileanna d'Eaglais na hÉireann, ní mór dóibh a bheith ina mbaill den Eaglais sin; i scoileanna Preispitéireacha ní mór dóibh freisin a bheith ina mbaill den Eaglais sin ach amháin sa chás go ndéanann an patrún a mhalairt de chinneadh.
  • Ní mór dóibh scileanna a bheith acu atá feiliúnach do riachtanais an bhoird
  • Ní mór dóibh spéis a bheith acu san oideachas, ach, go hiondúil, nach tuismitheoirí iad de dhaltaí atá ag freastal ar an scoil ag an am, ná muinteoirí ag teagasc ag an am sa scoil
  • I scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna, ní mór dóibh líofacht mhaith a bheith i nGaeilge acu.
  • Ní mór smaoineamh i gcónaí ar an riachtanas cothromaíocht a bheith ann idir fhir agus mhná.

Ceapann an patrún cathaoirleach an bhoird.

Tá mionchuntas sna rialacha ar an mbealach le hiondaithe na dtuismitheoirí a roghnú, san áireamh an fógra nach mór a thabhairt do na tuismitheoirí uilig, an modh oibre le folúntais a líonadh & rl.

Go ginearálta, ní féidir le baill an bhoird aon pháirt a bheith acu i maoin na scoile nó íocaíocht a fháil as feidhmiú ar an mbord. Tá sé soiléir san Acht Oideachais 1998 nach bhfuil aon pháirt i maoin na scoile bronnta ar bhaill nuair a thagann siad ar an mbord. Ní féidir le fostaithe na scoile, taobh amuigh d'ionadaithe na múinteoirí, a bheith ar an mbord.

Ní féidir leis na daoine seo a leanas a bheith ina mbaill de bhord:

  • Clisiúnach nó duine a raibh baint aige/aici le cás cúirte le creidiúnaithe shásamh le trí bliana anuas
  • Duine a dhaoradh chuig an bpríosún le cúig bhliana anuas.

Tréimhse oifige an bhoird

Ceithre bliana a mhaireann tréimhse oifige an bhoird agus cé nach dtoghtar oifigigh ach ar feadh ceithre bliana is féidir iad a atoghadh nuair atá a dtréimhse oifige caite.

Page edited: 10 March 2015