Print Page Send to a Friend

An Bhliain Idirmheánach

Eolas

Is clár bliana idir an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach í an Bhliain Idirmheánach, atá bunaithe sa scoil. Dearadh í mar dhroichead idir an dá tsraith chun an t-athrú ó fhoghlaim spleách na sraithe Sóisearaí go dtí foghlaim neamhspleách, féin-stiúrtha na sraithe Sinsirigh.

Tá an rogha ag gach scoil an bhliain idirmheánach a chur ar fáil ina scoil féin, agus cuireann formhór na scoileanna ar fáil í. Leanann an clár seo an Teastas Shóisearach. Féachtar uirthi de ghnáth mar an chéad bhliain de thréimhse trí bliana sinsearacha na scoile. Ní an chéad bhliain den Árd-Teistiméireacht í. Is tréimhse dhá bhliain an Árd-Teistiméireacht.

Aidhm na Bliana Idirmheánaigh

Tugann an Bhliain Idirmheánach deis do scoláirí:

  • Tabhairt faoi fhoghlaim neamhspleách, féin-stiúrtha
  • Scileanna ginearálta, scileanna teicniúla agus scileanna acadúla a fhorbairt
  • Forbairt agus fás gan brú scrúdaithe

Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna treoirlínte do scoileanna ar fáíl.

Réimse ábhar léinn na Bliana Idirmheánaí

Ar réimse ábhar léinn na Bliana Idirmheánaí tá:

  • Cumarsáid
  • Treoir agus Comhlaireacht
  • Matamaitic
  • Corpoideachas
  • Forbairt phearsanta agus shóisialta
  • Léann Aestéitice agus cultúir
  • Oideachas Fealsúnach agus Reiligiúin
  • Eolaíocht agus Teicneolaíocht
  • Oideachas sibhialta, polaitíochta agus sóisialta
  • Staidéar Gnó agus oideachas fiontraíochta
  • Oideachas Timpeallachta.

Tá deis ag múinteoirí clár a leagan amach atá dírithe ar riachtanais agus suim na scoláirí. Is féidir le tuismitheoirí, leis an bpobal áitiúl agus le fiontair áitiúl deis foghlamtha nua a chuir os comhair na scoláirí.

Tugtar deis do scoláirí rogha leathan ábhar a dhéanamh rud a chuireann ar a gcumas na hábhair a phiocadh don Ard Teist, ó bhunús eolais seachas iad a phiocadh gan fáth, nuair a bhíonn an bhliain idirmheánach críochnaithe.

Páirt na dtuismitheoirí sa Bhliain Idirmheánach

Ba chóir go mbeadh tuairim na dtuismitheoirí faighte sula leagtar síos clár don bhliain idirmheánach. Tugann a lán scoileanna tuismitheoirí daltaí na triú bliana le chéile chun clár na bliana idirmheánaí a phlé. Is féidir seimineár speisialta "Eolas do mhic léinn faoin mBliain Idirmheánach" a chur ar fáil do mic léinn an teastais shóisirigh féin. Cuireann tuismitheoirí áirithe a gcuid saineolais ar fáil don scoil le linn na bliana idirmheánaí mar aoichainteoirí, nó cuidíonn siad leis an gClár um Thaithí Oibre. Tugtar cuireadh do na tuismitheoirí ar fad cuidiú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gclár ag deireadh na bliana. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín na Bliana Idirmheánaí.

Measúnú agus teistiú

Níl aon scrúdú stáit ag baint leis an mbliain idirmheánach – cinneadh a thóg an Roinn Oideachais agus Scileanna chun a bheith cinnte go ndíreodh an bhliain ar fhoghlaim seachas scrúduithe. Mar gheall ar éiteas foghlama gníomhach na bliana bíonn ar gach scoil measúnú scoile a dhéanamh, rud a léiríonn do na scoláirí cá bhfuil a laigeachtaí agus a nirt. Chomh maith leis sin, forbraíonn siad scileanna féinmheasúnaithe agus machnaimh. Is rud leanúnach é an measúnú seo agus bíonn obair thionscnaimh, cáipéisí agus taispeántais ar obair na scoláirí mar chuid den phroiséis measúnaithe, chomh maith le gníomhaíochtaí labhartha, éisteachta agus scríofa. Eisíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna Teastas oifigiúil do rannpháirtithe sa Bhliain Idirmheánach chomh maith leis an teastas a bhronnann an scoil í féin.

Cá hait a ndéanfaidh mé iarratas?

Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéil

An Bhliain Idirmheánach
Ionad Oideachais na Carraige Duibhe
Ascail na Cealla
Dún Laoghaire
Baile Átha Cliath
Éire

Teil:+353 (0)1 2365023
Facs:+353 (0)1 2365070
Láithreán Gréasáin: http://ty.slss.ie/index.html
R-phost: ty@blackrockec.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.