Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Dul chun scoile iar-bhunoideachais > Scéim iompair do scoileanna dara-leibhéil

Print Page Send to a Friend

Scéim iompair do scoileanna dara-leibhéil

Eolas

Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna cabhair airgid ar fáil do na scoláirí atá intofa don scéim Iompar Scoile.

Cuireann Bus Éireann an tseirbhís ar fáil agus socraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna na táillí do gach scoilbhliain. Ní chuirtear an tseirbhís bus scoile ar fáil muna bhfuil ar a laghad 7 scoláire i limistéar gur féidir leis an mbus freastal air, go heacnamúil.

Íocann an Roinn Oideachais agus Scileanna deontais cabhrach in áiteanna iargúlta, i leith socraithe príobháideacha iompair do ghrúpaí scoláirí intofa, a mhaireann taobh amuigh den raon seirbhísí iompair. Caithfidh siad maireachtáil 3.2 chiliméadar (2 mhíle) nó níos mó ón ionad stoptha bus.

Níl aon teideal dleathach ag scoláire d’iompar bus scoile fiú má shásaíann sé an critéar maidir leis an aois agus an fad ón mbus.

Tá roinnt socraithe speisialta iompair ann do scoláirí le míchumas.

Tá comhairle do thuismitheoirí faoi oibreoirí bus údaraithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair (pdf).

Rialacha

Le bheith i dteideal aon chinéail d’iompar bus scoile caithfidh scoláire:

  • a bheith cláraithe i meánscoil aitheanta
  • a bheith ós cionn 12 bliain d’aois roimh 1ú Eanair na scoilbhliana sin, agus sé/sí ag tosnú i meánscoil
  • an 6ú rang a bheith críochnaithe i mbunscoil.

Rialacha maidir le fad ón scoil

Tá scoláirí a chónaíonn níos mó ná 4.8 chiliméadar (3 mhíle) amach ón meánscoil a dhéanann freastal ar an limistéar gur as iad, i dteideal na seirbhíse bus scoile, chun na scoile. Caithfidh tuismitheoirí a mac/iníon a thabhairt go dtí an ionad stoptha is gaire dóibh ar an gcúrsa bus. De ghnáth, eagraítear na cúrsaí bus ionas nach gcaithfidh aon scoláire taisteal níos mó ná 4.8 chiliméadar (3 mhíle) go dtí an ionad stoptha.

Tá soláthar ann do thuismitheoirí le n-íoc as an tseirbhís bus a leathnú amach go pointe níos gaire dóibh féin san áit go mbíonn sé seo indéanta ó thaobh ama agus nach gcuirfidh sé isteach ar scoláirí eile atá ag úsáid na seirbhíse.

Is féidir le scoláirí atá ag freastal ar mheánscoil aitheanta, cé nach í an mheánscoil ina limistéar áitiúil féin í, an tseirbhís bus a úsáid má tá áit fágtha dóibh agus go gcónaíonn siad ar a laghad 4.8 chiliméadar (3 mhíle) ón scoil atá i gceist.

D’fhéadfaí iompar a chur ar fáil, b’fhéidir, do scoláirí ionas go mbeadh ar a gcumas freastal ar an meánscoil Ghaeilge is gaire dóibh nó meánscoil do scoláirí le religiún mhionlaigh, má chónaíonn siad 4.8 chiliméadar (3 mhíle) nó níos mó ón scoil sin.

Tá scoláirí i dteideal iompar saor in aisce, má tá cárta leighis ag a dtuismitheoirí agus go gcónaíonn siad 4.8 chiliméadar (3 mhíle) nó níos mó ó limistéar na scoile áitiúil. Mar sin féin, má théann an scolaire ag meánscoil eile, seachas an scoil áitiúil, níl siad i dteideal iompar saor in aisce chun na scoile sin.

Tá táille speisialta ag Bus Átha Cliath do scoláirí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath.

Rátaí

Tá táillí na scoil bhliana mar seo leanas:

Scoláirí atá go h-iomlán ina theideal agus a mhaireann 4.8 ciliméadar (3 mhíle) nó níos mó ón scoil:

D’fhéadfadh sé go dtabharfaí cead do dhaltaí a bhfuil teidlíocht bunúsach acu ar iompar go dtí an scoil ina ndobharcheantar iompar teorann dobharcheantair a fháil ar sheirbhís taobh istigh de dhobharcheantar scoile eile, má tá fáil ar a leithéid. Má cháilíonn siad don tseirbhís seo, íocann siad an táille téarma céanna le daltaí a bhfuil teidlíocht iomlán acu atá ag freastal ar an scoil ina ndobharcheantar áitiúil. D’fhéadfadh sé go gcuirfí an táille seo ar leataobh sa chás go bhfuil cárta leighis ag teaghlach an dalta.

Táillí Deonach Bhus Átha Cliath do scoláiri dara-leibhéal:

Tugann Bus Átha Cliath taillí páiste-scoile i rith an téarma ar gach turas. Is féidir le scoláirí 16 bliain atá ag freastal af scoil dara-leibhéil ticéad dhá-thuras a cheannach ar €1.20. Is féidir le scoláirí idir aois a 16 agus 19 bliain atá ag freastal af scoil dara-leibhéil ticéad dhá-thuras a cheannach ar €1.90. Is féidir le beirt scoláirí an ticéad dhá-thuras seo a úsáid do thuras amháin nó scoláire amháin é a úsáid do dhá thuras. Bíonn an táille seo i bhfeidhm suas go dtí 5.00 a chloig ó Luan go hAoine agus suas go dtí 1.30i.n. ar an Satharn.

Maidir le bliain scoile 2009/2010 tá an táille amháin bliantúil €300 in aghaidh an dalta. Is €650 in aghaidh na bliana an méid is mó a bheidh le híoc ag teaghlach. Ba chóir an táille iomlán a bheith íoctha roimh an 31 Iúil 2009 nó in dhá thráthchuid roimh an 31 Iúil agus an 22 Nollaig 2009.

Conas iarratas a dhéanamh

Scoláirí a chónaíonn 4.8 chiliméadar (3 mhíle) nó níos mó óna scoil dara-leibhéil

Nuair a chláraíonn scoláire i meán-scoil, socraíonn príomh-oide na scoile go líonfadh na tuismitheoirí foirm iarratais d’iompar scoile. Socraíonn an príomhoide an scoláire a chur ar líosta Bhus Éireann.

Cuirfidh Bus Éireann sonrasc den táille do gach téarma díreach chuig na tuismitheoirí. Caithfidh an t-íocaíocht a bheith déanta roimh tosú an téarma. Don scoilbhliain 2009-2010 bhí an méid bliantúil iníoctha roimh 31 Iúil 2009 nó is i 2 glasíocaíocht roimh 31 Iúil agus 4 Nollaig 2009. Is féidir an táille a íoc ar líne ar shuíomh gréasáin Bus Éireann.

Bus Áth Cliath

Tá tuilleadh eolais faoi ticéid dalta scoile agus scoláirí ar shuíomh gréasáin Bus Áth Cliath.

Iarratas don deontas in áiteacha iargúlta

Caithfidh na tuismitheoirí scríobh díreach chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna sa Tullach Mór mar gheall ar an deontas seo.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil:+353 (0)57 932 5466/7
Facs:+353 (0)57 932 5477
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.