Freastalaítear ar oideachas daltaí 12 go 18 aois san earnáil iarbhunoideachais. Is éigeantach freastal ar scoil iarbhunoideachais do mhic léinn atá faoi 16 bliana d’aois. Tosaíonn an chuid is mó de leanaí le hoideachas dara leibhéil (ar a dtugtar iarbhunscoil) ag 12 nó 13 bliana d’aois. Tá cineálacha éagsúla iar-bhunscoileanna ann.
I gceantair tuaithe agus i mbailte, bíonn scoil amháin ann go ginearálta a bhfreastalaíonn na mic léinn ar fad sa cheantar uirthi. Is féidir, áfach, go bhfuil rogha scoileanna ag cuid de thuismitheoirí agus mic léinn, go háirithe i gcathracha nó in áiteanna a bhfuil daonra mór iontu. Tá tosca éagsúla anseo ar féidir gur mian leat smaoineamh orthu agus tú ag rogha iar-bhunscoile:
Is féidir leat do leanbh a chur chuig do rogha iarbhunscoile, ar choinneáil go bhfuil áit ar fáil dó. Nuair a bhíonn fadhb áite ann, ní mór don scoil tosaíocht a thabhairt ar bhonn a polasaí cláraithe. Tá sé seo dréachta ag an mbord bainistíochta agus caithfidh sé a bheith ar fáil ar iarratas. Cé go mbíonn an chuid is mó iarbhunscoileanna in ann gach leanbh a chuireann isteach a chlárú, ní bhíonn uathrathaíocht áite sa scoil áitiúil.
Chun do leanbh a chlárú, ní mór duit liosta iarbhunscoileanna i do cheantar a sheiceáil. Ina dhiaidh sin, ní mór duit dul i dteagmháil le do rogha scoile le feiceáil an bhfuil áit ar fáil inti. Is féidir le rogha do scoile do leanbh a chur a liosta feithimh nó is féidir go mbeidh ort dul i dteagmháil le scoileanna eile i do cheantar.
Ní ghearrann tromlach mór na n-iarbhunscoileanna táillí. Ní mór do mhic léinn íoc as leabhair agus táillí scrúdaithe. Ina theannta sin, tá costais eile ann, ar nós éide scoile. Tá scéimeanna ann chun cabhair a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal chun costais scolaíochta a ghlanadh. Tá ciorclán faoi mheáchan málaí scoile ar fáil ar an suíomh gréasáin den Roinn Oideachais agus Scileanna.
Is é atá san oideachas dara leibhéil ná Córas Sóisearach, agus Córas Sinsearach de dhá bhliana nó thrí bliana ian dhiaidh. Déantar scrúdú Clár an Teastais Sóisearaigh ag deireadh Córais Sóisearaigh. Sa Córas Sinsearach, tá clár Idirbhliana roghnach ar fáil, a leantar le rogha idir thrí Clár Ardteistiméireachta. Is clár dhá bhliain gach ceann de na trí chlár Teastas Ardteistiméireachta – an Ardteistiméireacht Choitianta, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus an Ardteistiméireacht Ghairmiúil. Tugtar díolúine ón nGaeilge do mhic léinn áirithe. I gcásanna áirithe beidh cead ag mic léinn bliain a dhéanamh arís de réir an ciorclán M2/95 ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Áirítear gnéithe eile oideachais iarbhunscoile:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.