Oideachas riachtanas speisialta: oideachas iarbhunscoile

Réamhrá

Féadfaidh scoláirí ag a bhfuil riachtanais oideachais speisialta a bheith i ngnáthranganna in iar-bhunscoileanna príomhshrutha nó i ranganna speisialta sna scoileanna sin nó i scoileanna speisialta. Féadfaidh siad cabhair a fháil ó mhúinteoirí oideachais speisialta agus tacaíocht cúraim a fháil ó chúntóirí riachtanas speisialta (SNAanna).

Scoileanna príomhshrutha

Féadfaidh scoláirí iar-bhunscoile ag a bhfuil riachtanais oideachais speisialta freastal ar iar-bhunscoil phríomhshrutha. D'fhéadfadh go mbeidís i ranganna príomhshrutha le tacaíocht ó mhúinteoir oideachais speisialta agus/nó le tacaíocht cúraim ó chúntóir riachtanas speisialta nó d'fhéadfaidís a bheith i rang speisialta.

Féadfaidh scoil iarratas a dhéanamh ar dheontas chun an scoil a dhéanamh inrochtana do dhalta faoi mhíchumas, mar shampla, chun rampa nó cóiríocht leithris inrochtana a chur isteach. Is féidir faisnéis faoin bhforáil seo a fháil ó Aonad Tógála na Roinne Oideachais – féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Tá na seirbhísí tacaíochta seo a leanas ar fáil do dhaltaí faoi mhíchumas agus do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag freastal ar iarbhunscoileanna:

  • Múinteoir oideachais speisialta
  • Scéim na gcúntóirí riachtanais speisialta (pdf)
  • Deontais trealaimh

Múinteoirí oideachais speisialta

Soláthraíonn múinteoirí oideachais speisialta cúnamh breise teagaisc.

Cuirtear na hacmhainní riachtanacha ar fáil do scoileanna roimh ré ionas gur féidir mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chlárú i scoileanna agus teacht ar thacaíochtaí breise. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil i gCiorclán na Roinne Oideachais 0013/2017 agus in Imlitir 0003/2024. Cuireann sé seo ar chumas scoil a bheith cuimsitheach agus tacaíocht bhreise teagaisc a chur i bhfeidhm do dhaltaí a bhfuil sé de dhíth orthu

Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna faisnéis ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí maidir le conas is féidir le do leanbh tacaíocht teagaisc bhreise a fháil ar scoil (pdf).

Má tá imní ort faoin leibhéal tacaíochta atá á thabhairt do do leanbh ba chóir duit é seo a phlé ar dtús le múinteoir ranga do linbh nó le múinteoir oideachais speisialta. D'fhéadfá na saincheisteanna seo a phlé le príomhoide na scoile agus más gá ag tráth níos déanaí má tá imní ort i gcónaí le Cathaoirleach do Bhoird Bainistíochta.

Tá leithdháileadh múinteoirí oideachais speisialta á chur ar fáil ar an mbonn nach ndiúltófar rollú d'aon leanbh ar an bhforas nach bhfuil dóthain acmhainní teagaisc ag an scoil chun freastal ar riachtanais an linbh sin. Má dhiúltaítear do do leanbh clárú le scoil, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh seo chuig Coiste Achomhairc faoi Alt 29.

Cúntóirí riachtanais speisialta

Leithdháiltear cúntóirí riachtanas speisialta ar scoileanna chun oibriú le scoláirí a bhfuil riachtanais chúraim ar leith acu. Cuireann siad tacaíocht cúraim neamh-theagaisc ar fáil. Tacaíonn SNAanna le daltaí a bhfuil riachtanais chúraim acu mar thoradh ar mhíchumas, ar dheacrachtaí iompraíochta nó ar shaincheist shuntasach leighis.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar shocruithe do leithdháileadh SNAanna in 2023-2024.

Scoileanna speisialta

Tá scoileanna speisialta ar fud na tíre do dhaltaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta. Cuireann na scoileanna seo oideachas ar fáil do scoláirí idir 5 bliana agus 18 mbliana d'aois a bhfuil míchumas foghlama ginearálta orthu ag leibhéal éadrom nó measartha. Ina theannta sin, tá iar-bhunscoileanna ann do dhaltaí lagamhairc agus lagéisteachta i mBaile Átha Cliath. Freastalaíonn na scoileanna seo ar dhaltaí lae agus ar dhaltaí cónaithe araon. Tá líon beag scoileanna ann do dhaltaí faoi mhíchumas coirp agus líon beag scoileanna speisialta do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí iompraíochta agus mothúchánacha acu.

De ghnáth déanann scoláirí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.

Lena chois sin déanann na scoileanna soláthar do scoláirí a mbeadh sé an-deacair orthu tairbhe a bhaint as cláir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta mar gheall ar a leibhéal míchumais. I roinnt scoileanna do scoláirí faoi mhíchumas éadrom, d'fhéadfaí deis a thabhairt do scoláirí páirt a ghlacadh i gcuraclam an Teastais Shóisearaigh.

Scrúduithe Stáit

D'fhéadfadh scoláirí faoi mhíchumas ar leith a bheith díolmhaithe ó chuid den scrúdú in ábhar ar leith. I gcásanna den sórt sin, d'fhéadfadh na teastais a bhronntar a thabhairt ar aird nach bhfuil cuid den scrúdú déanta ag an dalta. Déantar an nóta mínithe nuair nach ndéantar measúnú ar chroí-réimse an ábhair, nó nuair a bhíonn an éifeacht chéanna ag an modh measúnaithe a úsáidtear. Mar shampla, d'fhéadfadh scoláirí lagéisteachta a bheith díolmhaithe ó chomhpháirt éisteachta an scrúdaithe. Thabharfadh an teastas ar aird gur scrúdaíodh gnéithe uile an ábhair seachas an ghné éisteachta. Ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh scoláirí ar a bhfuil disléicse tarscaoiltí litrithe agus gramadaí a bheith acu in ábhair teanga agus thabharfadh a gcuid teastas é sin ar aird.

Rialaigh an Binse Comhionannais in 2006 go raibh an nóta mínithe seo in aghaidh na nAchtanna Comhionannais. Ar achomharc, chinn an Chúirt Chuarda gur cóiríocht réasúnta é an córas díolúine agus nodaireacht ghaolmhar i gcomhthéacs na reachtaíochta um Stádas Comhionann, agus i mí an Mheithimh 2010 dhearbhaigh an Ard-Chúirt an cinneadh sin. Tá achomharc déanta ar an gcinneadh seo chuig an gCúirt Uachtarach ó shin.

Tá socruithe i bhfeidhm le haghaidh socruithe réasúnta do dhaltaí faoi mhíchumas atá ag tabhairt faoi scrúduithe.

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann(ISL)

Tá scéim Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ann do leanaí atá Bodhar agus atá ag freastal ar bhunscoil, iar-bhunscoil nó scoil speisialta agus arb é Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a bpríomh-mhodh cumarsáide. Caithfidh leanaí a bheith ag freastal ar scoil aitheanta.

Forálfaidh an scéim don méid seo a leanas:

  • Diantacaíocht ISL speisialaithe in-scoile do scoláirí aonair chun cabhrú leo rochtain a fháil ar theagasc agus ar fhoghlaim.
  • Oiliúint agus tacaíocht don scoil agus don fhoireann chun cumarsáid a dhéanamh trí ISL

Tacaíochtaí altranais chun freastalar scoil

Tá scéim phíolótach nua á rith ag an HSE agus ag an NCSE chun tacaíochtaí altranais a chur i bhfeidhm do leanaí a bhfuil riachtanais chasta chúram sláinte acu le freastal ar scoil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar an scéim phíolótach.

An Scéim Teagaisc Bhaile

Leis an Scéim Teagaisc Bhaile soláthraítear maoiniú do thuismitheoirí chun oideachas a sholáthar sa bhaile do leanaí nach bhfuil ar a gcumas freastal ar scoil (de dheasca cúiseanna éagsúla, mar shampla breoiteacht bhuan). Tá an scéim ar fáil freisin do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag fanacht le socrúchán oiriúnach oideachais

Breisoideachas agus oiliúint

D'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta treoir maidir le hoideachas agus oiliúint iar-scoile (pdf) a sholáthraíonn faisnéis ar na roghanna atá ar fáil d'fhágálaithe scoile faoi mhíchumas.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá riachtanais speisialta oideachais ag do leanbh ba chóir duit labhairt le príomhoide na scoile faoi na tacaíochtaí foghlama atá ar fáil sa scoil. Má theastaíonn comhairle uait faoi iar-bhunscoil a d'fhéadfadh freastal ar riachtanais do linbh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d'Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais áitiúil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Ba chóir do scoileanna teagmháil a dhéanamh le hAonad Tógála na Roinne Oideachais agus Scileanna chun faisnéis a fháil faoi scoileanna a dhéanamh inrochtana. Glaoigh ar phríomhuimhir theileafóin na Roinne chun cúnamh a fháil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Ba chóir do scoileanna teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NSCE) a riarann agus a phróiseálann iarratais ar acmhainní oideachais speisialta ag baint úsáide as a líonra d'Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (SENOanna) - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim,
An Mhí
Éire

Teil: (046) 948 6400
Facs: (046) 948 6404
Láithreán Gréasáin: http://www.ncse.ie/

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Rannóg Eolas don Ógra

Bloc 2
Urlár 2
Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.youthinformation.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Deireadh Fómhair 2022