Tá na cearta oideachais céanna ag páistí an lucht siúil is atá ag páistí lonnaithe. Caithfidh siad na rialacha a bhaineann le freastal ar an scoil a chomhlíonadh mar a chéile.
Tá sé de cheart ag páistí an lucht siúil freastal ar an ngnáthchóras bunscolaíochta agus scolaíocht dara leibhéal. Faigheann na scoileanna seo breis airgid má dhéanann siad freastal orthu.
Tá cúpla scoil speisialta ann don lucht siúil amháin.
Tá seirbhísí tacaíochta áirithe ar fáil do pháistí an lucht siúil.
Téann múinteoirí cuairte i gcomhairle le teaghlaigh an lucht siúil agus comhairlíonn agus cuidíonn siad leo socraithe scoile a dhéanamh dá gcuid páistí. Soláthraíonn siad tacaíocht ag leibhéal réamhscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile. Tá Oifigeach Náisiúnta Oideachais i gceannas ar an tseirbhís seo don lucht siúil. Tá sé beartaithe go mbeidh an tSeirbhís Múinteoir Cuairte don Lucht Siúil (SMCLS) comhtháite sa chlár Tacaíochta Scoile amháin faoin mBord Náisiúnta Leasa Oideachais. Tá an beartas comhtháthaithe ar siúl faoi láthair.
Cuirtear uaireanta breise múinteoireachta ar fáil do scoileanna ar bhunús .07 múinteoir breise i gcomhair gach dalta de chuid an lucht siúil atá ar an rolla. Ní mór do scoileanna foirm (atá ar fáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna) a chomhlánú chun an leithdháileadh seo a éileamh.
Tá ionadaithe de chuid phobal an Lucht Siúil agus de chuid na bpáirtithe oideachais ar Choiste Comhairleach ar an Oideachas don Lucht Siúil. D'fhoilsigh an coiste Tuairisc agus Moltaí gcomhair Oideachas don Lucht Siúil.
Is féidir na Treoirlínte d'Oideachas an Lucht Taistil i mBunscoileanna (pdf) agus na Treoirlínte d'Oideachas an Lucht Taistil in Iar-bhunscoileanna (pdf) a léamh ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.