Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Tacaíocht Oideachais > Scoileanna agus teicneolaíocht faisnéise

Print Page Send to a Friend

Scoileanna agus teicneolaíocht faisnéise

Eolas

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta do bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) a fhorbairt sna scoileanna. Is é is cuspóir le bheith tiomanta amhlaidh ná cabhrú le múinteoirí TFC a chorprú ina sraitheanna scileanna agus ina gcleachtadh múinteoireachta agus acmhainní curaclaim agus foghlama a fhorbairt a bhaineann úsáid as TFC. Tá sracléiriú sa mhéid seo ina dhiaidh seo ar na straitéisí agus ar na cláir atá ar fáil chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Déanann an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachais (LNTO) an chuid is mó de na cláir sin a oibriú agus a bhainistiú.

D'fhoilsigh an Roinn 2 thuairisc maidir le TFC i scoileanna. Is í tuarascáil de chuid grúpa straitéise ceaptha chun comhairle faoi infheistíocht TFC i scoileanna a thabhairt Ag Infheistiú go hÉifeachtach i dTeicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide i Scoileanna, 2008-2013 (pdf) í. Is é breithmheas ar thionchar TFC maidir le múineadh agus foghlaim a rinne an Foireann Chigireachta na Roinne ICT in Schools (pdf) é.

An Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas

Is gníomhaireacht de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (LNTO). Tá sainchúram leathan ar an lárionad sa réimse TFC agus oideachais. Is iad na príomhthascanna atá aige bainistiú a dhéanamh ar Chlár an Rialtais maidir le TFC ar Scoil a chur i ngníomh, tograí beartais TFC a fhorbairt agus comhairle maidir le beartais a sholáthar don Roinn Oideachais agus Scileanna.

Leanann an Clár maidir le TFC ar Scoil as Schools IT2000. Faoin mórthionscnamh náisiúnta seo d’infheistigh Rialtas na hÉireann níos mó ná 50 milliún euro idir 1998 agus 2001, ag bunú bonneagair TFC agus ag éascú TFC a shníomh isteach sa mhúinteoireacht agus i gcúrsaí foghlama i scoileanna na hÉireann. Féach ar an tuarascáil ‘Tionchar Schools IT2000’ (pdf) anseo.

Rinne an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas bainistiú ar Schools IT2000 a chur i ngníomh. Tá an ról sin tar éis forbairt agus tá an méid seo a leanas ar áireamh ar phríomhréimsí oibre an LNTO na laethanta seo:

  • Faisnéis agus comhairle a sholáthar do ghníomhaireachtaí oideachais eile maidir le TFC i gcúrsaí oideachais.
  • Bainistiú a dhéanamh ar mhaoiniú do scoileanna chun a mbonneagar teicneolaíochta a fhorbairt agus chun trealamh agus bogearraí TFC a cheannach. Soláthraíonn an ROE an maoiniú sa chuid is mó de chásanna.
  • Sraith de chláir oiliúna TFC gairme beatha do mhúinteoirí a dhearadh agus a chur i ngníomh.
  • ScoilNet - tairseach oideachais ar líne - a fhorbairt agus a chothabháil.
  • Múnlaí comhtháite agus tacaíochta teicneolaíochta a thionscnamh trí Thionscadal um Chomhtháthú na Scoileanna (TCS).
  • Tacaíocht sa TFC san oideachas a sholáthar do mhúinteoirí mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu.
  • Taighde a dhéanamh ar TFC san oideachas agus bogearraí oideachais a fhorbairt agus a mheasúnú.

An Tionscnamh um Comhtháthú Teicneolaíochta (TCT)

Déantar leis an Tionscnamh Comhtháite Teicneolaíochta (TCT) comhtháthú dea-chleachtais i mbonneagar TFC scoileanna a chur chun cinn agus tacú leis chun úsáid éifeachtach TFC ar fud na scoile a éascú.

Clár Leathanbhanda na Scoileanna

Is í is aidhm le Clár Leathanbhanda na Scoileanna rochtain ar an leathanbhanda agus seirbhísí eile a sholáthar do gach bunscoil agus gach iarbhunscoil. Is é sin le rá, rochtain shrianta ar an idirlíon, ríomhphost slán, seirbhísí slándála TFC etc. Riarann an LNTO an clár sin lena n-áirítear comhairle agus tacaíocht maidir le gach gné den chlár a sholáthar do scoileanna.

Chuir Bhuiséad Forlíontach 2009 €7 milliún ar fáil don Roinn Chumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha do threoirthionscadal chun iarbhunscoileanna le leathanbhanda 100mbs a threalmhú.

Líonrú scoileanna

Is é atá i Líonrú Scoileanna straitéis bonneagair TFC a thacaíonn le líonrú ríomhairí i scoileanna. Éascóidh líonrú an leathanbhanda a dháileadh ar fud na scoile.

TFC in áireamh na scoileanna

Déanann an LNTO áirimh scoileanna TFC ar fud na tíre, faoin Tionscnamh Comhtháite Teicneolaíochta. Is áirimh chuimsitheacha iad ar leibhéil agus úsáid TFC i scoileanna. Tá an tuarascáil áireamh ón bhliain 2005 ar fáil ar an suíomh gréasáin LNTO.

Scoilnet

Tá clár Scoilnet freagrach as an Idirlíon san oideachas a chur chun cinn agus a úsáid faoi Chlár an Rialtais maidir le TFC ar Scoil. I gcroílár an tionscnaimh sin tá suíomh idirlín Scoilnet a fhorbairt. Is é atá i Scoilnet tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais agus Scileanna d’oideachas in Éirinn. Tá naisc agus acmhainní ann a thacaíonn le múinteoirí, le mic léinn, le tuismitheoirí agus le bainisteoirí scoileanna. Déanann foireann saineolaithe ar an gcuraclam ábhar an tsuímh a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta. Tacaíonn clár Scoilnet freisin le forbairt a dhéanamh ar shuímh idirlín oideachais shonracha eile, ar shuímh idirlín scoileanna agus ar úsáid an idirlín le haghaidh cúrsaí oideachais.

Oideachas speisialta agus TFC

Tá raon sainfhaisnéise ag LNTO ar riachtanais speisialta oideachais agus TFC chomh maith le comhairle agus acmhainní do mhúinteoirí agus do dhaoine eile atá ag obair sna réimsí TFC agus riachtanas speisialta.

Sábháilteacht idirlín

Tá an méid seo a leanas ar áireamh ar straitéis Sábháilteachta an Idirlín do scoileanna:

  • ‘Beartas maidir le hÚsáid Inghlactha’ (BUI) a cheapadh.
  • Bogearraí scagtha nó faireacháin a shuiteáil.
  • Mic léinn, múinteoirí agus tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le baoil ionchasacha an Idirlín agus oideachas a chur orthu chun na baoil sin a laghdú.

Tá an LNTO tar éis a bheith bainteach le trí cinn de thionscnaimh feasachta maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Idirlín (PGI) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tugtar SAFT, ONCE agus dotSAFE ar na tionscnaimh feasachta sin. Tá an clár Safer Internet Plus curtha in ionad clár PGI faoin am seo. Is é Webwise an nód Éireannach maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Idirlín. Is iad na cuspóirí atá le Webwise úsáid shábháilte an Idirlín a chur chun cinn i measc leanaí scoile (atá idir 4-18 mbliana d’aois), a dtuismitheoirí agus a múinteoirí. Déanann Webwise acmhainní oideachais, comhairle agus faisnéis maidir le baoil ionchasacha ar an idirlíon a sholáthar do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do leanaí agus cabhraíonn sé le húsáideoirí na baoil sin a laghdú nó a sheachaint.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil:+353 (0)1 700 8200
Facs:+353 (0)1 700 8210
Láithreán Gréasáin: http://www.ncte.ie
R-phost: info@ncte.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.