Tá scéimeanna difriúla ann a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil do dhaltaí áirithe ag freastal ar scoil. Cabhraíonn na scéimeanna seo leis na costais a bhaineann le freastal ar scoil. Tá formhór na scéimeanna dírithe ar dhaltaí a bhfuil a n-ioncam teaghlaigh faoi bhun leibhéil áirithe agus a bhraitheann ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh don chuid is mó. Tá scéim ann chomh maith do dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste toisc gó gcónaíonn siad aistear fada ón scoil. Tá na sonraí a bhaineann leis na scéimeanna éagsúla leagtha amach thíos.
Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ann chun cabhrú le daltaí atá ag freastal ar scoil na costais éadach agus bróg a ghlanadh. Feidhmíonn an scéim ó 1 Meitheamh go dtí 30 Meán Fómhair gach bliain. Le bheith i dteideal an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua caithfidh an t-iarratasóir (tuismitheoir nó caomhnóir) a bheith ag fáil sochar leasa shóisialaigh áirithe nó íocaíochtaí i gcomhair traenáil, scéimeanna fostaíochta nó aos-oideachais. Chomh maith leis sin, caithfidh ioncam iomlán an teaghlaigh a bheith faoi bhun suim áirithe.
Caithfidh an páiste nó dalta a bheith idir 2 agus 22 bhliain d'aois roimh an 1 Deireadh Fómhair sa bhliain ina dhéantar an t-iarratas agus a bheith in oideachas lánaimseartha ag scoil nó coláiste aitheanta. Sa chás go bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh gearrthéarmach ag duine, caithfidh na leanaí cleithiúnacha a bheith idir 2-17 mbliana d'aois.
Tá scéim deontais ar fáil do dhaltaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna an Stáit chun cabhrú le costas leabhar scoile. Tá an scéim dírithe go príomha ar dhaltaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus ó theaghlaigh a mbíonn deacrachtaí airgid acu. Tagann an maoiniú don scéim seo ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá an scéim á riaradh ag príomhoide na scoile i ngach scoil.
Cuirtear níos mó airgid ar fáil do scoileanna sa Chlár Soláthar Comhdheiseanna i Scoileanna (DEIS) ná do scoileanna nach bhfuil s scéim sin.
Ar na daltaí a d'fhéadfadh a bheith i dteideal cúnaimh faoin Scéim Deontais na Leabhar Scoile atá:
Níl daltaí atá faoi chúram teaghlaigh altramais faoi shocruithe a rinne d'Oifig Sláinte Átiúil agus daltaí atá rannpháirteach i Youthreach, VTOS agus cúrsaí Ardteistiméarachta incháilithe do chúnamh faoi Scéim Deontais na Leabhar Scoile. Léigh níos mó faoi Scéim Deontais na Leabhar Scoile i mBunscoileanna agus faoi Scéim Deontais na Leabhar Scoile in Iarbhunscoileanna.
Ní gá do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir i seilbh chárta leighis táillí scrúduithe na hArdteistiméarachta nó an Teastais Shóisearaigh a íoc. Sa chás seo, cuirtear sonraí an chárta leighis ar an bhfoirm íocaíochta táille, agus is ansin a sheolann an tuismitheoir an fhoirm ar ais chuig an scoil. Sa chás go bhfuil díolúine agat ó tháillí mar go bhfuil cárta leighis ag do thuismitheoirí, tá táillí deireanacha fós le híoc agat má dhéanann tú d'iarratas tar éis an spriocdháta. Tá eolas níos cruinne ar tháillí scrúdaithe na hArdteistiméireachta agus ar tháillí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh
Faoi scéim Deontais na gCeantar Iargúlta, cuirtear tacaíocht airgid ar fáil chun cabhrú le daltaí a bhfuil cónaí orthu aistear fada ó scoil a chuireann oideachas iarbhunscoile saor ar fáil. Le cáiliú don deontas seo, ní mór don dalta a bheith ina chónaí ar a laghad 4.8 km ón iarbhunscoil agus níos mó ná 3.2 km ó phointe bailiúcháin ar an seirbhís iompair go dtí an scoil sin. Caithfidh gur diúltaíodh áit scoile don dalta i scoil chuí laistigh de 25 km óna mbaile féin agus caithfidh sé/sí a bheith ag freastal ar iar-bhunscoil a chuireann oideachas dara leibhéal ar fáil do dhaltaí lae. Is féidir le daltaí a chónaíonn ar oileáin amach ón gcósta, áit nach bhfuil oideachas iar-bhunscoile saor ar fáil, cáiliú le haghaidh cúnaimh faoin scéim. Léigh níos mó faoi Dheontas Cónaithe na gCeantar Iargúlta.
Ba chóir duit iarratas ar chabhair faoi Scéim Deontais na Leabhar Scoile a sheoladh go díreach chuig príomhoide na scoile. Tá discréid iomlán ag an bpríomhoide an cinneadh a dhéanamh faoi na daltaí is mó i ngátar. Beidh tuilleadh eolais faoi fheidhmiú na scéime i scoil do pháiste ar fáil ó phríomhoide na scoile.
Riarachán Bunoideachais 1
Corr na Madadh
An Iarmhí
Éire
Teil:+353 (0)90 6483731
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.