Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Tacaíocht Oideachais > Seirbhís síceolaíochta i scoileanna

Print Page Send to a Friend

Seirbhís síceolaíochta i scoileanna

Eolas

Soláthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) seirbhísí síceolaíochta i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna poiblí agus príobháideacha in Éirinn agus in ionaid oideachais ghaolmhara. Is seirbhís í an SNSO faoin Roinn Oideachais agus Scileanna agus is í a cuspóir ná tacú le forbairt phearsanta, shóisialta agus oideachais gach linbh trí chleachtas agus theoiric shiceolaíochta a chur i bhfeidhm san oideachas. Tugann an tSeirbhís aird ar leith ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

I measc aidhmeanna SNSO tá:

  • Teagmháil agus seirbhísí díreacha a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil tacaíocht ó shiceolaí oideachais ag teastáil uathu
  • Seirbhís chomhairliúcháin a chur ar fáil do mhúinteoirí agus thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, a chabhróidh leo cumas a fhorbairt agus an leas is fearr a bhaint as acmhainní oideachais
  • Múnla seirbhíse a fhorbairt a dhéanann freastal ar thacaíocht agus fhorbairt, obair mheasúnaithe agus córais
  • Moladh agus tacaíocht a chur ar fáil don Aire Oideachais agus Scileanna baint a bheith acu le beartas oideachais
  • Cumarsáid éifeachtach a fhorbairt idir rannóga eile sa Roinn Oideachais agus Scileanna agus comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí
  • Dea-chleachtas a leanúint i síceolaíocht an oideachais agus taighde á dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais faoi reáchtáil seirbhísí SNSO sa leabhrán Ag Obair le Chéile ar Mhaithe le Leanaí (pdf) ar an suíomh gréasaín ROE.

Bunaíodh SNSO i Meán Fómhair 1999 agus chuir sé tús le próiseas le seirbhís shiceolaíochta áitiúil agus so-rochtana a fhorbairt do scoileanna ar fad.

Cuireann Buiséad 2011 teorainn ar líon na foirne síceolaithe (178 faoi láthair).

Tá na síceolaithe a fhostaíonn SNSO lonnaithe i ndeich n-áit timpeall na tíre. Oibríonn siad go díreach le roinnt scoileanna agus i measc a gcuid oibre tá:

  • Obair a dhéanamh de réir cáis le leanaí agus daoine óga aonair
  • Seirbhís chomhairliúcháin a sholáthar do mhúinteoirí agus thuismitheoirí
  • Bheith páirteach i dtionscnaimh scoile a bhaineann le síceolaíocht oideachais
  • Sláinte intinne a chur chun cinn i scoileanna

Sceim le Measúnuithe Pearsanta Síceolaíochta a Ordú (SMPS)

Is féidir le scoileanna atá gan SNSO faoi láthair leas a bhaint as an Scéim le Measúnuithe Pearsanta Síceolaíochta a Ordú (SMPS). Is idirbheart í an scéim sin a chuireann maoiniú ar fáil do scoileanna le riachtanais phráinneacha ar chomhairle Síceolaíochta, fad is atá seirbhísí SNSO á leathnú chuig na scoileanna ar fad. Níl na síceolaithe ar phainéal na scéime fostaithe go díreach ag SNSO. Tá siad i gcleachtas príobháideach agus tá SNSO sásta gur baill chéimithe iad dár gcumainn ghairmiúla agus go bhfuil cur amach acu ar mheasúnú pearsanta Síceolaíochta a dhéanamh ar leanaí. Tá níos mó eolais ar an Scéim le Measúnuithe Pearsanta Síceolaíochta a Ordú ar fáil anseo

Cén chaoi gur cheart leanaí a roghnú le measúnú pearsanta síceolaíochta?

Is iondúil go bhfuil sé tugtha faoi deara ag na múnteoirí go bhfuil deacrachtaí ag na leanaí sin leis an ngnáth-churaclam a leanúint. Ba cheart aon deacrachtaí atá ag leanbh a chur in iúl do thuismitheoirí tamall fada sula mbeidh sé i gceist measúnú síceolaíochta a iarraidh do leanbh. Más gá, ba cheart tuismitheoirí a spreagadh an páiste a thabhairt go dtí an dochtúir lena s(h)láinte ghinearálta, éisteachta agus radharc na súl a scrúdú.

Roimh measúnú pearsanta síceolaíochta a ordú do leanbh, ba cheart d'fhoireann na scoile breathnú ar mhúinteoireacht bhreise mar rogha.

Má dhéanann an scoil an cinneadh go bhfuil gá le measúnú do pháiste faoi leith, ba cheart don phríomhoide nó do mhúinteoir ainmnithe agallamh pearsanta a shocrú leis an mbeirt thuismitheoirí agus/nó caomhnóirí dlíthiúla.

Ba cheart na cúiseanna a bhaineann leis an measúnú a phlé agus gach cuid denfhoirm cheada le measúnú Síceolaíochta (foirm 1) a shíniú roimh iarraidh ar na tuismitheoirí í a shíniú. Má tá tuismitheoir amháin ina c(h)aomhnóir dleathúil, is leor síniú an duine sin. Ba cheart freisin a chur in iúl don tuismitheoir nach caomhnóir dleathúil é/í go bhfuil an leanbh le cur ar aghaidh do mheasúnú.

Ní mór do na síceolaithe a dhéanann measúnú faoin scéim seo buaileadh leis na tuismitheoirí. Míneoidh siad torthaí an mheasúnaithe do na tuismitheoirí agus cuirfidh siad cóip den tuairisc shiceolaíochta ar fáil dóibh.

Má mholann an tuairisc shiceolaíochta gur cheart iarratas a dhéanamh ar acmhainní breise nó an cás a chur ar aghaidh chuig seirbhísí cliniciúla, iarrfar ar na tuismitheoirí foirm cheada le ceangal le gníomhaireachtaí eile a cheadú (foirm 4) a shíniú le go mbeifear in ann an tuairisc a chur chuig na húdaráis chuí.

Is féidir an bhileog eolais SNSO do thuismitheoirí a íoslódáil anseo

Leasa leanaí a chosaint

Cé go bhfuil an scéim seo ann le go mbeidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu in ann tairbhe a bhaint as na hacmhainní cuí, beidh go leor leanaí neirbhíseach má chaitheann siad bualadh le síceolaí.

Ba cheart cuimhniú má tá a fhios ag leanaí go bhfuil deacrachtaí acu ar scoil, go bhfuil gach seans ann go gcuirfidh sé sin isteach ar a muinín má chaitheann siad bualadh le síceolaí. Mar sin de, tar éis labhairt le tuismitheoirí an linbh, níor cheart do scoil measúnú Síceolaíochta a ordú ach amháin sa chás go bhfuil siad lán-chinnte gur chun tairbhe an pháiste a bheidh an próiseas seo ar fad.

Ba cheart do na tuismitheoirí agus mhúinteoir a bhfuil aithne mhaith ag an leanbh air/uirthi an próiseas measúnaithe a mhíniú don leanbh roimh ré.

Tá sé molta gur ceart a rá leis and leanbh gur 'cruinniú atá ann le saineolaí' le fáil amach cé na rudaí atá an leanbh go maith ag déanamh agus cé na rudaí a fhaigheann sé/sí deacair ar scoil agus mar sin de. D'fhéadfaí é a mhíniú mar 'cheacht ina mbeidh go leor gníomhaíochtaí le déanamh, cuid mhaith acu fadhbanna le réiteach agus a bheidh taitneamhach'.

Beidh gá freisin a chur in iúl do leanaí óga nach mbeidh aon chóir leighis i gceist ar nós instealladh a fháil.

Ar mhaithe le rúndacht an linbh a chosaint, baineann údaráis na scoile úsáid as ceannlitreacha a (h)ainm amháin ar gach cáipéis a chuirtear chuir an SNSO.

Ní mór do gach síceolaí atá ag plé le SNSO cead an Gharda a bheith faighte acu. Moltar freisin gur cheart do dhuine ar fhoireann na scoile buaileadh isteach sa seomra measúnaithe uair nó dhó le linn an agallaimh.

Go ginearálta, ba cheart an measúnú a dhéanamh i scoil an linbh, mar a bhfuil cur amach aige/aici ar a t(h)impeallacht agus ina mbeidh sé/sí compordach.

Rialacha

Is féidir leis na grúpaí seo a leanas iarratas ar mheasúnuithe síceolaíochta a ordú faoin scéim SNSO:

  • Scoileanna nach bhfuil fáil fós acu ar an tseirbhís a chuireann SNSO ar fáil.
  • Tá discréid bhreise, ach teoranta, ag Stiúrthóirí Réigiúnacha SNSO maidir le déileáil le imthosca eisceachtúla a tharlaíonn ina réigiúin.

Rataí

Déanann SNSO íocaíocht go díreach chuig an síceolaí. Ní aisíocann SNSO scoileanna nó tuismitheoirí as measúnuithe.

Ní féidir le SNSO tuismitheoir a aisíoc as measúnú a ordú le síceolaí príobháideach. Sa chás seo tá faoiseamh cánach le fáil do na híocaíochtaí sin má úsáideann tú Foirm MED 1 (pdf).

Conas iarratas a dhéanamh

Go ginearálta is é príomhoide na scoile a chuireann leanaí ar aghaidh chuig SNSO. Ba chóir do thuismitheoirí aon imní atá orthu maidir le deacrachtaí foghlamtha a phlé le foireann na scoile ar an gcéad dul síos. Ba cheart aon cheisteanna faoi sheirbhís agus mheasúnuithe SNSO a dhéanamh go díreach chuig foireann na scoile.

Mura bhfuil an 'Scéim le Measúnuithe Pearsanta Síceolaíochta a Ordú' fós ar fáil don scoil, ba cheart don phríomhoide:

  • Leanaí a aimsiú agus a roghnú a chreideann sé a bheadh measúnú Síceolaíochta ag teastáil uathu.
  • Cead scríofa na dtuismitheoirí nó caomhnóirí dlíthiúla na leanaí atá i gceist a fháil ar fhoirm 1.
  • Foirm thagartha do mheasúnú (foirm2) a chomhlánú.
  • Dul i dteagmháil le síceolaí ar an bpainéal SNSO le measúnú/measúnaithe a dhéanamh

Ar mhaithe le híocaíocht a dhéanamh don mheasúnú Síceolaíochta, ní mór do phríomhoide na scoile an Fhoirm 3 a chomhlánú agus a chur chuig SNSO. In éineacht leis an bhfoirm sin, ní mór do phríomhoide na scoile sonrasc ón síceolaí cuí a chur ar fáil a dhearbhaíonn:

  • Go bhfuil an measúnú curtha i gcrích,
  • Go bhfuil tuairisc an tsíceolaí faighte ag an bpríomhoide
  • Go bhfuil nósanna imeachta SNSO ar fad comhlíonta mar is ceart.

Nuair a fhaigheann SNSO Foirm 3, cuirfear íocaíocht ar fáil go díreach chuig an síceolaí. (Tá na foirmeacha ar fad ar fáil ón láithreán gréasáin atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Go ginearálta déanann tú iarratas ar sheirbhísí SNSO trí phríomhoide na scoile a bhfuil do leanbh ag freastal uirthi. Is féidir eolas teagmhála a fháil anseo don deich n-oifig SNSO in Éirinn

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Cúirt Frederick
24-27 Sráid Frederick Thuaidh
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 889 2700
Facs:+353 (0)1 889 2755
R-phost: neps@education.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 December 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Tuismitheoirí agus oideachas
    Cuireann eagraíochtaí ar nós cumann tuismitheoirí, comhairlí tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí eile tacaíocht agus faisnéis ar fáil do thuismitheoirí faoi oideachas a leanaí.
  • Oideachas riachtanas speisialta i mbunscoileanna
    Cuimsíonn na socruithe d’oideachas riachtanas speisialta i mbunscoileanna múinteoirí tacaíochta foghlama/múinteoirí acmhainne agus cúntóirí riachtanas speisialta.
  • Seirbhís Múinteora ar Cuairt
    Oibríonn an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhís mhúinteora ar cuairt le haghaidh páistí bodhra nó lagéisteachta agus páistí le lagú amhairc.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.