Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Tacaíocht Oideachais > Deontais trealaimh do scoláirí le riachtanaisí speisealta

Print Page Send to a Friend

Deontais trealaimh do scoláirí le riachtanaisí speisealta

Eolas

Tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna deontais do scoileanna chun cur ar a gcumas trealamh a cheannacht do scolairí dara-leibhéal atá faoi mhíchumas.

Baineann an scéim seo le scoláirí atá faoi mhíchumas fisiciúil agus scoláirí atá faoi mhíchumas cumarsáide a fhágann go bhfuil gnáth-chumarsáid labhartha agus scríofa do-dhéanta dóibh.

Sé an aidhm atá leis an scéim ná trealamh a chur ar fáil don scoláire a bheidh fiúntas oideachasúil ann dó/di. Sampla den cinéal trealamh a bheadh i gceist anseo ná ríomhaire, téipthaifeadán, próisealaí focal, inneall dréachta, slí ionduchtú, fearas dall-léitheoireachta (braille) agus bogearraí.

Coinnítear an trealamh sa scoil. Is féidir leis an mBord Bainistíochta, áfach, cead a thabhairt do scoláire úsáid a bhaint as an trealamh sa bhaile. Is leis an scoil féin an trealamh seo agus go hiondúil tabharfar do scoláire eile é, nó do scoil eile nuair nach bhfuil sé ag teastáil ón scoil níos mó.

Rialacha

Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna a bheith lán-sásta go bhfuil an scoláire ábalta úsáid mhaith a bhaint as an trealamh atá i gceist. Go hiondúil caithfidh an scoil a thaispeáint go dteastaíonn an trealamh ón scoláire le linn uaireanta scoile agus nach leor an trealamh atá sa scoil cheana chun freastal ar riachtanais an scoláire gan an rochtain ar an trealamh a bhaint ó na scoláirí eile.

Caithfidh scoileanna fanacht go bhfaigheann siad cead le trealamh a cheannach. Nuair a cheannaítear an trealamh seo, ba cheart, sonraisc admhálaithe a chur in éineacht le na héilimh ar íocaíocht. Ba cheart cóipeanna díobh seo a choinneáil i gcuntas na scoile.

Tá an Bord Bainistíochta freagrach as costais árachais, cothabhála, deisiúcháin agus seirbhisiú. Ba cheart múinteoir amháin a bheith freagrach as bainistiú an trealaimh agus as a bheith ag cinntiú go bhfuil úsáid éifeachtach á bhaint as sa scoil.

Rátaí

Is é an deontas a bheidh i gceist d'aon scoláire ná costas an trealaimh, chuig uasmhéid de €3,800. Ag brath ar fhiúntas an trealaimh b'fhéidir go mbeadh deontas níos airde ar fáil.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir do lucht bainistíochta na scoile iarratais ar threalamh speisialta a chur chuig an Eagraí um Riachtanais Oideachasúla Speisialta (EROS) a bhfuil cúram na scoile sin air nó uirthi. (Tá liosta teagmhála EROSanna agus foirm iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Spesialta.) Ba cheart measúnú cuimsitheach proifisiúnta, a le deireanas ar nádúr agus tromchúiseacht mhí-chumas an scoláire agus an trealamh is fearr a d'fheilfeadh dó/di, a chur isteach leis an iarratas. D’fhéadfadh measúnacht síceolaíoch, tuarascáil ar theiripe shaothair, tuarascáil ar fhisiteiripe nó tuarascáil ghairmiúil eile a bheith mar chuid de seo.

Is féidir leat an ciorclán is déanaí faoin deontas i leith trealaimh a léamh freisin ar shuíomh gréasáin an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim,
An Mhí
Éire

Teil:+353 (0)46 948 6400
Facs:+353 (0)46 948 6404
Láithreán Gréasáin: http://www.ncse.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.