In Éirinn tá iachall ar scoileanna bunleibhéil 183 lá scoile a oibriú sa bhliain agus scoileanna dara leibhéil 167 lá. Uair amháin bhí a gcomhairle féin roinnt mhaith ag scoileanna faoi thús agus deireadh théarmaí scoile. Mar sin bhí éagsúlacht nach beag idir scoileanna sna dátaí athoscailte tar éis saoire na Nollag, abair, agus scítheanna lárthéarma.
Ó 2004 i leith, tá caighdeánú déanta de réir sraith chomhaontú idir ionadaithe ó na scoileanna, ó cheardchumainn na múinteoirí, ó eagraíochtaí tuismitheoirí agus ó ghrúpaí eile. Tá an comhaontú is déanaí i bhfeidhm ar feadh 3 scoilbhliana ó Deireadh Fomhair 2011 go dtí Cáisc 2014.
Níl aon chaighdeán leagtha síos faoi thús agus deireadh na scoilbhliana. Mar sin tá solúbthacht áirithe ag scoileanna faoi thús agus deireadh saoire an tsamhraidh. Bíonn na scoileanna uilig dúnta Mí Iúil agus (formhór nó an mhí go léir) Mí Lúnasa. Tá caighdeánú déanta ar shaoire na Nollag agus na Cásca agus ar gach briseadh lárthéarma.
I dtús na bliana scoile faigheann tuismitheoirí agus caomhnóirí liosta na ndúnta scoile i rith na bliana, lena n-áirítear laethanta saoire agus laethanta traenála do mhuinteorí. Má tharlaíonn aon dúnadh eile gan choinne, tabharfaidh an scoil réamhfhógra duit.
Pléann ciorclán 0034/2011 de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna le caighdeánú na scoilbhliana. Soláthraíonn an ciorclán freisin treoir (pdf) maidir le conas is féidir scoileanna am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.
Níl aon dátaí cinnte socraithe faoi thús agus deireadh na scoilbhliana i mbunscoileanna ná i scoileanna dara leibhéil. Ach, go hiondúil, mar gheall ar na scrúdaithe teistiméireachta ní bhíonn na scoileanna dara leibhéil oscailte do ghnáthranganna i ndiaidh Dé hAoine roimh shaoire bainc an Mheithimh (an chéad Luan i Mí Meithimh) in aon bhliain. De ghnáth tosaíonn an scoilbhliain sa tseachtain chéanna a dtiteann an 1ú Meán Fómhair.
Ní mór chuile scoil a bheith ar oscailt i gcóir ranganna 183 lá ag an mbunleibhéal agus 167 lá ag an dara leibhéal. Aon lá le cois féadfaidh scoileanna é a úsáid ar a gcomhairle féin le fad a chur le saoire an tsamhraidh nó le dúnadh i gcóir laethanta saoire eaglaise nó laethanta saoire eile.
Ach níl cead na laethanta seo a úsáid le fad a chur le saoire na Nollag nó na Cásca nó le scíth lárthéarma (ach amháin má thiteann lá nó laethanta saoire eaglaise ag an am sin i gcás scoileanna a bhaineann le reiligiún nó creideamh ar leith). Má tharlaíonn sé go mbíonn scoil gann i laethanta gan socrú fúthu i gcóir lá saoire eaglasta d’fhéadfaí an lá sin a mharcáil mar lá scoile gan teagasc.
Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2011
Dúnfar gach scoil ón Luan 31 Deireadh Fómhair 2011 go dtí an Aoine 4 Samhain 2011.
Nollaig 2011
Dúnfar gach scoil ar an Déardaoin 22 Nollaig 2011 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luan 9 Eanáir 2012.
Scíth lárthéarma na Feabhra 2012
Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin 16 agus an Aoine 17 Feabhra 2012. (Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.)
Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan 13 go dtí an Aoine 17 Feabhra 2012 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.
Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 15 Feabhra 2012.
Cáisc 2012
Dúnfar gach scoil ar an Aoine 30 Márta 2012 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 4 Aibreán 2012.
Athosclófar gach scoil ar an Luan 16 Aibreán 2012.
Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2012
Dúnfar gach scoil ón Luan 29 Deireadh Fómhair 2012 go dtí an Aoine 2 Samhain 2012.
Nollaig 2012
Dúnfar gach scoil ar an Aoine 21 Nollaig 2012 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luan 7 Eanáir 2013.
Scíth lárthéarma na Feabhra 2013
Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin 14 agus an Aoine 15 Feabhra 2013. (Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.)
Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan 11 go dtí an Aoine 15 Feabhra 2013 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.
Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 13 Feabhra 2013.
Cáisc 2013
Dúnfar gach scoil ar an Aoine 22 Márta 2013 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 27 Márta 2013.
Athosclófar gach scoil ar an Luan 8 Aibreán 2013.
Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2013
Dúnfar gach scoil ón Luan 28 Deireadh Fómhair 2013 go dtí an Aoine 1 Samhain 2013.
Nollaig 2013
Dúnfar gach scoil ar an Aoine 20 Nollaig 2013 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luan 6 Eanáir 2014.
Scíth lárthéarma na Feabhra 2014
Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin 20 agus an Aoine 21 Feabhra 2014. (Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.)
Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan 17 go dtí an Aoine 21 Feabhra 2014 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.
Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 19 Feabhra 2014.
Cáisc 2014
Dúnfar gach scoil ar an Aoine 11 Aibreán 2014 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin 16 Aibreán 2014
Athosclófar gach scoil ar an Luan 28 Aibreán 2014.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.