Smacht i scoileanna

Réamhrá

Caithfidh bord bainistíochta scoile cód iompair a chur le chéile do scoláirí. Caithfear a leagan amach sa chód conas a ghearrfar pionós ar scoláirí as é a shárú.

I measc na nósanna imeachta smachta bíonn fionraí agus díbirt i gceist, amanna. Le fionraí nó díbirt a achomharc, caithfidh tú amhlaidh a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 42 lá tar éis don bhord bainistíochta an cinneadh a dhéanamh. Chun teacht ar eolas breise faoi conas fionraí nó díbirt ón scoil a achomharc – féach thíos.

Cód iompair do scoláirí

Nuair atá do leanbh ag tosú ar an scoil, caithfidh an príomhoide cóip de chód iompair na scoile a thabhairt duit. Is féidir iarraidh ort freisin comhaontú le gach iarracht réasúnta a dhéanamh lena chinntiú go gcloíonn do leanbh leis an gcód.

Caithfear na rudaí seo a leanas a leagan amach i gcód iompair i scoil:

  • Na cineálacha iompair a dhéanann an scoláire a mb’fhéidir go mbeadh bearta smachta riachtanach ag teastáil uathu
  • Cineál na mbeart smachta nach mór tabhairt fúthu
  • Nósanna imeachta a bhfuiltear le cloí leo sula gcuirtear scoláire ar fionraí nó sula ndéantar é/í a dhíbirt
  • Forais le fionraí a bhaint

Moltar i dtreoirlínte na Roinne Oideachais gur chóir go mbeadh cosc ar bhulaíocht mar pháirt lárnach de chód scríofa iompair agus smachta i ngach scoil.

Cuirtear cóid le chéile le hionchur ó mhúinteoirí, tuismitheoirí agus an t-oifigeach leasa oideachais. Oibríonn na hoifigigh leasa oideachais le Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) agus cuidíonn siad le comhordú na mbeartas ar fad maidir le freastal agus le leas oideachais níos fairsinge.

Tá Treoirlínte do Scoileanna maidir le Cód Iompair Fhorbairt (pdf) agus eolas do thuismitheoirí agus caomhnóirí faoi scoileanna ar fáil ar láithreán gréasáin Tusla.

Smacht i scoileanna

Bíonn neamhspleáchas nach beag ag scoileanna i limistéar an smachta. Caithfidh siad nósanna imeachta cothroma a úsáid, áfach. Áirítear leis seo éisteacht le cás an scoláire.

Caithfidh cód iompair a bheith ag scoileanna ina leagtar amach conas a ghearrfar pionós ar scoláirí i ngeall ar an gcód a shárú. Glactar leis go gcomhaontaím tuismitheoirí leis na pionóis a leagtar amach sa chód iompair, má chuirtear ar an eolas iad nuair a thosaíonn a leanbh ar an scoil. Mar thoradh air sin, más coinneáil atá i gceist leis an bpionós, ní féidir leis na tuismitheoirí nó leis an scoláire a mhaíomh go ndearnadh an scoláire a phríosúnú go héagórach.

Cuireann an Roinn treoirlínte do bhunscoileanna faoi bheartas a fhorbairt maidir le smacht i scoileanna agus treoirlínte do scoileanna dara leibhéal faoi bheartas ar smacht i scoileanna a fhorbairt ar fáil.

Pionós corpartha

Faoi Alt 24 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997, d'fhéadfadh gur coir a bheadh i gceist le pionós corpartha a ghearradh ar scoláirí. Ceadaíonn Ailt 18 agus 20 den Acht, áfach, úsáid inchosanta fórsa i gcúinsí áirithe, mar shampla, féinchosaint nó daoine eile a chosaint.

An tSeirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta

Bunaíodh Seirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta (SNTI) chun cuidiú le scoileanna déileáil le hiompar suaiteach. Oibríonn an tseirbhís le scoileanna áirithe ina bhfuil fadhbanna móra smachta. Oibrítear an SNTI trí 4 fhoireann tacaíochta iompair réigiúnacha. Oibríonn foireann daoine gairmiúla, síceolaithe ina measc, go dian thar thréimhse ama le scoil chun cuidiú le fadhbanna na scoile a aithint agus iompar na scoláirí a fheabhsú. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh an fhoireann moladh a dhéanamh seomra ranga tacaíochta iompair a bhunú sa scoil.

Cad a tharlaíonn má chuirtear mo leanbh ar fionraí ón scoil?

Má thit mí-iompar tromchúiseach amach, feadfaidh bord bainistíochta na scoile an cinneadh a dhéanamh do leanbh a chur ar fionraí. Ba cheart go mbeadh an próiseas fionraí leagtha amach i gcód iompair na scoile.

Cuirfidh an scoil na tuismitheoirí ar an eolas ar an bhfionraí. Má chuirtear do leanbh ar fionraí, leanfaidh siad lena n-áit sa scoil a choimeád. Ciallaíonn seo gur féidir leo filleadh ar an scoil ag deireadh a bhfionraí.

Má chuirtear do leanbh ar fionraí ón scoil ar feadh 20 lá nó níos faide i scoilbhliain, tá an ceart agat an cinneadh seo a achomharc leis an Roinn Oideachais. Caithfidh tú achomharc a dhéanamh laistigh de 42 lá tar éis go ndearnadh an cinneadh do leanbh a chur ar fionraí – féach ‘Conas fionraí nó díbirt ón scoil a achomharc’ thíos.

Cad a tharlaíonn má dhíbrítear mo leanbh ón scoil?

Sula ndéantar do leanbh a dhíbirt, caithfidh an scoil an t-oifigeach leasa oideachais a chur ar an eolas i scríbhinn ar an gcinneadh a rinne siad. D'fhéadfadh an t-oifigeach leasa oideachais ansin iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach. Ní féidir an scoláire a dhíbirt go dtí 20 lá tar éis fógra a thabhairt don oifigeach leasa oideachais faoin gcás.

Má dhíbrítear do leanbh, caillfidh siad a n-áit sa scoil.

Is féidir leat an cinneadh chun do leanbh a dhíbirt ón scoil a achomharc leis an Roinn Oideachais. Caithfidh tú achomharc a dhéanamh laistigh de 42 lá tar éis go ndearnadh an cinneadh – féach ‘Conas fionraí nó díbirt ón scoil a achomharc’ thíos.

Conas fionraí nó díbirt ón scoil a achomharc

Má dhíbrítear nó má chuirtear do leanbh ar fionraí ón scoil ar feadh 20 lá nó níos faide i scoilbhliain, tá an ceart agat an cinneadh a achomharc faoi Alt 29, den Acht Oideachais, 1998.

Caithfidh tú achomharc a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 42 lá tar éis don bhord bainistíochta an cinneadh a dhéanamh.

Is féidir leis na daoine seo a leanas achomharc a dhéanamh:

  • Tuismitheoir(í) an scoláire
  • An scoláire, má tá siad níos sine ná 18 mbliana d’aois
  • Is féidir le Tusla duine neamhspleách a cheapadh i gcásanna áirithe le fionraí nó díbirt scoláire a achomharc.

Caithfidh tú foirm achomhairc Alt 29 a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig Aonad Riaracháin Alt 29 laistigh de 42 lá tar éis an dáta a rinne an bord bainistíochta an cinneadh – féach ‘Cá féidir leat d’achomharc a sheoladh’ thíos.

Éisteacht achomhairc

Iarrfar ort freastal ar éisteacht achomhairc. Is féidir leat 2 dhuine a thabhairt leat. Ní féidir leo ráiteas a dhéanamh ag an éisteacht, áfach, murach go gceadaíonn an coiste achomhairc dóibh amhlaidh a dhéanamh.

Má tá an scoláire níos sine ná 18 mbliana d’aois, is féidir leis nó léi freastal ar an éisteacht.

Is gnách go gcuirtear an éisteacht ar bun laistigh de 21 lá tar éis don Roinn d’fhoirm achomhairc líonta Alt 29 a fháil.

Éistfidh coiste achomhairc ina bhfuil 3 dhuine le d’achomharc ag an éisteacht. Is féidir leatsa agus an scoil do chás a chur i láthair agus bíonn ceart freagartha agat. Is féidir le baill den choiste achomhairc ceisteanna a chur ort.

Is féidir leis an gcoiste achomhairc cuireadh a thabhairt do dhaoine ag a bhfuil an saineolas ábhartha freastal nó ráiteas a dhéanamh, cosúil le Tusla nó an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.

Ceapann an tAire Oideachais an coiste, ach bíonn sé neamhspleách ón Roinn. Nuair a dhéanann sé a chinneadh, caithfidh an coiste achomhairc tosca cosúil le cineál an iompair, an míniú a chuirtear ar fáil, na hiarrachtaí a rinne an scoil chun cabhrú leis an scoláire, leasanna oideachais do linbh agus an éifeacht ar scoláirí eile, a chur san áireamh. Cuirfidh siad aon saincheisteanna sábháilteachta, sláinte agus leasa i leith scoláirí agus na foirne san áireamh freisin.

Toradh d’achomhairc

I ndiaidh na héisteachta, scríobhfaidh an coiste achomhairc chugat agus chuig na rannpháirtithe eile lena réamhchinneadh agus na cúiseanna atá lena gcinneadh a chur in iúl duit.

Beidh deis agat agus ag na rannpháirtithe eile freagairt i scríbhinn laistigh de 7 lá tar éis gur eisíodh an réamhchinneadh.

Déanfaidh an coiste achomhairc a gcinneadh deiridh ansin. Seolfar cóip den chinneadh deiridh chugat agus de na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh.

Má cheadaítear d’achomharc

Más é cinneadh deiridh an choiste achomhairc d’achomharc a cheadú, tabharfar cead isteach sa scoil arís do do leanbh.

Bainfear an fionraí nó an díbirt ó thaifead scoile do linbh.

Má dhiúltaítear d’achomharc

Má chomhaontaíonn an coiste achomhairc leis an gcinneadh do leanbh a chur ar fionraí ón scoil, is féidir le do leanbh filleadh ar a scoil ag deireadh a bhfionraí.

Má chomhaontaíonn an coiste achomhairc leis an gcinneadh do leanbh a dhíbirt ón scoil, ní féidir le do leanbh filleadh ar a scoil. Is féidir le Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) cabhrú leat áit nua scoile a fháil do do leanbh, áfach.

Cuireann an Roinn Oideachais freagraí ar fáil ar cheisteanna coitianta ar fhionraí nó díbirt a achomharc (pdf) ar fáil.

Cá féidir leat d’achomharc a sheoladh

Caithfidh tú foirm achomhairc Alt 29 a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig Aonad Riaracháin Alt 29 laistigh de 42 lá tar éis an dáta a rinne an bord bainistíochta an cinneadh.

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Rannóg Eolas don Ógra

Bloc 2
Urlár 2
Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.youthinformation.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Nollaig 2020