Tinreamh scoile

Eolas

an tAcht Oideachais (Leas) 2000 a rialaíonn tinreamh scoile in Éirinn. Ardaíodh an íosaois fágála scoile san Acht go 16 bliana (15 cheana), nó críochnú trí bliana oideachais iar-bhunscoile, pé ceann is deireanaí.

Ní mór do thuismitheoirí a chinntiú go bhfreastalóidh a gcuid gasúr ar scoil aitheanta ó aois a 6 go 16, é sin nó go bhfaighidh siad íosleibhéal áirithe oideachais. Níl aon oibligeáid chinnte de réir dlí ar ghasúir freastal ar scoil ná ar a dtuismitheoirí iad a chur ar scoil.

Aithníonn Alt a 42 de Bhunreacht na hÉireann gur leis an teaghlach ó nádúr oideachas a chur ar ghasúr agus géilleann sé do cheart agus do dhualgas na dtuismitheoirí oideachas creidimh agus morálta a sholáthar dá gclann, de réir a n-acmhainní, chomh maith le h-oideachas intleachtúil, corpartha agus sóisialta. Tá cead ag tuismitheoirí an t-oideachas seo a chur ar fáil sa bhaile nó i scoileanna atá bunaithe nó aitheanta ag an Stát.

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Is áisínteacht náisiúnta í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a bunaíodh le deimhin a dhéanamh de go bhfreastalóidh gach gasúr ar scoil go rialta nó go bhfaighidh sé nó sí íosleibhéal sásúil oideachais ar bhealach éigin eile. Chomh maith leis sin cuireann sé comhairle ar an Rialtas faoi thinreamh scoile agus soláthar oideachais. Is mó an bhéim a leagann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ar chúnamh a thabhairt do scoileanna, do theaghlaigh agus do ghasúir, ná ar phionós a ghearradh de bharr neamhthinreamh scoile. Tá oifigigh leasa oideachais fostaithe go háitiúil ar fud na tíre le cúnamh agus comhairle a thabhairt do thuismitheoirí is scoileanna agus le neamhthinreamh scoile a fhiosrú. Chomh maith leis sin cuidíonn siad le beartais faoi thinreamh scoile agus leas oideachais a chomhordú. Tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach freagrach as clár Tacaíochta Scoile comhordanáidithe amháin lena mbaineann An Scéim Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail (STBSP), an Clár um Chríochnú Scoile (CCS) agus an tSeirbhís Leasa Oideachais.

Déanann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach freisin:

  • Monatóireacht ar thinreamh scoile agus leanann sé beartais áirithe le déaláil le gasúir nach bhfreastalaíonn ar scoil
  • Coinníonn sé clárliosta de ghasúir nach bhfreastalaíonn ar scoil aitheanta
  • Coinníonn sé clárliosta de ógánaigh 16 agus 17 bliain d'aois a stopann ón scoil go luath le dul ag saothrú agus socraíonn sé cúrsaí scolaíochta is oiliúna dóibh i gcomhar lena bhfostóirí
  • Cruinníonn sé sonraí faoi thinreamh is neamhthinreamh scoile, agus faoi dhaltaí a chuirtear ar fionraí nó a dhíbrítear ón scoil
  • Déanann sé idirghabháil má bhíonn dalta le díbirt ón scoil
Foilsíonn an BNLO tuairiscí faoi thinreamh scoile ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

Cuireadh deireadh leis an mBord Náisiúnta Leasa Oideachais an 1 Eanáir 2014 agus d’aistríodh a fheidhmeanna chuig an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Rialacha

Dualgais ar scoileanna

Caithfidh scoileanna clárliosta tinrimh dá gcuid daltaí a choinneáil. Caithfidh siad clárliostaí tinrimh dá gcuid daltaí uile a choinneáil agus má bhíonn dalta níos mó ná 20 lá as láthair é sin a chur in iúl don an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Má cheapann an príomhoide go bhfuil fadhb thinrimh ag dalta caithfidh sé/sí é sin a chur in iúl don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Bheadh cás mar seo i gceist mura mbeadh dalta ag freastal nó dá mbeadh sé ar fionraí. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi smacht scoile anseo. Tá eolas faoi fhilleachán tinrimh a sheoladh ar an idirlíon.

Straitéis Thinreamh Scoile

Ní mór don Bhord Bainistíochta i ngach scoil straitéis thinreamh scoile a réiteach agus a chur faoi bhráid an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Cothóidh an straitéis seo, ar bhealach dearfach, freastal rialta ar scoil agus meas ar an bhfoghlaim inti agus cuideoidh sí le:

  • Duaiseanna a thabhairt do scoláirí a mbíonn tinreamh maith acu
  • Scoláirí atá i mbaol stopadh ón scoil go luath a aithint
  • Teagmháil níos fearr idir scoileanna agus teaghlaigh na scoláirí sin a chothú
  • Dul i gcomhar le scoileanna eile d'fhonn dea-iompar agus dea-thinreamh a chothú
  • Gnéithe de mhodhanna oibre, de bhainistiú agus de churaclam na scoile a chothódh neamhláithreacht a aithint agus fáil réidh le aon ghné acu nach dteastaíonn leis an scoil a rith i gceart

Cur i bhfeidhm

Le cead ó na thuismitheoirí féadfaidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach gasúr a chur lena fhorbairt intleachtúil, mhothúchánach nó chorpartha a mheas. Má dhiúltaíonn an tuismitheoir an cead seo a thabhairt, féadfaidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach iarraidh ar an gCúirt Chuarda an scrúdú seo a ordú. Féadfaidh an Chúirt Chuarda an t-ordú cuí a dhéanamh má cheapann an breitheamh go dteastaíonn an scrúdú mar gheall ar iompar an ghasúir, a easpa dul chun cinn go hoideachasúil nó a asláithreacht rialta ón scoil gan údar maith.

Cúraimí agus dualgaisí tuismitheoirí

De réir an Acht Leasa Oideachais 2000 caithfidh tuismitheoirí a chur in iúl roimh ré don scoil má bhíonn gasúr leo le bheith ón scoil lá scoile agus údar na hasláithreachta a lua, mar shampla, tinneas. Moltar é seo a dhéanamh i scríbhinn. Cuireann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach comhairle do thuismitheoirí nach rud maith é laethanta saoire a thógáíl i rith an tearma scoile.

Tá dualgas reachtúil ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go ngabhfaidh a ngasúir ar scoil nó go gcuirtear oideachas orthu ar bhealach eile. Má cheapann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach go bhfuil ag teip ar thuismitheoir an dualgas seo a chomhlíonadh caithfidh sé Fógra Tinreamh Scoile a chur chuig an tuismitheoir go mbeidh cás cúirte ann mura bhfreastalaíonn an gasúr ar scoil go rialta. Ba chóir dó chuile iarracht réasúnta a dhéanamh roimh ré le labhairt leis na tuismitheoirí agus leis an ngasúr. Mura dtugann tuismitheoir aird ar chomhairle is féidir an dlí a chur air. Má chiontaítear an tuismitheoir d'fhéadfaí fíneáil €634.87 agus/nó mí i bpríosún a ghearradh air agus fíneáil €253.95 in aghaidh gach lá ina dhiaidh sin nach gcuirtear an gasúr ar scoil. Má mhaíonn an tuismitheoir go bhfuil oideachas feiliúnach eile á fháil is leis/léi é sin a chruthú. Má léiríonn na tuismitheoirí go ndearna siad chuile iarracht réasúnta leis an ngasúr a chur ar scoil glacfar leis sin mar leithscéal, agus i gcás mar seo ní mór tuairisc a chur ag an bhFeidhmeanneacht Seirbhíse Sláinte (FSS) .

Tá an bileog, Ná bíodh do leanbhsa thíos leis (pdf) ar fáil ón Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach i 18 dteanga.

Oideachas taobh amuigh den chóras scoile

Féadfaidh an tAire íoschaighdeáin oideachais a shocrú dóibh sin a fhaigheann oideachas lasmuigh den chóras aitheanta scolaíochta.

Ní mór don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach clárliosta a choinneáil de na gasúir atá ag fáil oideachais ach nach bhfreastalaíonn ar scoil aitheanta. Séard a bhéas sa liosta seo ná ainmneacha gasúr atá ag fáil a gcuid oideachais sa mbaile nó i scoil nach scoil aitheanta í - ní liosta luathfhágáilithe é.

Tuismitheoirí nach gcuireann a gclann ar scoil aitheanta, caithfidh siad iad a chlárú leis an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Le cead ón tuismitheoir, scrúdóidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach na socruithe oideachais a rinneadh don ghasúr lena dheimhniú go bhfuil sé ag fáil an íosmhéid scolaíochta atá ordaithe. Má bhíonn an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach sásta is féidir ainm an ghasúir a chur ar an liosta.

Mura mbíonn an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach sásta, féadfaidh sé

  • Iachall a chur ar na tuismitheoirí na socraithe cuí a dhéanamh le íosmhéid oideachais a chur ar an ngasúr agus ansin é a chlárú, nó
  • Gan é a chlárú.

Tá coinníollacha leagtha síos freisin le ainm gasúir a bhaint den chlárliosta.

Dualgas freastal ar scoil

Níl ar thuismitheoirí a ngasúir a chur ar scoil aitheanta más rud é:

  • Go bhfuil an gasúr ar an gclárliosta a luaitear thuas
  • Go bhfuil iarratas déanta ag tuismitheoirí leis an ngasúr a chur ar an liosta ach nach bhfuil cinneadh déanta fós nó go bhfuil achomharc fós le déanamh
  • Go bhfuil gasúr ag fáil oideachais taobh amuigh den stát
  • Go bhfuil údar maith ann gan an gasúr a chur ar scoil

Má dhiúltaíonn an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach gasúr a chlárú, nó má éilíonn sé gealltanas ar thuismitheoir, nó má bhaineann sé gasúr den chlárliosta, féadfaidh an tuismitheoir achomharc a dhéanamh leis an Aire. Ceapfaidh an tAire coiste achomhairc. Féadfaidh an coiste an gasúr a chlárú, nó gan é a chlárú nó gealltanas a éileamh.

Mura ndéantar achomharc, caithfidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chuile iarracht a dhéanamh an gasúr a chur ar rolla scoil éigin eile. Mura n-éiríonn leis, caithfidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a chinntiú go bhfaighidh an gasúr an t-íosmhéid oideachais atá ordaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Tuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu ag iarraidh a gclann a chur ar scoil, féadfaidh siad teagmháil le oifigeach leasa oideachais de chuid an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach le comhairle agus cúnamh a fháil. Seo liosta de na hoifigigh leasa oideachais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Leasa Oideachais

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
16-22 Sráid Glas
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 873 8700
Lóghlao:1890 363 666
Facs:(01) 873 8798
Láithreán Gréasáin: http://www.tusla.ie/services/educational-welfare-services/
R-phost: ewsinfo@tusla.ie

Page edited: 7 January 2014