Bunaíodh an Scéim Caidrimh Baile/Scoile/Pobail sa bhliain 1990. Ceapadh múinteoirí i roinnt bunscoileanna i gceantair chathrach a bhí faoi mhíbhuntáiste chun a bheith ina n-oifigigh chaidrimh. I 1990 leathnaíodh an scéim ar iarbhunscoileanna agus i 1999 bhí an scéim leathnaithe ar gach scoil atá ceaptha faoi mhíbhuntáiste. I mí Bhealtaine 2009 fograíodh go mbeadh an scéim comhtháite sa chlár Tacaíochta Scoile amháin faoin mBord Náisiúnta Leasa Oideachais. Tá an beartas comhtháthaithe ar siúl faoi láthair.
Siad na haidhmeanna atá leis an scéim caidrimh ná:
Tá an scéim ag díriú ar scoláirí a bhfuil an chontúirt ann nach ndéanfaidh siad dul chun cinn d’réir a gcumais sa chóras oideachais de bhárr míbhuntáistí eacnamaíochta nó shóisialta.
Tá Comhordaitheoir Náisiúnta agus Comhordaitheoir cúnta ann le comhairle agus tacaíocht a thabhairt ar fhorbairt na scéime, chun ceangal a dhéanamh leis na rann-pháirtithe go háitiúil agus nasc a cothú idir an obair ag leibhéal aitiúil agus ag leibhéal náisiúnta.
Bíonn fáil ag múinteoir caidrimh Baile-Scoile ar chiste airgid ar leith atá solártha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Westmeath
Ireland
Teil:+353 (0)90 643764
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.