Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Cúrsaí Láithreachais agus smachta sna scoileanna > Mí-úsáid leanaí a thuairisciú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile

Print Page Send to a Friend

Mí-úsáid leanaí a thuairisciú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile

Eolas

D’fhoilsigh an Roinn Sláinte an tuarascáil dar teideal Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí sa bhliain 1999. Deirtear sa tuarascáil sin go bhfuil dualgas i gcoitinne ar mhúinteoirí in Éirinn a chinntiú go gcosnaítear leanaí agus daoine óga ar dhochar. Dearbhaítear sa tuarascáil freisin go gcaithfidh múinteoirí cabhrú le daoine óga chun forbairt a dhéanamh ar a bhféinmheas, a muinín, a neamhspleáchas smaointe agus na scileanna is gá chun déileáil le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá sábháilteacht phearsanta laistigh agus lasmuigh den scoil araon.

Ó foilsíodh an tuarascáil sin d’fhoilsigh an Roinn Oideachais trí shraith treoirlínte do mhúinteoirí agus d’oibrithe don aos óg. Tá léiriú sna treoirlínte sin ar imthosca áirithe bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus eagraíochtaí pobail nó saorálacha agus tá siad bunaithe ar mholtaí de chuid na tuarascála Tús Áite do Leanaí. Is iad seo a leanas na treoirlínte sin:

Tá achoimre againn anseo ar na prionsabail a bhaineann le cosaint leanaí agus le freagrachtaí bhainistíocht agus fhoireann na scoile.

Freagrachtaí bhainistíocht na scoile

Ba chóir do bhainisteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Clár éifeachtach um chosaint leanaí a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i ngníomh;
  • Faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an clár
  • Nósanna imeachta tuairiscithe arna gcomhaontú a chur i ngníomh
  • Cláir chuí forbartha agus oiliúna foirne a phleanáil agus a chur i ngníomh

Tá an Bord Bainistíochta freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Nósanna imeachta soiléire a bheith i bhfeidhm nach foláir do mhúinteoirí agus d’fhoireann eile na scoile cloí leo i gcás ina mbeidh drochamhras orthu nó ina gcuirtear in iúl dóibh gur féidir go bhfuil mí-úsáid leanaí ann, lena n-áirítear i gcás ina nochtann leanbh mí-úsáid
  • Duine sinsearach den fhoireann a ainmniú a bheidh freagrach go sonrach as cosaint leanaí.
  • Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn leanaí a meastar a bheith i mbaol
  • Oiliúint in-seirbhíse do mhúinteoirí agus do bhaill de na boird bhainistíochta a chur chun cinn chun a chinntiú go bhfuil eolas maith reatha acu ar shaincheisteanna agus nósanna imeachta a bhaineann le cosaint leanaí;
  • Nósanna imeachta soiléire i scríbhinn a bheith ar fáil maidir le bearta atá le déanamh i gcás go ndéantar líomhaintí i gcoinne fostaithe de chuid na scoile.

Freagrachtaí pearsanta fhoireann na scoile

  • Má deir leanbh le múinteoir nó le duine eile d’fhoireann na scoile go bhfuil dochar á dhéanamh dó/di ag tuismitheoir/cúramóir nó aon duine eile, ba chóir don duine a fhaigheann an fhaisnéis éisteacht go cúramach agus ar mhodh tacúil. Tá an méid sin infheidhme i gcás ina dtugann an leanbh le tuiscint go bhfuil sé/sí i mbaol go ndéanfaidh tuismitheoir/cúramóir nó aon duine eile dochar dó/di. Tá sé infheidhme freisin i gcás ina nochtann tuismitheoir/cúramóir nó aon duine eile go ndearna sé/sí dochar do leanbh nó go bhfuil sé/sí i mbaol dochar a dhéanamh do leanbh.
  • Ní cóir an leanbh nó an duine óg a chur faoi agallamh foirmiúil;
  • Ní cóir don mhúinteoir nó don duine den fhoireann ach amháin na fíorais is gá a fháil.
  • Ní cóir don mhúinteoir nó don duine den fhoireann ariamh rúndacht a gheallúint do dhuine a dhéanann nochtadh agus ba chóir dó/di a mhíniú cén fáth go gcaithfidh siad an nochtadh a thuairisciú ar mhodh tacúil.
  • Ba chóir an phlé a thaifeadadh go cruinn agus ba chóir an taifead a choinneáil
  • Ba chóir don mhúinteoir nó don duine eile den fhoireann an t-ábhar a chur in iúl don Phríomhoide nó don duine ainmnithe atá freagrach as an ábhar a thuairisciú don oifig áitiúil atá ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó don Gharda Síochána. (Is é atá sa Gharda Síochána fórsa póilíní na hÉireann).

Faoi Alt 4 den Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí 1998, ní dhéanfar aon duine a phionósú mar gheall ar mhí-úsáid leanaí a thuairisciú de mheon macánta d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó do na Gardaí. Féadfaidh tú gearán a dhéanamh tríd an bhfoirm ghearáin a úsáid má cheapann tú gur sáraíodh do chearta faoin Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 (pdf).

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an Oifig Sláinte Áitiúil atá agat chun teacht ar do bhainisteoir áitiúil um chúram leanaí.

Oibríonn Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí (CÉCL) Seirbhís Líne Chabhrach na Leanaí seirbhís éisteachta teileafóin do leanaí. Soláthraítear Líne Chabhrach na Leanaí saor in aisce 24 huaire an chloig gach lá i rith na bliana go léir. Teileafón 1800 666 666.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bulaíocht i scoileanna in Éirinn
    Is mór an fhadhb í an bhulaíocht i scoileanna agus tá dualgas ar údaráis bhainistíochta na scoileanna déileáil leí.
  • Mí-Úsáid Leanaí
    Céard is mí-úsáid leanaí ann? Cé dó a dtuairiscím amhras maidir le mí-úsáid leanaí? Faigh amach anseo.
  • Tuismitheoirí agus oideachas
    Cuireann eagraíochtaí ar nós cumann tuismitheoirí, comhairlí tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí eile tacaíocht agus faisnéis ar fáil do thuismitheoirí faoi oideachas a leanaí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.