Tá rialacha a bhaineann le bulaíocht idir daltaí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tá na rialacha sin leagtha síos i dtreoirlínte (ach ní dlí iad) atá eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Leagtar amach na rialacha anseo maidir le bulaíocht agus cearta daltaí agus tuismitheoirí nuair a tharlaíonn bulaíocht.
Tá Treoirlínte ar Bhulaíocht a Chosc i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna curtha le chéile ag an Roinn Oideachais agus Scileanna - féach thíos. Molann na treoirlínte gur cheart cosc na bulaíochta a bheith mar chuid bhunúsach sa chód iompair agus araíonachta scríofa i ngach scoil.
Dar le Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí (pdf) a d'eisigh an Roinn Sláinte i 1999, b'fhéidir go mbeadh dualgas ginearálta ar mhúinteoirí a chinntiú nach bhfuil scoláirí ag bulaíocht scoláirí eile.
Sainíonn treoirlínte na Roinne Oideachais agus Scileanna bulaíocht mar ionsaí leanúnach ó bhéal, go fisiciúil nó go siceolaíoch ag duine aonair nó grúpa i gcoinne daoine eile. Is féidir go ndéanfaí bulaíocht ag aois ar bith, i dtimpeallacht ar bith agus is féidir léi a bheith fadtréimhseach nó gearrthréimhseach.
Cibearbhulaíocht
Cyberbullying is bullying through the internet or mobile phone, often through
social networking sites used by young people. A booklet GET WITH IT! A guide to
cyberbullying (pdf) has been produced as a joint initiative between the Office
for Internet Safety, the National Centre for Technology in Education and
Barnardos. The booklet is intended to increase awareness of all aspects of
cyberbullying including how to identify it and how to prevent it.
Bíonn drogall ar a lán íobartach bulaíochta labhairt amach de bharr eagla. Bíonn eagla orthu go mbainfear díoltas amach orthu má théann siad i muinín duine éigin. Léirítear i dtuairiscí go dtagann níos mó drogaill ar dhaoine óga labhairt le duine de réir mar a éiríonn siad níos sine. Fulaingíonn siad lagar spride, aonrú, a théann in olcas le himeacht ama, agus sna cásanna is measa gortaíonn siad iad féin nó déanann siad iarracht ar fhéinmharú.
Is minic a bhíonn easpa muiníne agus féinmheas íseal ag cur isteach ar bhulaithe. Tá seans ann go bhfuil foréigean á dhéanamh orthu sa bhaile. I gcásanna eile, tá seans ann go bhfuil athruithe deacra saoil ag cur isteach orthu, mar shampla méala nó colscaradh. B'fhéidir gur mhaith leo go ndíreofaí aire orthu nó a gcumas smachta chur in iúl. Má chreideann tú gur bulaí do leanbh é/í, ba cheart labhairt leis an muinteoir faoi an bhulaíocht agus cén caoi a n-athraítear an iompar seo.
Molann Treoirlínte ar Iompar Bulaíochta a Chosc i mBunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna gur chóir go mbeadh cosc na bulaíochta mar chuid bhunúsach scríofa sa chód iompair agus araíonachta i ngach scoil. Ba chóir go mbeadh beartas scoile i bhfeidhm chun déileáil le bulaíocht, laistigh de struchtúr iomlán den chód araíonachta. Mar chuid den bheartas, ba chóir go mbeadh na gnéithe seo a leanas:
Tá treoirlínte do mhúinteoirí foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith ar mhí-úsáid leanaí agus bhulaíocht. Léiríonn na treoirlínte sin na coinníollacha ar leith a bhaineann le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus tá siad bunaithe ar na moltaí atá sonraithe sa tuairisc 'Children First' . Is iad sin:
Go hiondúil, bíonn gá le hidirghabháil ó dhaoine fásta . Ní foláir dúshlán a thabhairt ar iompar bulaíochta nó éireoidh sé níos rialta agus níos measa. Má cheapann tú go bhfuil bulaíocht á cleachtadh ar dhuine, ba cheart duit deiseanna a chur ar fáil dó/di chun caint leat. Glacfaidh sé am, ach má léiríonn tú go soiléir go bhfuil an bhulaíocht do-ghlactha agus nach gá dó leanúint ar aghaidh, tá seans ann go gcuirfidh an duine óg go leor iontaoibhe ionat chun labhairt go hoscailte leat. Má chreideann tú gur íospartach bulaíochta do leanbh é/í ba cheart labhairt leis an muinteoir nó an priomhóide. Mura socráitear an fadhb, is féidir dul i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi bhulaíocht nó mí-úsáid
leanaí, téigh i dteagmháil le Rannóg na dTuismitheoirí agus na
bhFoghlaimeoirí sa Roinn - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'
thíos.
Roinn Oideachais agus Scileanna
Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Teil:(090) 648 4099
Facs:(090) 648 4058
R-phost: childprotection@education.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.