Do roghanna maidir le cúram leanaí

Cúram leanaí a roghnú

Cinneadh mór d’aon tuismitheoir is ea cinneadh a dhéanamh ar chúram leanaí. Tá líon rudaí ann a imreoidh tionchar ar do chinneadh deiridh a dhéanamh. Ina measc seo tá:

  • Aois do linbh
  • Cibé acu an dteastaíonn cúram lánaimseartha nó páirtaimseartha uait
  • Na huaireanta sa lá a theastaíonn na seirbhísí uait (gnáthuaireanta, i rith an lae, um thráthnóna nó le linn an deireadh seachtaine)
  • An méid airgid is féidir leat caitheamh ar na seirbhísí
  • Na seirbhísí atá ar fáil i do cheantar.

Is tábhachtach riachtanais do linbh a phlé le soláthraí na seirbhíse cúram linbh agus an tseirbhís is féidir leo a sholáthar. Ba cheart duit a sheiceáil an bhfuil na cáilíochtaí cuí ag an bhfoireann agus go bhfuil beartais agus nósanna imeachta cuí i bhfeidhm ag an soláthraí, mar shampla, cosaint leanaí, bainistíocht iompair agus timpistí. Anuas air sin, is tábhachtach táillí, uaireanta seirbhíse agus tréimhsí saoire a sheiceáil. Cinntigh go dtugann tú cuairt ar an áit nuair a bhíonn leanaí ann, ionas gur féidir leat blaiseadh den atmaisféar a fháil. D’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) liosta leideanna áisiúla chun naíonra a roghnú. Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) tar éis liosta cáilíochtaí aitheanta a fhoilsiú chun críocha na gclár cúraim leanaí de chuid na RLCMLÓ.

Déanann Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, áiseanna cúraim leanaí réamhscoile agus aois scoile a rialú agus a iniúchadh. Féadfaidh tú rochtain a fháil ar thuarascálacha iniúchta FSS ar sheirbhísí cúram leanaí anseo. Tá fáil ar fhaisnéis níos sonraí faoi rialáil seirbhísí cúram leanaí

Féadfaidh do Choiste Cúram Leanaí Contae nó Cathrach liosta de na soláthraithe cúram leanaí atá i do cheantar a sholáthar duit. Ina theannta sin, féadfaidh siad thú a chur i dteagmháil le d’oifigeach áitiúil naíonra d’FSS – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Roghanna éagsúla cúram leanaí

Is dóigh go bhfuil roghanna cúram leanaí faoi leith ann arb iad na huaireanta oscailte agus na struchtúir bhainistíochta na saintréithe a ghabhann leo. I gcásanna eile, beidh saintréithiúlacht ag roinnt leis an gcuraclam oideachais a bhíonn in úsáid acu. Oiliúint foirne sin rud eile a mbíonn tionchar aige ar an gcineál seirbhíse a bhíonn ar fáil, chomh maith le riachtanais na dtuismitheoirí i do cheantar féin i gcoitinne. I measc na gcineál éagsúil cúraim chlainne atá ann, tá:

Cúram ar feadh an lae
Seirbhís struchtúrtha cúraim is ea seo a chuirtear ar fáil ar feadh breis agus 5 huaire an chloig sa lá agus d’fhéadfadh seirbhís sheisiúnach a bheith i gceist léi chomh maith. I gcásanna ar leith, tharlódh freastal ann tar éis na scoile. I gcás an chúraim ar feadh an lae, caithfidh na socruithe codlata agus réitithe bia a bheith de réir na gcaighdeán atá leagtha síos ag an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte. Bíonn naíonraí lae agus naíolanna i measc na nithe a chuireann lucht seirbhíse ar fáil.

Seirbhísí in aghaidh an tseisiúin
Is clár pleanáilte a bhíonn á thairiscint ag na seirbhísí seo, rud a mhaireann suas le 3.5 uair a' chloig (seisiún maidne nó seisiún tráthnóna, cuir i gcás). Bíonn na seirbhísí seo ann le haghaidh páistí níos óige ná sin uaireanta freisin. Ionas gur féidir seirbhís cúram leanaí a chur ar fáil ina seisiúin, teastaíonn cáilíocht aitheanta i gcúram leanaí. Cuimsíonn na seirbhísí seisiúin:

  • Montessori: a dhéanann fócas ar oideachas gach páiste faoi seach.
  • Naíonraí: is é sin scoileanna do pháistí óga nó réamhscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
  • Réamhscoileanna: áit a mbíonn deis ag na páistí súgradh le lucht a gcomhaoise, a gcuid féin den saol a roinnt lena chéile, rudaí a dhéanamh le chéile gach ré seal, agus rialacha an ranga a thuiscint, riail na héisteachta, cuir i gcás.
  • Túsluath: Scéim sheachanta idirghabhála bliana a chuirtear ar fáil i scoileanna faoi leith atá i gceantair aitheanta faoi mhíbhuntáiste do leanaí 3 bliana agus 4 bliana

Feighlithe leanaí
Tugann feighlithe leanaí aire do leanaí ina dteaghlach féin. Tá cead ag duine aire a thabhairt do líon nach mó nach 5 páistí faoi aois a 6 ar a theallach féin (a mhuirín féin san áireamh). Is gnách an tseirbhís a chur ar fáil don lá oibre ó thús deireadh, nó i rith tréimhsí éagsúla i gcaitheamh an lae. Is leis na tuismitheoirí agus feighlithe leanaí na téarmaí agus na coinníollacha a shocrú eatarthu féin.

Mar chuid den Tionscnamh Náisiúnta Cúram Leanaí, tá deontais fhorbartha aire do pháistí agus treoirlínte d'fheighlithe leanaí í (pdf) ar fáil d'fheighlithe leanaí ón gCoiste Aire do Pháistí Cathrach nó Contae (CCC) atá ann go háitiúil. Chomh maith leis sin, tá lascaine cánach d'fheighlithe leanaí ann do dhaoine a mbíonn suas le 3 páistí faoina gcúram ar a dteallach féin.

Grúpaí tuismitheoirí agus naíonán

Grúpaí tuismitheoirí agus naíonán - sin áit a dtagann grúpa tuismitheoirí, caomhnóirí nó lucht cúraim le chéile le féachaint ar shúgradh na bpáistí i gcomhluadar lena muintir.

Ionaid Buail Isteach
Is rud é ionad buail isteach a chuireann seirbhís ar fáil ar feadh tamaill bhig i rith an lae. Is minic teacht ar na hionaid seo in ionaid siopadóireachta, in ionaid caitheamh aimsire, i dtithe lóistín, mar a mbíonn áiseanna, srl. Is cuid de sheirbhís don chustaiméir nó don chliant a bhíonn ina leithéid seo de sheirbhís, agus tugtar aire do na páistí le linn dá muintir a bheith ag baint tairbhe as seirbhís nó ag freastal ar imeachtaí.

Cúram do pháistí atá in aois na scoile
Seirbhís do pháistí scoile, bíonn clubanna bricfeasta san áireamh i gcuid díobh, clubanna tar éis am scoile, agus cláir do na laethanta saoire, campaí samhraidh, srl. De réir an chineáil seirbhíse atá ann, tarlaíonn go mbíonn feitheoireacht ar an obair baile ann, imeachtaí pleanáilte, nó béile breá mór.

Cúram leanaí ar phraghas réasúnta

Is éard is cúram leanaí ar phraghas réasúnta ann, rud arb éard is sprioc dó aire a chur ar fáil do chlann na ndaoine atá ar bheagán ioncaim, sin agus tacú le tuismitheoirí ar mian leo filleadh ar a gcuid oibre. Tá maoiniú ar fáil trí Chlár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí (CNICL). Más mian leat breis eolais a fháil faoi na seirbhísí aire do pháistí ar airgead réasúnta atá i do cheantar féin, déan teagmháil leis an gCoiste Cathrach/Contae Chúram do Pháistí go háitiúil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Tá fóirdheontais ar fáil do theaghlaigh le leanaí idir 6 mhí (24 seachtaine) agus 15 bliana d’aois atá ag freastal ar aon seirbhís chúram leanaí atá cláraithe le Tusla, lena n-áirítear feighlithe leanaí atá cláraithe le Tusla agus seirbhísí cúram leanaí d’aois scoile.

Clár Fóirdheontas Cúraim Leanaí Pobail Móide (CCSP): Cuidíonn an clár Fóirdheontas Cúraim Leanaí sa Phobal (CCS) le tuismitheoirí ar ioncam níos ísle rochtain a fháil ar chúram leanaí ar chostas laghdaithe i seirbhísí cúraim leanaí pobail atá rannpháirteach.Tá an CCSP dúnta d'iarratasóirí nua.

Scéim Cúram Leanaí agus Oideachas na Luath-Óige

Is clár réamhscolaíochta saor in aisce é an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) atá ar fáil do gach leanbh incháilithe ar feadh suas le 2 bhliain sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. Ní chuireann an Scéim Náisiúnta um Chúram Leanaí isteach ar an gclár réamhscoile saor in aisce (ECCE). Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi ECCE agus NCS.

Fóirdheontas uilíoch um chúram leanaí

Tá fóirdheontas cúram leanaí uilíoch ar fáil do gach leanbh i gcúram leanaí atá cláraithe le Tusla atá os cionn 6 mhí d’aois ach faoi bhun na haoise inar féidir leo tosú ar an gclár ECCE réamhscoile saor in aisce. Níl an fóirdheontas de réir tástála acmhainne.

Baintear an fóirdheontas as an mbille iomlán a fhaigheann an tuismitheoir óna seirbhís cúram leanaí.

Tá faisnéis mhionsonraithe faoi fhóirdheontais cúram leanaí ar fáil ar ncs.gov.ie.

Rátaí

Braitheann costais cúram leanaí ar an gcineál cúraim a roghnaíonn tú, ar líon na n-uaireanta, agus ar leibhéal oiliúint na foirne san áis sin.

COLÓ

Níl aon táille ar an oideachas réamhscolaíochta a chuirtear ar fáil faoin scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ).

Conas iarratas a dhéanamh

Beidh liosta de na soláthraithe cúram leanaí atá i do cheantar ag do Choiste Cúram Leanaí Contae nó Cathrach. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chomh maith ar an cigire luath-óige/réamhscoile chun teacht ar fhaisnéis faoi sheirbhísí áitiúla cúram leanaí. Is gnách go mbeidh eolas ag altraí sláinte poiblí ar sheirbhísí áitiúla agus ar fheighlithe leanaí atá i do cheantar agus féadtar a sonraí teagmhála a fháil ag d’ionad áitiúil sláinte.

Tá liosta d’eagraíochtaí náisiúnta deonacha cúram leanaí ann a chuireann cáilíocht i gcúram leanaí chun cinn.

Ba cheart iarratais ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí a dhéanamh ar líne ag ncs.gov.ie.

Teastaíonn MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh ar líne. Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil faoi MyGovID fíoraithe a fháil agus a úsáid ar shuíomh Gréasáin MyGovID.

Beidh na huimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait do gach leanbh a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air, chomh maith le sonraí do pháirtí (má tá ceann agat).

Is féidir leat iarratas páipéar-bhunaithe a dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost ach dul i dteagmháil leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí – féach ar an áit le hiarratas a dhéanamh thíos. Tógfaidh sé níos faide iarratais atá bunaithe ar pháipéar a phróiseáil agus d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an dáta tosaigh ónar féidir d’fhóirdheontas a íoc.

Is féidir leat liosta de na soláthraithe cúram leanaí ar conradh a fháil ar ncs.gov.ie.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le Coiste Cúram Leanaí na Cathrach/Contae go háitiúil.

Déan teagmháil leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Déan teagmháil le hionad sláinte na háite.

Déan teagmháil le hOifig Sláinte Aitiúil na háite.

Tuilleadh eolais

Coistí Cúram Leanaí Cathrach agus Contae

Déanann na Coistí Cúram Leanaí Cathrach agus Contae (CCSanna) straitéis chomhordaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh cúram leanaí ardchaighdeáin inacmhainne agus inrochtana a sholáthar laistigh de gach contae. Cabhraíonn na CCSanna le pobail chun bearnaí atá i seirbhísí reatha cúram leanaí a shainaithint agus chun seirbhísí nua a fhorbairt chun freastal ar na riachtanais seo. Soláthraíonn siad faisnéis ar iarratais ar chistiú agus ar dheontas agus éascaíonn siad cur chuige comhordaithe i leith oiliúint cúram leanaí ar gach leibhéal.

Creatlach Bheartais

Sa Chreat Beartais um Leanaí agus Daoine Óga, leagtar amach tosaíochtaí beartais ardleibhéil an Rialtais do leanaí agus do dhaoine óga go dtí 2020. Is féidir leat tuilleadh a léamh in Straitéis Uile-Rialtais do Leanaí, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Lúnasa 2022