De bharr foráis ar líon na dtuismitheoirí atá ag obair in Éirinn, tá méadú éilimh ann ar áiseanna cúram leanaí. Is mithid taighde agus plé maidir leis an saol a chaitheann sibh, an buiséad atá agaibh agus go deimhin an ceantar ina maireann sibh ionas go mbeidh léargas ar an soláthraí cúram leanaí a shásódh riachtanais bhur dteaghlaigh féin.
Thosaigh an Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (COLO) in Eanáir 2010. Soláthraíonn an scéim bliain réamhscoile cúraim agus oideachais luath-óige saor in aisce ar fáil do leanaí atá in aois réamhscoile. Tá an scéim in áit an Forlíonadh um Luathchúraim Leanaí a chríochnaigh i Nollaig 2009.
Is mór an beart do thuismitheoir ar bith cinneadh a dhéanamh faoin gcúram leanaí is fearr a d'fheilfeadh dá chuid riachtanas féin. Rachaidh cúiseanna éagsúla i gcion ar an gcinneadh a dhéanfar i ndeireadh báire. Ina measc sin, tá na nithe seo a leanas:
De réir dlí, is mithid áiseanna cúram leanaí a chur ar súile d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), agus is mithid dóibhsean cigireacht a dhéanamh orthu. D'fhoilsigh an FSS leideanna chun réamhscoil a roghnú. Tá breis mioneolais maidir le rialú na seirbhísí cúram leanaí ar fáil ó oifig réamhscolaíochta an FSS atá agat - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Cuirfidh Coiste Cúram Chlainne na Cathrach/Contae ina bhfuil tú féin liosta ar fáil duit de na soláthraithe cúram leanaí atá i do cheantar féin. Cuirfidh siad i dteagmháil tú chomh maith leis an oifig réamhscolaíochta FSS atá agat: féach thíos 'Conas iarratas a dhéanamh'. Nuair a bheidh tú ag fiafraí de sholáthraí seirbhísí cúram leanaí maidir leis an rogha atá ann duit ó thaobh cúram leanaí, déan deimhin de go bhfuil a gcuid foirne cáilithe agus go bhfuil na polasaithe cúram leanaí agus na nósanna imeachta cuí ag an soláthraí (cosaint na leanaí, bainistiú an iompair, tinte agus timpistí srl). Is tábhachtach an rud freisin ceist a chur maidir leis na táillí, na huaireanta féin, agus na tréimhsí saoire. Bí cinnte agus buail isteach nuair a bheidh páistí ar an láthair ionas go n-aireoidh tú féin atmaisféar na háite.
Is dóigh go bhfuil roghanna cúram leanaí faoi leith ann arb iad na huaireanta oscailte agus na struchtúir bhainistíochta na saintréithe a ghabhann leo. I gcásanna eile, beidh saintréithiúlacht ag roinnt leis an gcuraclam oideachais a bhíonn in úsáid acu. Oiliúint foirne sin rud eile a mbíonn tionchar aige ar an gcineál seirbhíse a bhíonn ar fáil, chomh maith le riachtanais na dtuismitheoirí i do cheantar féin i gcoitinne. I measc na gcineál éagsúil cúraim chlainne atá ann, tá:
Cúram ar feadh an lae
Seo seirbhís chúraim dar struchtúr os cionn 3.5 uair a' chloig sa ló.
Bíonn na páistí faoi chúram lucht na seirbhíse ar feadh tréimhse idir
aois 3 mhí agus 6 bliana. I gcásanna ar leith, tharlódh freastal ann tar
éis na scoile. I gcás an chúraim ar feadh an lae, caithfidh na socruithe
codlata agus réitithe bia a bheith de réir na gcaighdeán atá leagtha síos
ag an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte. Bíonn naíonraí lae agus
naíolanna i measc na nithe a chuireann lucht seirbhíse ar fáil.
Seirbhísí in aghaidh an tseisiúin
Is clár pleanáilte a bhíonn á thairiscint ag na seirbhísí seo,
rud a mhaireann suas le 3.5 uair a' chloig (seisiún maidne nó seisiún
tráthnóna, cuir i gcás). De ghnáth, is páistí idir aois a 2 agus aois a 6
a bhíonn faoi chúram. Bíonn na seirbhísí seo ann le haghaidh páistí
níos óige ná sin uaireanta freisin. Ionas gur féidir seirbhís cúram
leanaí a chur ar fáil ina seisiúin, teastaíonn cáilíocht aitheanta i
gcúram leanaí. Cuimsíonn na seirbhísí seisiúin:
Feighlithe leanaí
Tugann feighlithe leanaí aire do leanaí ina dteaghlach féin. Tá cead ag
duine aire a thabhairt do líon nach mó nach 5 páistí faoi aois a 6 ar a
theallach féin (a mhuirín féin san áireamh). Is gnách an tseirbhís a chur
ar fáil don lá oibre ó thús deireadh, nó i rith tréimhsí éagsúla i
gcaitheamh an lae. Is leis na tuismitheoirí agus feighlithe leanaí na
téarmaí agus na coinníollacha a shocrú eatarthu féin.
Mar chuid den Tionscnamh Náisiúnta Cúram Leanaí, tá deontais fhorbartha aire do pháistí agus treoirlínte d'fheighlithe leanaí í (pdf) ar fáil d'fheighlithe leanaí ón gCoiste Aire do Pháistí Cathrach nó Contae (CCC) atá ann go háitiúil. Chomh maith leis sin, tá lascaine cánach d'fheighlithe leanaí ann do dhaoine a mbíonn suas le 3 páistí faoina gcúram ar a dteallach féin. Ní bhíonn cáin ar an méid a thuilleann siad agus iad ag tabhairt aire do pháistí ach amháin má théann a luach sin thar €15,000 in aghaidh na bliana. Má théann an tuilleamh thar an méid sin, gearrtar cáin ar an sochar ina iomláine. Daoine a bhíonn ag tabhairt aire do pháistí, caithfidh siad ioncam na hoibre sin a chur san áireamh sa tuairisc cánach bliantúil a dhéanann siad. Ní mór dóibh scéal a chur chuig an CCC áitiúil chomh maith le rá go bhfuil seirbhís acu ag tabhairt aire do pháistí.
Ionaid Buail Isteach
Is rud é ionad buail isteach a chuireann seirbhís ar fáil ar feadh tamaill
bhig i rith an lae. Is minic teacht ar na hionaid seo in ionaid
siopadóireachta, in ionaid caitheamh aimsire, i dtithe lóistín, mar a
mbíonn áiseanna, srl. Is cuid de sheirbhís don chustaiméir nó don chliant
a bhíonn ina leithéid seo de sheirbhís, agus tugtar aire do na páistí le
linn dá muintir a bheith ag baint tairbhe as seirbhís nó ag freastal ar
imeachtaí.
Cúram do pháistí atá in aois na scoile
Seirbhís do pháistí scoile idir aois a 4 agus a 15, bíonn clubanna
bricfeasta san áireamh i gcuid díobh, clubanna tar éis am scoile, agus
cláir do na laethanta saoire, campaí samhraidh, srl. De réir an chineáil
seirbhíse atá ann, tarlaíonn go mbíonn feitheoireacht ar an obair baile
ann, imeachtaí pleanáilte, nó béile breá mór.
Cúram leanaí ar phraghas réasúnta
Is éard is cúram leanaí ar phraghas réasúnta ann, rud arb éard is sprioc
dó aire a chur ar fáil do chlann na ndaoine atá ar bheagán ioncaim, sin
agus tacú le tuismitheoirí ar mian leo filleadh ar a gcuid oibre. Áis
phobail um chúram leanaí is ainm don chineál seo seirbhíse (rud nach
mbíonn brabach air). Tá maoiniú ar fáil trí Chlár Náisiúnta
Infheistíochta sa Chúram Leanaí (CNICL). Más mian leat breis eolais a
fháil faoi na seirbhísí aire do pháistí ar airgead réasúnta atá i do
cheantar féin, déan teagmháil leis an gCoiste Cathrach/Contae Chúram do
Pháistí go háitiúil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'
thíos.
Mar chuid den An Straitéis Náisiúnta Cúram Leanaí 2006-2010, tá freagracht ar an gClár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí (CNICL) le méadú agus feabhas a chur ar sholáthar na n-áiseanna cúraim do pháistí. Is air atá an fhreagracht chomh maith as comhordú na n-imeachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil. Tháinig sé i gcomharbacht ar an gClár Comhionannais Deiseanna sa Chúram Leanaí (CCDCL), ach leanfaidh an CCDCL dá chuid oibre nó go gcomhlíonfaidh sé na dualgais ar fad atá air faoi láthair.
Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí: Tacóidh Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí le gach seirbhís cúram leanaí atá bunaithe sa phobal ionas gur féidir leo seirbhísí cúraim den scoth a chur ar fáil ar rátaí laghdaithe do thuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste. Is cuid den CNICL atá sa scéim seo, agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2008. Tá sonraí ar fáil i Tuilleadh mar gheall ar an ábhar seo.
Is ar Stiúrthóireacht Cúram Leanaí in an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá an fhreagracht maidir leis an An Straitéis Náisiúnta Cúram Leanaí 2006-2010 a chur i bhfeidhm, agus is iad a dhéanann bainistíocht ar an CCDCL agus ar an CNICL i bpáirt le Pobal. Tá treoir do thuismitheoirí maidir leis An Straitéis Náisiúnta Cúram Leanaí 2006-2010 foilsithe aige.
Bunaíodh na Coistí Cúram Leanaí Cathrach/Contae faoin Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí. Déanann siad sin comhordú agus forfheidhmiú ar straitéis le cúram leanaí den scoth a sholáthar ar bhealach inrochtana ar airgead réasúnta laistigh de gach contae. Cuidíonn na CCCanna leis na pobail na bearnaí a aimsiú sna seirbhísí cúraim leanaí atá ann i láthair na huaire agus le seirbhísí nua a thabhairt chun cinn a shásóidh na riachtanais sin. Cuireann siad eolas ar fáil maidir le maoiniú agus maidir le hiarratais ar dheontais, agus déanann siad éascaíocht sa chur chuige comhordaithe atá ann don oiliúint sa chúram clainne ar gach uile leibhéal.
Braitheann costais cúram leanaí ar an gcineál cúraim a roghnaíonn tú,
ar líon na n-uaireanta, agus ar leibhéal oiliúint na foirne san áis sin.
Beidh liosta de na soláthraithe cúraim leanaí atá i do cheantar féin ag an gCoiste Cúram Leanaí Cathrach/Contae áitiúil. Tig leat fios a chur ar eolas ó oifig réamhscolaíochta HSE maidir le seirbhísí cúraim leanaí na háite chomh maith. Is minic cur amach ag banaltraí sláinte poiblí ar sheirbhísí na háite agus ar dhaoine a thugann aire do pháistí i do cheantar féin, agus is féidir dul i dteagmháil leo san ionad sláinte go háitiúil.
Tá liosta ann de na heagrais náisiúnta deonacha cúram leanaí a chuireann cúram leanaí ardchaighdeánach chun cinn.
Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige: Ba chóir do sholáthraithe cúraim leanaí ar mian leo a bheith rannpháirteach sa scéim seo iarratas a dhéanamh le Coiste Cúram Leanaí na Cathrach nó an Chontae, roimh an 10 Iúil 2009 – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Tá foirm iarratais agus tuilleadh eolais do sholáthraithe cúraim leanaí ar fáil ar láithreán gréasáin an Roinn do Ghnóthaí Leanaí agus Óige.
Feighlithe leanaí: Más spéis leat aire a thabhairt do pháistí, ba cheart duit dul i dteagmháil le Coiste Cúram Leanaí Cathrach/Contae na háite le tuilleadh eolais a fháil faoin gClár Léachtaí Fios Feabhais. Tar éis chríochnú an chláir seo dóibh, is féidir le feighlithe leanaí leas a bhaint as deontas caipitil suas go €630 faoin Scéim Deontais Forbartha do Fheighlithe Leanaí.
Soláthraithe cúram leanaí pobail (neamhbhrabúsacha): Tá deontais chaipitil le forbairt a chur ar áiseanna cúraim leanaí agus deontais faoi Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí le fáil faoin gClár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí (CNICL). Ba cheart do sholáthraithe cúram leanaí de chuid an phobail labhairt le Coiste Cúram Leanaí na Cathrach/Contae go háitiúil le tuilleadh eolais a fháil.
Déan teagmháil le Coiste Cúram Leanaí na Cathrach/Contae go háitiúil.
Déan teagmháil le hionad sláinte na háite.
Déan teagmháil le hOifig Sláinte
Aitiúil na háite.
Mar chuid den Chlár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí (NCIP), tháinig an Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí 2008-2010 (CCSS) i gcomharba ar an gClár Comhionannais Deiseanna sa Chúram Leanaí 2000-2006 (EOCP). Tacaíonn an Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí le seirbhísí cúraim leanaí pobalbhunaithe de réir líon na leanaí a bhfuil a dtuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste a úsáideann a gcuid seirbhísí. Cuirtear ar chumas seirbhísí cúraim leanaí seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil ar rátaí laghdaithe do thuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na scéime. Ó mhí Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, déanfar seirbhísí pobail um chúram leanaí a mhaoiniú leis an bhFóirdheontas Pobail um Chúram Leanaí ionas go mbeidh táillí seachtainiúla laghdaithe le híoc ag tuismitheoirí áirithe mar seo a leanas:
Is féidir le tuismitheoirí a bhfaigheann a leanbh bliain oideachais réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige an laghdú táille CCS a fháil ag an am céanna. Is féidir le tuismitheoirí an scéim is mó buntáiste dóibh a roghnú.
Tá tuilleadh sonraí faoin Fóirdheontas Pobail um Chúram Leanaí le fáil ar láithreán gréasáin Pobal.
Tá soláthraithe pobail um chúram leanaí á maoiniú cheana féin faoin scéim agus is féidir le hiontrálaithe nua iarratas ar mhaoiniú a chur chuig an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (OALGÓ).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.