Forálann dlí na hÉireann i gcomhair rialúchán agus iniúchadh seirbhísí chúram leanaí réamhscoile. De réir Acht um Chúram Leanaí 1991 cuireadh de dhualgas ar Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS) le sláinte, sábháilteacht agus leas na leanaí réamhscoile, atá ag freastal ar sheirbhísí, a chinntiú. Sainmhínítear leanaí réamhscoile mar “leanbh nach bhfuil sé bliana d’aois slánaithe aige agus nach bhfreastalaíonn ar scoil náisiúnta ná ar scoil a sholáthraíonn clár oideachasúil den tsamhail chéanna le scoil náisiúnta”. Is iad réamhscoileanna, grúpaí imeartha, naíolanna lae, créiseanna, feighlithe agus seirbhísí dena samhail atá ag tabhairt aire do níos mó na triúr leanbh réamhscoile a n-áirítear i seirbhísí réamhscoile.
Éilítear ar soláthraithe chúram réamhscoile cur in iúl don FSS go
bhfuil seirbhísí á soláthair acu. Ina theannta sin, éilítear orthu gach
beart réasúnacht chun sláinte, sábháilteacht agus leas na leanaí
réamhscoile a fhreastalaíonn ar a seirbhís a chaomhnú. Leagtar amach
sainghnéithe faoi rialúchán seirbhísí cúram leanaí iarscoile sna Rialacháin
um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 agus sna
Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) (Leasú)
2006 (pdf). Leagann na Rialacháin seo síos ardchaighdeáin sláinte,
sábháilteachta agus leasa a chaithfear chur ar bun sular féidir seirbhísí
cúraim a sholáthair.
Go ginearálta, is leis an Roinn Leanaí agus
Gnóthaí Óige dualgas ar na Rialacháin seo agus ar pholasaí sa réimse
seo a fhorbairt. Éilítear ar FSS seirbhísí cúram leanaí réamhscoile a
iniúchadh agus a rialú. D’fhoilsigh an FSS leideanna
chun réamhscoil a roghnú.
Tá cur síos ar na cineálacha seirbhísí cúram leanaí
réamhscoile sna Rialacháin mar a leanas:
Seirbhísí seisiúnacha
Grúpaí imeartha, créiseanna, grúpaí Montessori, réamhscoileanna,
naíonraí, agus feighlithe atá ag tabhairt cúram do níos mó ná triúr
leanbh seirbhísí seisiúnacha réamhscoile. Is iad cláir atá leagtha amach
nach bhfuil os cionn 3.5 uair a chloig in aghaidh an tseisiúin na
gnáthseirbhísí atá á dtairiscint (mar shampla, maidin nó tráthnóna).
Freastalaíonn siad go ginearálta ar leanaí réamhscoile in aois 0-6 bliana.
Cúram páirtlae
Tugann sé seo seirbhís chúram lae struchtúrach do leanaí réamhscoile atá
os cionn 3.5 uair a chloig agus nach bhfuil os cionn 5 uair a chloig in aghaidh
an lae.
Cúram lánlae
Is seirbhís cúram leanaí struchtúrach níos mó ná 5 uair a chloig in
aghaidh an lae. Áirítear naíonraí lae agus créiseanna sna soláthraithe.
Feighlithe leanaí
Tugann siad seo cúram do leanaí i dteach cónaithe an fheighlí féin. (Níl
ach feighlithe atá ag tabhairt cúraim do níos mó ná triúr leanbh
clúdaithe ag an Acht um Chúram Leanaí 1991.) Le linn na bliana, tugann siad
an tseirbhís seo don lá oibre iomlán nó do thréimhse éagsúla i rith an
lae. Pléann tuismitheoirí agus feighlithe a dtéarmaí féin ar nós uair a
chloig, rataí agus dualgais. Tá Treoirlínte
d’fheighlithe leanaí (pdf) ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige mar
chuid den Tionscnamh
Náisiúnta Feighlíochta.
Baineann faoiseamh cánach um fheighlíocht le daoine a thugann cúram do nach mó ná triúr leanbh i dteach cónaithe an fheighlí. Níl cáin iníoctha ar a dtuilleamh feighlíochta ar choinneáil go bhfuil níos lú ná €15,000 in aghaidh na bliana ann. Más níos mó ná an méid sin sa tuilleamh tá cáin iníoctha ar an mhéid iomlán. Ní mór d’fheighlithe a n-ioncam feighlíochta a chur isteach ina dtuairisceán cánach bliantúil. Ní mór dóibh cur in iúl dona gCoiste Áitiúil Chúram Leanaí na Cathrach nó an Chontae go bhfuil seirbhís cúram leanaí á soláthair acu.
Seirbhís cúram leanaí in ionad 'buail isteach'
Is ag tagairt do sheirbhís réamhscoile in ionad 'buail isteach' i gcás a
bhfuil leanbh réamhscoile faoi chúram ar feadh tréimhse nach mó ná 2 uair
a chloig fad is atá tuismitheoir nó caomhnóir ag úsáid seirbhíse nó ag
freastal ar ócáid. Tá a leithid de sheirbhísí seo lonnaithe in áiteanna
ar nós ionaid shiopadóireachta nó ionaid fhóillíochta.
Tá díolúine ó chur in iúl d’FSS ag soláthraithe cúram leanaí éagsúla lena n-airítear:
Déantar na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh.2) 2006 agus na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh.2) (Leasú) 2006 faoi Chuid VIII den Acht um Chúram Leanaí 1991 agus forordaíonn na bearta a chaithfear cur ar bun chun riachtanais an Achta a chomhlíonadh. Áiríonn na Rialacháin Treoir Mhínithe do Riachtanais agus Nósanna Imeachta le haghaidh Fógartha agus Iniúchadh, rud a thugann treoir ar dea-chleachtas maidir le hábhar a tá clúdaithe ag na Rialacháin a n-áirítear mar a leanas:
Sláinte, leas agus forbairt an linbh
Duine atá ag seoladh seirbhís réamhscoile, cinnteoidh sé/sí go
n-éascaítear foghlaim, forbairt agus leas gach linbh laistigh d’imeachtaí
laethúla na seirbhíse trí na deiseanna cuí a chur ar fail, mar aon leis na
heispéiris, na gníomhaíochtaí, an idirchaidhreamh, na hábhair agus an
trealamh a oireann d’aois agus do stáid forbartha an linbh agus dá
c(h)omhthéasc cultúrtha.
Garchabhair agus cúnamh leighis
Ní mór do bosca garchabhrach atá trealmhaithe go hoiriúnach le
haghaidh leanaí agus socruithe i bhfeidhm chun glaoch ar chúnamh leighis i
gcás éigeandála.
Bainistíocht agus soláthair foirne
Forálann an dlí go bhfuil duine atá ag seoladh seirbhís réamhscoile,
cinnteoidh sé/sí go mbíonn líon go leor d’aosaigh inniúla ag maoirsiú
na leanaí i gcónaí. (Is é atá i gceist le haosaigh “inniúla” daoine
atá thar 18 bliana d’aois a bhfuil taithí cuí acu chun cúram a thabhairt
do leanaí faoi bhun sé bliana d’aois nó a bhfuil cáilíocht chuí acu i
gcúram na leanaí seo nó an bheith acu araon).
Ní mór seiceáil a dhéanamh ar gach ball foirne, gach mac léinn agus gach saorálaí a bhfuil teagmháil acu le leanbh trí theistiméireachtaí a fháil agus trí Seiceáil na nGardaí ón Garda Síochána.
Coibhnis aoiseach/ leanaí agus spáis
| Seirbhís réamhscoile | Aois Leanaí | Líon Aoiseach | Líon Leanaí | Achar urláir gach leanbh |
| Seirbhísí seisiúnacha | 0-1 bliain | 1 | 3 | 2 mhéadar cearnach, uasmhéid de 20 gach seomra |
| 1-2.5 bliana | 1 | 5 | 2 mhéadar cearnach, uasmhéid de 20 gach seomra | |
| 2.5-6 bliana | 1 | 10 | 2 mhéadar cearnach, uasmhéid de 20 gach seomra | |
| Cúram lánlae/ páirtlae* | 0-1 bliain | 1 | 3 | 3.5 mhéadar cearnach |
| 1-2 bliana | 1 | 5 | 2.8 mhéadar cearnach | |
| 2-3 bliana | 1 | 6 | 2.35 mhéadar cearnach | |
| 3-6 bliana | 1 | 8 | 2.3 mhéadar cearnach | |
| Ionaid 'Buail Isteach' | 0-6 bliana | 1 | 4 (2 amháin nó líos lú faoin aois 15 mhí) | 2 mhéadar cearnach, uasmhéid de 24 gach seomra |
| Feighlithe | 0-6 bliana | 1 | 5 (ina n-áirítear a chuid /a cuid féin) | Nach mó ná 2 leanbh faoin aois 15 mhí |
| Seirbhís réamhscoile thar oíche | 0-1 bliain | 1 | 3 | |
| 1-6 bliana | 1 | 5 |
* I gcás a glacann seirbhís chúram lánlae leanaí nach bhfuil ar bhonn lánlae, baintear uimhreacha aoiseach seirbhíse seisiúnaigh.
Is féidir leis an FSS teorann a chur ar uaslíon leanaí réamhscoile ar féidir freastal orthu ag an am céanna. Tá sé mar aidhm san foráil seo plódú i seirbhísí réamhscoile a chosc. Má mholann FSS an líon leanaí a chosc, cuirfear in iúl don soláthraí agus beidh deis aige achomharc a chur isteach nó uiríll a dhéanamh faoin chinneadh seo.
Caithfidh duine atá ag seoladh seirbhís réamhscoile a chinntiú nach dtugtar pionós corpartha do leanbh réamhscoile atá ag freastal na seirbhíse. Caithfear go bhfuil polasaithe agus nósanna imeachta i scríbhinn i bhfeidhm chun déileáil le hiompraíocht dhúshlánach linbh agus chun an iompraíocht sin a láimhseáil agus chun cuidiú leis an leanbh a iompraíocht/hiompraíocht féin a láimhseáil.
Clár de leanaí réamhscoile
Caithfidh soláthraithe cúram leanaí réamhscoile clár a choinneáil a bhfuil sonraí gach linbh atá ag freastal ar an tseirbhís istigh ann lena n-áirítear an t-ainm, dáta breithe, uimhreacha teagmhála do thuismitheoirí agus do dhochtúir an linbh.
Eolais do thuismitheoirí
Caithfear eolas a thabhairt do thuismitheoirí faoin tseirbhís ina n-áirítear sonraí ar an duine atá i gceannas agus ar gach duine eile atá ag obair sa tseirbhís, coibhnis spáis an aoisigh/linbh, uaslíon agus réimse aoise na leanaí, an cineál cúraim, áiseanna, uaireanta oscailte agus táillí.
Áitreabh cúram leanaí agus áiseanna
Éilítear ar seirbhísí réamhscoile (ina n-áirítear feighlithe, ionaid 'buail isteach', créiseanna, srl.) cinntiú go gcomhlíonainn a gcuid áiseanna caighdeáin éagsúla, ina n-áirítear sna rialacha:
Éilítear ar sholáthraithe cúram leanaí réamhscoile cinntiú go bhfuil teas, aerú agus soilsiú; córas sláintíochta, stóráil agus diúscairt dramhaíola san áitreabh atá oiriúnach sásúil.
Cóiríocht sláintíochta
Bia agus deoch
Ní mór do sheirbhís réamhscoile cinntiú go bhfuil dóthain bia atá oiriúnach, cothaitheach éagsúil ar fáil le haghaidh leanbh réamhscoile atá ag freastal ar an tseirbhís agus go bhfuil dóthain áiseanna atá oiriúnach chun bia a stóráil, a ullmhú, a bhruith agus a dháileadh, agus dóthain uirlisí oiriúnacha ite, áiseanna oiriúnacha chun lámha a ghlanadh agus soithí a ní agus le haghaidh steirilithe.
Tá treoirlínte ag an Roinn Sláinte a thugann comhairle gur chóir nach lú na 2 bhéilí agus 2 sneaic a thairiscint do leanaí atá faoi chúram os cionn 5 uair a chloig in aghaidh an lae (cúram lánlae), ceann amháin de na béilí le bheith te.
Árachas
Duine atá ag seoladh seirbhís réamhscoile, cinnteoidh sé/sí go bhfuil dóthain árachais ar na leanaí in aghaidh díobhála agus iad ag freastal ar an tseirbhís.
Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort faoi na caighdeáin agus rialúcháin
seirbhísí cúram leanaí réamhscoile ní mór duit dul i dteagmháil le
d’oifig áitiúil réamhscoile nó foireann chigireachta i d'oifig sláinte
áitiúil. Tá eolas faoin chigireacht
FSS seirbhísí réamhscoile ar an suíomh FSS.
Tuismitheoirí atá ag cuardach eolais ar sheirbhísí áitiúil cúram leanaí
agus ceisteanna eile a bhaineann le cúram leanaí óga, ní mór dóibh dul i
dteagmháil lena Coistí áitiúla Cúram Leanaí Cathrach/Contae (CCC).
Déan teagmháil le do Choiste Cúram Leanaí Cathrach /Contae.
Déan teagmháil le d’oifig sláinte áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.