Scéim sheachanta idirghábhála bliana a chuirtear ar fáil i scoileanna faoi leith atá i gceantair aitheanta faoi mhíbhuntáiste in Éirinn é an Clár Píolótach Túsluath Réamhscoile. Tá sé mar aidhm ag an gclár, atá á bhainistiú, á mhaoiniú agus á mheas ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, dul i ngleic le míbhuntáiste san oideachas tré dhíriú isteach ar pháistí a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcumas taobh istigh den chóras scoile.
Cuireadh an Clár Túsluath Réamhscoile i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 1994 in ocht scoil i gceantair faoi mhíbhuntáiste, cuireadh leis an gclár an bhliain dár gcionn agus faoi láthair tá sé ag freastal ar tuairim agus 1,700 dalta i 40 scoil ar fud na tíre. Tá liosta scoil i gClár Túsluath Réamhscoile ar láithreáin gréasáin den Roinn Oideachais agus Scileanna.
Tá sé mar aidhm ag Túsluath:
Mar thoradh ar Thúsluath tá súil:
Bíonn gach ionad Túsluath, atá bunaithe i seomraí ranga folamha i scoileanna, ag plé le tuairim agus 60 páiste idir 3 agus 4 bliana d'aois. Bíonn clár ama leagtha amach ag na hionaid le go mbeadh dhá ghrúpa faoi leith páistí ag freastal ar ranganna ar maidin agus trathnóna, mar sin a chuirtear le cumas an ionaid. D'fhéadfadh sé go mbeadh dhá grúpa le 15 leanaí ag freastal ar an réamhscoil ar maidin ó 9.00 go dtí 11.30 rn agus dhá grúpa eile ag freastal air trathnóna ó 12.00 go dtí 2.30 in gach lá.
Tá gach ionad dhá riaradh ag beirt mhúinteoir cáilithe bunscoile a bhfuil saineolas léirithe acu i dteagasc na naíonán agus beirt oibrí cáilithe i gcúram páistí, atá ceapaithe ag Bord Bainistíochta na scoile. Is cuid den fhoireann oibre iad múinteoirí agus oibrithe cúram páistí sa chlár Túsluath agus tá siad faoi mhaoirseacht ghinearálta an Bhord Bhainistíochta agus an phríomhoide.
Is cuid mhór den togra Túsluath é rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i mbainistíocht laethúil agus i reachtáil na n-imeachtaí. Oibríonn foireann Túsluath i gcomhair le Comhorndóir na scoile don teagmháil Bhaile leis an Scoil agus leis an bPobal chun tuismitheoirí a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí an ionaid. Déantar sceideal a réiteach agus caitheann na tuismitheoirí seal gach seachtain san ionad.
Tarlaíonn sé go gcaitheann daltaí iarbhunoideachais ó na scoileanna áitiúla seal freisin ag obair sna hionaid mar chuid den taithí oibre san Idirbhliain agus/nó mar chuid de YOUTHREACH, cláracha Ullmhúcháin nó Traenála Gairmiúla.
Leagtar béim i gcuraclam an chláir ar ceithre phríomh réimse - is iad sin teanga, fios, forbairt shóisialta agus forbairt phearsanta. Déantar an páiste a chur ag plé le himeachtaí spraoi comhdhéanta atá dírithe ar fhorbairt an pháiste sna príomh réimsí sin. Leagann múinteoirí síos aidhmeanna faoi leith foghlama do gach páiste taobh istigh de na himeachtaí spraoi seo. Is iad an spraoi agus idirghníomhaíocht dearfach idir an duine fásta agus an páiste bunchlocha na n-imeachtaí Túsluath.
Nuair atá an clár Túsluath curtha i gcrích ag na páistí téann siad ar aghaidh chuig rang na Naíonán Sóisearach ina mbunscoil.
Tá measúnú foirmiúil déanta go dtí seo ar fhorbairt an chláir Túsluath ag an Ionad Taighde Oideachais, Droim Conrach.
Tuigtear ón measúnú sin:
Tá go leor gnéithe den Túsluath dhá mheas ag an Ionad Taighde Oideachais agus mar sin tá an clár fós ag an ngné píolótach. Mar sin, níl a fhios fós céard go díreach atá i ndán don togra.
Más mian leat a bheith i d'oibrí cúram páistí mar chuid den chlár Túsluath, teastóidh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas uait:
Más mian leat cás a dhéanamh gur ionann an cháilíocht atá agat agus aon cheann de na cáilíochtaí thuas luaite, tá sé leagtha síos ag an institiúid oiliúna nach mór don duine iarratas a dhéanamh chuig FETAC le comhaitheantas a fháil dá c(h)áilíocht.
Ag tús gach scoilbhliana cuirtear clár insealbhaithe ar fáil do mhúinteoirí atá ag dul ag plé le Túsluath don chéad uair. Is iondúil go mbíonn seimineár inseirbhíse do mhúinteoirí agus oibrithe cúram páistí ar fáil faoi dhó sa bhliain.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais seo a leanas ar fáil do scoileanna gur mian leo páirt a ghlacadh sa scéim Túsluath:
Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Westmeath
Ireland
Teil:+353 (0)90 643764
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.