Sí an chiall atá le luathoideachais don óige ná an t-oideachas a fhaigheann siad roimh an scolaíocht fhoirmiúil nó an t-oideachas roimh an aois ginearálta a chaithfeas páistí freastal ar an scoil. Baineann luathoideachas le páistí idir 0-6 bliana. Leagann an reachtú síos go gcaithfidh páistí freastal ar scoil (nó oideachas) ó 6 bhliain d'aois ar aghaidh. Go ginearálta freastalaíonn tromlach na bpáistí atá 5 bliana d'aois agus leath na bpáistí atá 4 bliana d'aois ar bhunscoileanna anseo in Éirinn.
Folaíonn seirbhísí luathoideachais don óige ranganna naíonáin sna bunscoileanna agus réimse seirbhísí chúram leanaí réamhscoile.
Tá an ról a ghlacann an Roinn Oideachais agus Scileanna i luathoideachais don óige dírithe ar idirghábhail do pháistí faoi míbhuntáiste nó iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu. Oibríonn an tAonad Beartais um Oideachas sna Luathbhlianta den Roinn Oideachais agus Scileanna agus Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ar cheisteanna beartais a bhfuil tionchar acu ar oideachas agus luath-chúram leanaí.
Soláthraíonn an Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (COLO) bliain réamhscoile cúraim agus oideachais luath- óige saor in aisce ar fáil do leanaí aois réamhscoile. Thosaigh an scéim in Eanáir 2010. Go ginearálta, cuirtear 3 uair in aghaidh an lae, 5 lá in aghaidh na seachtaine ar feadh 38 seachtaine sa bhliain do leanaí atá cláraithe i réamhscoileanna rannpháirteacha. Faigheann na leanaí atá cláraithe i seirbhísí chúram leanaí 2 uair agus 15 nóiméad in aghaidh an lae ar feadh 50 seachtaine.
Riartar an scéim ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Tá deontas speisialta ceadaithe do scoileanna náisiúnta le treallamh agus ábhair a cheannach do ranganna naíonán. Brathann an méid airgid ar líon na ndaltaí agus sé an uasmhéid deontais ná €1,904.61.
Sí an aidhm atá ag an gClár an Túis Luaith ná dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais tré pháistí a aimsiú atá i mbaol nach mbainfidh siad amach a gcumas lastigh den chóras oideachais. Scéim sheachanta idirghábhála bliana a chuirtear ar fáil do i scoileanna faoi leith atá i gceantair aitheanta faoi mhíbhuntáiste in Éirinn é an Clár Píolótach Túsluath Réamhscoile.
Tá réimse clár ag an Roinn lena n-áirítear Tús Luath chun tabhairt faoi mhíbhuntáiste oideachasúil faoin bplean gnímh Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (CDSS). Mar chuid de CDSS, tá an Roinn ag forbairt tacaí d'oideachas luath-óige chun oibriú i gcomhar le seirbhísí cúraim leanaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste.
Cuireann 45 réamhscoil ullmhúchán speisialta ar fáil do pháistí de chuid an lucht siúil sula gcláraíonn siad sna scoileanna náisiúnta. Sé an Stát a íocann 98% de na táillí teagaisc do uasmhéid 3 uair a chloig sa lá i rith na scoilbhliana. Íocann an Stát costaisí taistil más gá agus tugtar cúnamh breise le haghaidh treallamh a cheannacht. Tá tuilleadh páistí de chuid an lucht siúil ag freastal ar chúram leanái pobail nó réamhscoileanna príobháidaigh.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhís múinteoir taistil ar fáil do pháistí óga ar a bhfuil lagú radhairc/éisteachta ó 2 bhliain d'aois ar aghaidh.
Cuireann Oifigí Sláinte Áitiúla agus/nó eagraíochtaí deonacha seirbhísí ar fáil do pháistí óga le míchumais déine. Soláthraítear na seirbhísí in Ionaid Oideachais agus Forbartha do Pháistí agus go hiondúil is riarthóir cliniciúil atá i gceannas orthu le foireann banaltraí a bhfuil cáilíochtaí acu ag plé le daoine míchumasacha. Siad múinteoirí Montessori a dhéanann an teagasc. Go minic bíonn teiripithe spraoi fostaithe sna hionaid seo.
Níl ceart sainiúil ag leanaí réamhscoile oideachas a fháil. Tá siad i dteideal seirbhísí sláinte áirithe atá bainteach le hoideachas, áfach. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagrach as seirbhísí síceolaíochta agus seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga a chur ar fáil do leanaí réamhscoile faoi mhíchumas a meastar na seirbhísí seo a bheith ag teastáil uathu. Déantar measúnú ar leanaí atá faoi 5 bliana d'aois faoina forálacha ar mheasúnú riachtanas san Acht Míchumais 2005.
Tá réimse cúrsaí oiliúna ann as a bhfaightear cáilíochtaí i gcúram leanaí, agus tá creidiúnú á fháil ag an gcuid is mó acu ó Chomhairle na nDámhachtainí Ard-oideachais agus Oiliúna (HETAC) agus ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC), taobh istigh de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Tá Aonad Beartais um Oideachas sna Luathbhlianta d'Oifig an Aire Leanaí ag forbairt straitéise chun 17,000 áit oiliúna cúraim leanaí a chur ar fáil sa bhliain 2010.
Faoi láthair, áfach, níl aon íoschaighdeáin ann a bhaineann leis an gcomhchuid oideachasúil de sheirbhísí nó le hoiliúint nó cáilíochtaí foirne. Mhol an Tuarascáil de Shainghrúpa Oibre ar Chúram Leanaí Chomhpháirtíocht 2000, i measc rudaí eile, go mbeadh sé d'aidhm ag an earnáil cúraim leanaí sprioc Líonra an Choimisiúin Eorpaigh ar Chúram Leanaí de oiliúint 3 bliana ar a laghad a bheith ag íoslíon de 60% den fhoireann atá ag obair go díreach le leanaí.
Tá an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagrach do leas agus forbairt
na bpáistí atá ag freastal ar seirbhísí réamhscoile faoin Acht Cúram
Leanaí 1991. Sé an chiall atá le seirbhísí réamhscoile ná grúpaí
spraoi, naíolainn lae, creche, áiseanna cúram lae nó seirbhísí dá sórt
a dhéanann freastal ar pháistí réamhscoile. Tá tuilleadh eolais maidir le
rialacháin
na soláthraithe seirbhíse chúram leanaí réamhscoile.
Baineann an Páipéar Bán, Léamh le foghlaim le luathoideachas páistí idir 0-6 bliana. Tá príomhchuspóirí an luathoideachais leagtha amach mar "ag tabhairt tacaíochta do chur i gcrích oideachais agus forbairt páistí tré luathoideachas de ardchaighdeán a chur ar fáil, ag díriú isteach go háirithe ar ghrúpaí faoi míbhuntáiste agus iad siúd le riachtanais speisialta"
Tá cúpla prionsabal treorach leagtha síos:
Molann an páipéar bán go dtabharfaí tacaíocht luath do theaghlaigh le páistí le riachtanais speisialta. Ba cheart go mbeadh saineolaí luathoideachais ar fáil mar chomhairleoir do na tuismitheoirí ag an tús ansin mar mhúinteoir.
Caithfidh soláthróirí luathoideachais a fhaigheann maoiniú stáit d'áiteanna forbartha / oideachais, caighdeán atá leagtha síos a chomhlíonadh. Is féidir le soláthróirí eile a chomhlíonann an caighdeán atá leagtha síos, aitheantas speisialta a fháil tré bhronnadh an marc Caighdeán in Oideachas (QE). Baineann an marc QE le caighdeán oideachais a bhaineann le curaclam, modhanna, cáilíochtaí agus traenáil foirne. Beidh na rialacháin cúram leanaí i bhfeidhm freisin.
Bunaíodh an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachais na Luath-Óige (LFOL) sa bhliain 2002 ar mholadh an Pháipéir Bháin ach i Samhain 2008 dúnadh an LFOL nuair a chríochníodh airgead an Rialtais. Sa bhliain 2006 d’fhoilsigh sé Síolta: An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-óige lena n-áirítear ardchaighdeáin le haghaidh oideachais na luath-óige. Ba í aidhm an LFOL luathoideachas a fhorbairt agus a chomhordú de réir na gcuspóirí sa Pháipéar Bán Ready to Learn agus comhairle a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le ceisteanna polasaí sa réimse seo.
Rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta forbairt ar Aistear: Creat-churaclam na Luath-Óige a lainseáileadh i bhfómhair 2009.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.