Tá clár Leonardo da Vinci dírithe orthu seo a leanas:
Is iad príomhaidhmeanna sonracha an chláir ná:
I roghnú tionscadal chun páirt a ghlacadh sa chlár, is féidir tosaíocht a thabhairt dóibh siúd a thugann tacaíocht do dhaoine mhíchumasaithe agus do dhaoine ó chúlraí míbhuntáisteacha.
Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí is féidir leis an gclár Leonardo da Vinci tacaíocht a thabhairt dóibh:
Soghluaisteacht dhaoine: Tugann sé seo san áireamh ionaduithe oiliúnaithe (déantar tagairt dóibh mar dhaoine i dtúsoiliúint ghairme - TOG) agus daoine in fhostaíocht (déantar tagairt dóibh mar dhaoine ar an margadh fostaíochta - DMF) in institiúidí oiliúna nó fiontair i dtíortha páirteacha eile. Tugann sé san áireamh freisin ionaduithe agus malartuithe dírithe ar fhorbairt ghairmiúil bhreise do oiliúnóirí agus threoirchomhairleoirí agus iad siúd atá freagrach as forais oiliúna agus as pleanáil oiliúna agus treoirchomhairleoireachta taobh istigh de fhiontair ( déantar tagairt dóibh mar dhaoine atá freagrach as gairmoideachas agus oiliúint ar leibhéal gairmiúil -GOG).
Tá seans ann go mbronnfar an doiciméad Soghluaisteachta Europass ar dhaoine a ghlacann páirt sa chlár.
Comhpháirtíochtaí: Comhpháirtíochtaí atá dírithe ar théamaí comhleasa do na heagraíochtaí páirteacha beidh siad intofa do thacaíocht ó 2008
Tionscadail iltaobhacha: Tá na tionscadail seo dírithe ar fheabhsú na gcóras oiliúna trí dhíriú ar aistriú nuálaíochta maidir le hoiriúint teangeolaíochta, cultúrtha agus dlí do riachtanais náisiúnta táirgí nuálacha agus próiseas forbartha i gcomhthéacsanna difriúla nuálaíochta.
Líonraí saineolaithe: Is féidir tacaíocht a thabhairt do líonraí saineolaithe agus eagraíochtaí atá ag obair ar shaincheisteanna maidir le gairmoideachas agus oiliúint.
Tá formhór de ghníomhaíochtaí Leonardo in Éirinn faoi bhainistíocht Léargas agus ba chóir gach fiosrúchán maidir le cáilitheacht agus maoiniú a dhíriú chuige.
189-193 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire
Facs:+353 (0)1 8731316
Láithreán Gréasáin: http://www.leargas.ie/
R-phost: info@leargas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.