Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Cláir Oideachais Eorpacha > Clár Grundtvig 2007-2013

Print Page Send to a Friend

Clár Grundtvig 2007-2013

Eolas

Tá an Clár Grundtvig dírithe orthu seo a leanas:

  • Foghlaimeoirí in oideachas aosach
  • Institiúidí nó eagraíochtaí a sholáthraíonn deiseanna foghlama in oideachas aosach
  • Múinteoirí agus ar fhoireann eile sna hinstitiúidí agus sna heagraíochtaí sin
  • Forais atá gníomhach ó thaobh oiliúint thosaigh nó bhreise a chur ar fhoireann oideachais aosaigh
  • Cumainn agus ionadaithe na ndaoine atá páirteach in oideachas aosach, cumainn foghlaimeoirí agus múinteoirí san áireamh
  • Forais a chuireann treoir, comhairleoireacht agus seirbhísí faisnéise ar fáil i leith aon ghné den fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Daoine agus forais atá freagrach as córais agus beartais maidir le aon ghné den oideachas aosach ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta
  • Ionaid taighde agus forais a dhéileálann le cúrsaí um fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Fiontair
  • Eagraíochtaí neamhbhrabúis, forais dheonacha, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha
  • Institiúidí ardoideachais

Is iad seo a leanas príomhsainchuspóirí an chláir:

  • Soghluaisteacht daoine a bhaineann le hoideachas aosach a fheabhsú
  • Comhoibriú idir eagraíochtaí a dhéileálann le hoideachas aosach a fheabhsú
  • Cabhrú le daoine ó ghrúpaí sóisialta leochaileacha agus i gcomhthéacsanna sóisialta imeallacha, daoine níos aosta agus daoine a d'fhág an córas oideachais gan bhun-cháilíochtaí go háirithe, chun deiseanna ailtéarnacha a thabhairt dóibh chun teacht ar oideachas aosach

Féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, do mhná agus do dhaoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

Rialacha

Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí a bhféadfadh an clár Grundtvig tacú leo:

Soghluaisteacht dhaoine aonair: d'fhéadfadh go mbeadh cuairteanna, cúntóireachtaí agus malartaithe do rannpháirtithe in oideachas aosach foirmiúil agus neamhfhoirmiúil i gceist anseo, oiliúint agus forbairt phroifisiúnta ar fhoirne oideachais aosaigh san áireamh. Tosófar ag tabhairt tacaíochta do shaorghluaisteacht foghlaimeoirí aonair agus múinteoirí oideachais aosaigh nuacháilithe in 2008. Tá tacaíocht ar fáil le haghaidh institiúidí in 2007.

Comhpháirtíochtaí: Comhpháirtíochtaí Foghlama Grundtvig ag díriú ar théamaí a bhfuil suim choiteann ag na heagraíochtaí rannpháirteacha iontu

Tionscadail iltaobhacha dírithe ar chórais oideachais aosaigh a fheabhsú trí fhorbairt agus aistriú nuálaíochta agus dea-chleachtais

Líonraí saineolaithe agus eagraíochtaí ag plé go háirithe le:

  • Oideachas aosach a fhorbairt sa disciplín, réimse ábhair nó réimse bainistíochta lena mbaineann siad
  • Dea-chleachtais agus nuálaíocht a aithint, a fheabhsú agus a leathadh
  • Tacaíocht inneachair a sholáthar do thionscadail agus do chomhpháirtíochtaí a bhunaigh daoine eile agus idirghníomhaíocht idir tionscadail agus comhpháirtíochtaí dá leithéid a éascú
  • Forbairt ar anailís riachtanas agus ar dhearbhú cáilíochta laistigh d'oideachas aosach a chur chun cinn

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le Léargas chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le modhanna agus foirmeacha iarratais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Léargas

189-193 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire

Facs:+353 (0)1 8731316
Láithreán Gréasáin: http://www.leargas.ie/
R-phost: info@leargas.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Leonardo da Vinci 2007-2013
    Faigh amach faoin gclár Leonardo da Vinci, clár gairmoiliúna an Aontais Eorpaigh
  • Clár Comenius
    Comenius, clár oideachais maoinithe ag an gCoimsiún Eorpach,a dhéileálann le réamhscolaíocht, le bunoideachas agus le hiar-bhunoideachas.
  • Cláir oideachais agus oiliúna na hEorpa
    Déantar cur síos sa doiciméad seo ar chláir oideachais agus oiliúna na hEorpa ar cistithe ag an gCoimisiún Eorpach iad.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.