Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Cláir Oideachais Eorpacha > Cláir oideachais agus oiliúna na hEorpa

Print Page Send to a Friend

Cláir oideachais agus oiliúna na hEorpa

Eolas

Tá ballstáit aonair an Aontais Eorpaigh (AE) freagrach as a gcórais oideachais agus oiliúna féin agus déanann siad siúd cinneadh faoina bhfuil sna córais sin. D'fhéadfadh an tAontas Eorpach maoiniú agus tacaíocht a chuir ar fáil chun cur le gníomhartha na mballstát. Is é an clár AE a thugann an tacaíocht seo faoi láthair ná an Clár Foghlama Fadsaoil. Bhunaigh Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE an 15ú Samhain 2006 an clár.

An Clár Foghlama Fadsaoil

Clúdaíonn an Clár Foghlama Fadsaoil an tréimhse idir 2007-2013, agus tagann sé i gcomharbacht ar na hiar-chláir Socrates, Leonardo da Vinci agus na cláir Ríomhfhoglama. Tacaíonn sé le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí a mhúsclaíonn comh-oibriú, soghluaisteacht agus cómhalartú idir na córais traenála agus oiliúna laistigh den AE. Tá 4 phríomh pháirt sa gclár:

  • Déileálann Clár Comenius le riachtanais teagaisc agus foghlama na ndaoine go léir atá in oideachas réamhscoile agus scoile suas go dtí deireadh an oideachais dara leibhéil, agus na hinstitiúidí agus eagraíochtaí a sholáthraíonn an t-oideachas sin
  • Déileálann Clár Erasmus le riachtanais teagaisc agus foghlamtha na ndaoine go léir atá in ardoideachas foirmiúil, socrúcháin mhic léinn trasnáisiúnta i bhfiontair ina measc, agus na hinstitiúidí agus na heagraíochtaí a chuireann an cineál sin oiliúna agus oideachais ar fáil
  • Déileálann Clár Leonardo da Vinci le riachtanais teagaisc agus foghlama na ndaoine atá i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint, ach amháin iad siúd sa tríú leibhéal lena n-áirítear socrúcháin i bhfiontair do dhaoine seachas mic léinn, chomh maith le hinstitiúidí agus eagraíochtaí a chuireann an cineál sin oideachais agus oiliúna ar fáil
  • Déileálann Clár Grundtvig le riachtanais foghlama agus teagaisc na ndaoine atá ag baint leasa as aon chineál oideachais do dhaoine fásta, chomh maith leis na hinstitiúidí agus na heagraíochtaí a chuireann an cineál sin oideachais ar fáil.

Tá clár traslíne ann chomh maith a dhéileálann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Comhoibriú polasaí agus nuálaíocht maidir le foghlaim fadsaoil
  • Cur chun cinn foghlaim teanga
  • Ábhar nuálaíoch TFC-bhunaithe a fhorbairt, chomh maith le seirbhísí, oideolaíochtaí agus cleachtadh d'fhoghlaim fadsaoil
  • Scaipeadh agus saothrú torthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú faoin gClár Foghlama Fadsaoil agus faoi chláir den chineál céanna roimhe sin, agus malartú dea-chleachtais

Tá a thuilleadh faisnéise faoin gclár traslíne i Tuilleadh faoin ábhar seo.

Tá Clár Jean Monnet a thacaíonn le hinstitiúidí agus gníomhaíochtaí i réimse an chomhtháthaithe Eorpaigh mar chuid den chlár nua chomh maith.

Tíortha atá páirteach

Tá An Clár Foghlama Fadsaoil ar fáil faoi láthair do:

  • An 27 mballstát den AE
  • An Tuirc
  • An 3 bhallstát eile den EEA (an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin)

Beidh an clár ar fáil do thíortha eile atá ina n-iarrthóirí (an Chróit) agus do thíortha Iartharacha na mBalcán nuair a shínítear conarthaí áirithe leo. Tá cainteanna á thionól leis an Eilvéis faoina rannpháirtíocht sa chlár. Tá roinnt gnéithe de Chlár Jean Monnet ar fáil ar fud an domhain.

Comhoibriú le tíortha eile

cláir comhoibrithe oideachais ag an AE freisin le Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an tSeapáin, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

Gníomhaireachtaí náisiúnta

Tá na cláir oideachais agus oiliúna Eorpacha á chomhbhainistiú go ginearálta ag na gníomhaireachtaí náisiúnta sna tíortha rannpháirtíochta agus ag an gCoimisiún Eorpach féin. In Éirinn, is iad na gníomhaireachtaí náisiúnta atá páirteach ná an tÚdarás um Ard-Oideachas, Léargas, FÁS agus an Rannóg Idirnáisiúnta den Roinn Oideachais agus Scileanna. Is é ról na ngníomhaireachtaí náisiúnta ná:

  • Poibliú a dhéanamh ar chláir an Aontais Eorpaigh agus comhairle agus faisnéis a chur ar fáil.
  • Cúnamh a thabhairt le páirtithe tionscadail a aimsiú i dtíortha eile an AE
  • Comhairle agus treoir a chur ar fáil, mar shampla, faoi iarratais a chur isteach
  • Aiseolas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an clár ag obair

Tá gníomhaireachtaí náisiúnta páirteach go díreach i mbainistiú roinnt fo-thionscnaimh faoi na cláir mhóra oideachais agus gairmoiliúna. Is iad a bhfreagrachtaí maidir leis na tionscadail seo ná:

  • Na tionscadail a roghnú
  • Deontais a eisiúint
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dhualgais
  • Dualgais bainistíochta airgeadais.

Rátaí

Tá éagsúlacht mhór idir an maoiniú agus na deontais a fhaigheann tionscadail agus cláir malartaithe oideachais Eorpacha agus ba chóir teagmháil a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí atá freagrach astu chun a thuilleadh sonraí a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Is é do chéad phointe teagmhála do cheisteanna ginearálta faoin gClár Foghlama Fadsaoil ná na gníomhaireachtaí náisiúnta atá páirteach ann (An tÚdarás um Ard-Oideachas, Léargas agus FÁS). Fiú nuair a bhíonn ort d'iarratas a chur díreach chuig an gCoimisiún Eorpach, bheadh sé úsáideach labhairt faoi d'iarratas leis an ngníomhaireacht náisiúnta ábhartha ar dtús. D'fhéadfadh sé seo difríocht shuntasach a dhéanamh do chaighdeán d'iarratais.

Tuilleadh eolais

An clár trasnaí Foghlama ar feadh an tSaoil 2007-2013

Comhlánaíonn an clár Trasnaí na cláir eile sa Chlár Foghlamtha ar Feadh an tSaoil: Comenius, Erasmus, Grundtvig agus Leonardo da Vinci

Is iad a shainaidhmeanna na nithe seo a chur chun cinn:

  • An comhoibriú Eorpach i réimsí a chumhdaíonn dhá fho-chlár earnála nó níos mó
  • Cáilíocht agus trédhearcacht na gcóras oideachais agus oiliúna sna ballstáit

Tabharfaidh an clár tacaíocht do na gníomhaíochtaí seo:

  • Soghluaisteacht na ndaoine aonair, lena n-áirítear cuairteanna staidéir do shaineolaithe agus d’oifigigh a ainmneoidh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, do stiúrthóirí institiúidí oideachais agus oiliúna agus seirbhísí treorach agus creidiúnaithe cleachta, agus do na comhpháirtithe sóisialta
  • Tionscadail iltaobhacha, arb aidhm dóibh moltaí beartais a forbraíodh ar leibhéal an AE a ullmhú agus a thástáil, agus an nuálaíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Líonraí iltaobhacha saineolaithe agus / nó institiúidí a oibríonn le chéile ar cheisteanna beartais
  • Grinniú agus anailís ar bheartais agus chórais i réimse na foghlamtha ar feadh an tsaoil
  • Bearta d’fhonn tacú le trédhearcacht agus le haitheantas na gcáilíochtaí

Go háirithe, féadfaidh an clár tacú le foghlaim na dteangacha agus le Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

Where to apply

Oibríonn an clár Trasnaí i gcomhar leis na cláir eile. Téigh i dteagmháil leis an an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO) agus / nó le Léargas

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Comenius
    Comenius, clár oideachais maoinithe ag an gCoimsiún Eorpach,a dhéileálann le réamhscolaíocht, le bunoideachas agus le hiar-bhunoideachas.
  • Clár Leonardo da Vinci 2007-2013
    Faigh amach faoin gclár Leonardo da Vinci, clár gairmoiliúna an Aontais Eorpaigh
  • Clár Grundtvig 2007-2013
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar Grundtvig, clár oideachais Eorpaigh a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar oideachas aosach san Eoraip.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.