Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Cláir Oideachais Eorpacha > Clár ERASMUS

Print Page Send to a Friend

Clár ERASMUS

Eolas

Tá an clár Erasmus dírithe ar:

  • Mhic léinn agus oiliúnaithe i ngach cineál oideachais agus oiliúna ag an tríú leibhéal.
  • Institiúidí ardoideachais
  • Mhúinteoirí, oiliúnóirí agus foireann eile na n-institiúidí sin
  • Chumainn agus ionadaithe iad siúd a bhfuil baint acu in ard-oideachas, cumainn mac léinn, ollscoile agus múinteoirí/oiliúnóirí san áireamh.
  • Fhiontair, comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe eile don saol oibre
  • Fhorais Phoiblí agus phríobháideacha, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus Eagraíochtaí Neamhrialtais (NGO) san áireamh, a bhfuil freagracht orthu i leith eagrú agus sheachadadh oideachais agus oiliúna ag leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta
  • Ionaid agus fhorais taighde a dhéileálann le cúrsaí um fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Fhorais a sholáthraíonn treoir, comhairleoireacht agus seirbhísí faisnéise i leith aon ghné den fhoghlaim ar feadh an tsaoil

Is iad seo a leanas príomh-shainchuspóirí Chlár Erasmus:

  • Soghluaiseacht fhoireann scoláirí agus múinteoirí a fheabhsú
  • An méid trédhearcachta agus comhoirúnachta idir ard-oideachas agus ardcháilíochtaí gairmoideachais a ghnóthaítear sanEoraip a mhéadú.

Tacaíonn an Clár Erasmus leis na bearta seo a leanas:

  • Soghluaiseacht mac léinn ionas go dtabharfar faoi staidéar nó oiliúint in institiúidí um ard-oideachas i dtíortha eile, agus le haghaidh socrúchán i bhfiontair, ionaid oiliúna, ionaid taighde nó in eagraíochtaí eile
  • Soghluaiseacht foirne múinteoireachta in Insitiúidí um ard-oideachas ionas go dtabharfar nó go nglacfar oiliúint i institiúid chomhpháirteach thar lear
  • Soghluaiseacht foirne eile in institiúidí ardoideachais agus foirne fiontar chun críocha oiliúna nó múinteoireachta
  • Dian-chláir Erasmus arna n-eagrú ar bhonn iltaobhach

Tá clár nua Erasmus for All le tosú sa bhliain 2014.

Rialacha

Páirteachas institiúidí oideachais

Tá institiúidí oideachais tríú leibhéal uile na dtíortha comhpháirteacha incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chlár Erasmus. Ní mór dóibh cloí leis na prionsabail a leagtar amach iad sa Chairt Ollscoile Erasmus. Tá conarthaí ag na hinstitiúidí oideachais a ghlacann páirt sa chlár leis an gCoimisiún Eorpach. Míníonn na conarthaí seo mar a ghlacann an institiúid páirt sa scéim. Féadfaidh na hinstitiúidí deontais a fháil le haghaidh réimse gníomhaíochtaí, eagrú ar shoghluaiseacht mac léinn agus fhoireann mhúinteoireacht ollscoile san áireamh.

Córas Eorpach Aistriú Creidiúna

Is córas é an Córas Eorpach Aistriú Creidiúna (ECTS) a dhéanann creidiúint acadúil a dháileadh agus a aistriú, agus a éascaíonn aitheantas acadúil ar thréimhsí staidéir idir bunaíochtaí comhpháirteacha. Tá institiúidí ardoideachais i dteideal iarratas a dhéanamh ar thacaíocht chun ECTS a thabhairt isteach i ranna nó dámha den chéad uair.

Rannpháirtíocht mac léinn agus múinteoirí

Tugann Erasmus deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh in ollscoil nó in institiúid i dtír rannpháirteach eile ar feadh tréimhse idir 3 agus 12 mhí. Tugann an institiúid bhaile aitheantas don tréimhse staidéir seo. Féadfar maoiniú a fháil ón Udarás um Ard-oideachas a chuideoidh le mic léinn agus múinteoirí a bhfuil suim acu i malartaithe Erasmus.

Caithfidh mic léinn ar mian leo leas a bhaint as an gclár a bheith ag freastal ar institiúid tríú leibhéal atá rannpháirteach sa scéim, agus is gá go mbeadh ar an laghad an chéad bhliain d'oideachas tríú leibhéal comhlíonta acu. (Is é an gnáthchleachtas go mbíonn 2 bhliain ag an tríú leibhéal comhlíonta ag mic léinn Éireannacha). Ní mór go mairfeadh an staidéar a chomhlíontar i dtír rannpháirteach eile 3 mhí nó téarma acadúila ar an laghad, agus bliain amháin ar a mhéid. Ní mór do na hollscoileanna comhpháirteacha agus don mhac léinn clár staidéir a shocrú sula bhfágann an mac léinn.

Tá mic léinn Erasmus incháilithe chun deontas soghluaiseachta a fháil a chuideoidh leo páirt a ghlacadh sa scéim. Tá sé i gceist go gcuideoidh an deontas seo leis na costais taistil, agus an difríocht idir costas maireachtála na tíre dúchasaí agus na tíre ina bhfuil an mac léinn ag staidéar, a íoc. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach cuid de tháille teagaisc teanga an mhic léinn a mhaoiniú, sula n-imíonn sé/sí chun na hinstitiúide eachtraí nó sula sroicheann sé/ sí an institiúid eachtrach. Tá maoiniú breise ar fáil do mhic léinn a bhfuil míchumais orthu, nó riachtanais fíor-speisialta acu, atá aitheanta go hoifigiúil.

Baineann an maoiniú seo le rannpháirtíocht sa scéim agus ní dhéantar tástáil acmainne dó, ná níl sé bainteach le deontais do mhic léinn i gcoitinne.

Fanann mic léinn mar mhic léinn oifigiúla de chuid na hinstitiúide baile. Tá orthu na táillí agus muirir chéanna a íoc agus a d'íocfaidís dá mbeidís fós ag staidéar sa bhaile. I gcás mac léinn a fhaigheann deontais do mhic léinn, leanfaidh siad orthu á bhfáil fad atá siad ag staidéar sa tír eile.

Tá deontais soghluaiseachta ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo obair in institiúid chomhpháirteach chomh maith. Clúdaíonn na deontais seo costais na múinteoirí atá ag múineadh cúrsaí mar chuid de churaclam oifigiúil institiúid oideachais Eorpaí eile. Glactar leis go ndéanfaidh institiúidí ranníocaíochtaí éigin ar son a bhfoirne, ar chostais na gclár malartaithe seo. Tá maoiniú breise ar fáil do mhic léinn a bhfuil míchumais orthu, nó riachtanais fíor-speisialta acu, atá aitheanta go hoifigiúil. Ba chóir do mhúinteoirí a n-iarratais a dhéanamh trína n-ollscoil féin agus teastas leighis a sholáthar in éineacht lena n-iarratais.

Féadfar tuilleadh eolais i dtaobh maoinithe a fháil ó d'institiúid oideachais féin.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas soghluaiseachta mac léinn nó múinteora trí d'institiúid oideachais féin.

Íocann an tÚdarás um Ard-Oideachas na deontais soghluaiseachta le mic léinn, go díreach leis na mic léinn nó go hindíreach trína hinstitiúidí oideachais. Íocann an tUdarás um Ard-Oideachas na deontais soghluaiseachta le foireann múinteoireachta, tríd institiúidí oideachais na múinteoirí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás um Ard-Oideachas

Teach Phlásóg an tSrutháin
Ascaill Crampton
Bóthar Shíol Bhroin
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 231 7100
Lóghlao:1890 200 637
Facs:+353 (0)1 231 7172
Láithreán Gréasáin: http://www.hea.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.