Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas aosach agus fad saoil > Ranganna oíche

Print Page Send to a Friend

Ranganna oíche

Eolas

Bíodh go bhfuil tú ag lorg bealach sóisialta chun teanga a fhoghlaim nó go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht foirmeálta ar leith a bhaint amach, ba chóir go mbeadh do rogha féin le fáil agat as an réimse ranganna oíche atá ar fáil ar fud na tíre.

Bíonn ranganna oíche ar siúl i rith an téarma in ionaid traenála FÁS, Coistí Gairmoideachais (CGO), scoileanna, coláistí agus ollscoileanna ar fud na tíre. Bíonn cúrsaí difriúla ar fáil sna hionaid éagsúla agus mar sin is fiú go mór breathnú thart má tá ábhar ar leith a chuireann tú spéis ann.

Go ginearálta bíonn ort clárú cúpla seachtain sula dtosnaíonn an cúrsa. Bíonn clárú ar siúl go hiondúil timpeall lár mhí Meán Fómhair, arís i lár mí Eanáir, agus, sna hionaid ina mbíonn téarmaí samhradh, timpeall lár mhí Márta.

De ghnáth, fógraítear ranganna oíche san áit - mar shampla, do pháipéir áitiúil, ionad pobal, ionad sláinte, halla paróiste. Is féidir le do CGO, choláiste, iarbhunscoil agus ionad traenála FÁS a thabhairt duit sonraí chúrsaí i d'áit agus dáta tosaithe.

Rialacha

Ní bhíonn teastasaíocht ag baint le formhór ranganna oíche agus dá bharr seo, ní bhíonn aon cháilíochtaí foirmeálta ag teastáíl uait chun páirt a ghlacadh iontu. Má tá suim agat, áfach, páirt a ghlacadh i gcúrsa a bhfuil cáilíocht ar leith le fáil as, b'fhéidir go mbeadh ort cáilíocht nó taithí éigin a bheith agat roimh ré ionas go bhféadfaidh tú páirt a ghlacadh iontu. Téigh i dteagmháil le heagraithe cúrsaí roimh ré chun seiceáil an bhfuil aon cháilíocht acadúil nó gairmiúil is gá don chúrsa.

Sé an t-aon rud amháin a mbíonn gá leis i gcóir furmhór ranganna oíche ná go n-íocfá an táille roimh ré.

Rátaí

Is iondúil go mbíonn ranganna oíche ag íoc astu féin agus mar sin bainfidh costas do chúrsa go díreach le costas na hábhair a bheidh ag teastáil uait dó. Dá bharr seo, is féidir difear an-mhór a bheith idir costas na gcúrsaí éagsúla.

Conas Iarratas a dhéanamh

Bíonn oíche clárú ag an CGO go hiondúil áit a dtéann tú féin ann chun clárú agus íoc as an gcúrsa roimh ré. Tá sonraí teagmhála an iomlán CGOs in Éirinn anseo.

Bíonn foirmeacha iarratais ar fáil de ghnáth i gcomhair cúrsaí FÁS. Níor mhór iad seo a bheith líonta agus seolta ar ais leis an táille roimh an dáta a luaitear leo. Is féídir leat cuardaigh ar líne cúrsaí traenála FÁS.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.