Eolas
Is é atá i gceist le hoideachas pobail ná oideachas agus foghlaim aosach,
taobh amuigh d'earnáil an oideachais fhoirmiúil de ghnáth, atá dírithe ar
fhoghlaim a fheabhsú, cumhacht a thabhairt do dhaoine agus cur leis an
tsochaí. Cuireann sé foghlaim phearsantaithe agus solúbthacht chun cinn
laistigh den ghrúpa foghlama. Glacann rannpháirtithe páirt mar
chomhpháirtithe comhionanna le riachtanais a aithint, cláir a dhearadh agus a
chur i bhfeidhm, agus iad a chur in oiriúint ar bhonn leanúnach.
Áirítear le cuspóirí earnáil an oideachais phobail ní hamháin forbairt
an duine aonair ach dul chun cinn an phobail, go háirithe i bpobail ar an
imeall.
Gné lárnach de chláir oideachais phobail ná go soláthraíonn siad na
tacaí atá riachtanach do rochtain agus d'foghlaim, treoir, meantóireacht,
aiseolas leanúnach agus cúram leanaí ach go háirithe.
Éascaitheoirí Oideachais Phobail
Oibríonn Éascaitheoirí Oideachais Phobail laistigh de na Coistí
Gairmoideachais le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail áitiúla.
Áirítear leis sin cabhair theicniúil/riaracháin a thabhairt, grúpaí
oideachais phobail a fhorbairt, a chothabháil agus a chomhordú agus naisc a
neartú idir earnáil an oideachais fhoirmiúil agus earnáil an oideachais
neamhfhoirmiúil. Cabhraíonn siad agus tacaíonn siad le forbairt tionscnamh
oideachasúil nua atá lonnaithe sa phobal. Is é
Cumann na n-Éascaitheoirí Oideachais Phobail
an eagraíocht ghairmiúil atá acu.
An Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas
Tá an
Tionscnamh
Filleadh ar an Oideachas ar cheann de na príomhcholúin den Pháipéar
Bán ar Oideachas Aosach. Soláthraíonn sé deiseanna d'oideachas athdheise
d'fhoghlaimeoirí aosacha agus do dhaoine a d'fhág an scoil go luath ar mian
leo a gcuid scileanna a nuashonrú. Ligeann an tionscnamh seo d'fhoghlaimeoirí
oideachas a chomhcheangal le freagrachtaí teaghlaigh, cúraim nó oibre.
Tógann sé ar scéimeanna reatha mar
Youthreach,
VTOS,
scéimeanna litearthachta
aosaí, oideachas pobail agus
cúrsaí
PLC. Coimeádtar deich faoin gcéad de na háiteanna a dháiltear faoi na
scéimeanna sin d'earnáil an oideachais phobail, agus dáiltear an chuid eile
de na háiteanna do sholáthróirí na hearnála reachtúla. D'fhéadfadh
daoine atá ag glacadh páirte i scéimeanna faoin Tionscnamh Filleadh ar an
Oideachas bheith incháilithe don
Liúntas
um Fhilleadh ar an Oideachas.
Ról na gCoistí Gairmoideachais in oideachas pobail
Oibríonn na Seirbhísí Oideachais Phobail laistigh de na Coistí
Gairmoideachais agus tugann siad tacaíocht do ghrúpaí pobail a bhfuil spéis
acu in oideachas pobail ar na bealaí seo a leanas:
- Soláthraíonn Éascaitheoirí Oideachais Phobail cúnamh agus tacaíocht
do ghrúpaí oideachais phobail nua nó reatha. Soláthraíonn siad eolas
maidir le foinsí maoinithe agus cabhraíonn siad le páirtithe leasmhara
in oideachas pobail rochtain a fháil ar mhaoiniú.
- Tá cúnamh ar fáil freisin do ghrúpaí oideachais phobail le cabhrú
leo a gcláir agus a gcúrsaí oideachais féin a fhorbairt. D'fhéadfadh
ionchur teicniúil, riaracháin nó oideachasúil bheith i gceist leis an
tacaíocht sin.
- Tacaíonn siad le líonrú le grúpaí agus eagraíochtaí eile a bhfuil
spéis acu in oideachas pobail, agus dea-chleachtas ó earnálacha eile a
roinnt.
Creidiúnú agus cáilíochtaí
Is gnách go n-úsáideann cúrsaí oideachais phobail meascán de chineálacha
éagsúla modhanna measúnaithe mar thascanna, tionscadail, taifid
foghlaimeoirí, breathnóireacht, léiriú scileanna agus scrúduithe. Chuir
creidiúnú dúshláin faoi sholáthróirí oideachais foirmiúil nó
neamhfhoirmiúil i gcónaí toisc nach i gcónaí a bhíonn sé mar chuspóir
nó mar thoradh riachtanach do gach foghlaimeoir. Ach tugadh aitheantas dá
bhailí agus atá foghlaim sa timpeallacht fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil
araon agus tarraingíodh isteach í i
gCreatoibre Náisiúnta na
gCáilíochtaí, a chuireann córas aonair ar fáil, ar féidir an
fhoghlaim go léir a mhapáil dá réir. Ligeann sé d'fhoghlaimeoirí bogadh
ó oideachas foirmiúil go neamhfhoirmiúil, ó oideachas bunúsach go
hoideachas breise, agus ó oideachas breise go hardoideachas ar bhealach
réasúnta simplí.