Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas aosach agus fad saoil > Litearthacht d'aosaigh

Print Page Send to a Friend

Litearthacht d'aosaigh

Eolas

Tá léibhéal íseal litearthachta ag líon suntasach de dhaonra na Éireann. Ciallaíonn sé seo go mbíonn deacrachtaí móra ag cuid mhaith daoine le gnáthobair ar nós foirmeacha a líonadh, cúnamh a thabhairt dá bpáistí le cleachtadh baile, nó treoracha ar bhuidéal leighis a léamh. Tugann Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta an Choiste Ghairmoideachais (CGO), atá dhá chur i gcrích ag an 33 CGO in Éirinn, deis do dhaoine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta acu teacht ar oideachas litearthachta. Tá Eagraí Oideachais do Dhaoine Fásta (EODF) an CGO freagrach as cinntiú go bhfuil an Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta curtha i bhfeidhm. Bíonn na CGO agus EODF ag plé go rialta leis an Ghníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (GNLA), eagraíocht deonach a bhaineann le comhordú náisiúnta, traenáil agus forbairt polasaí in obair litearthachta do dhaoine fásta, maidir le ceisteanna polasaí.

Cuireann teagascóirí litearthachta de chuid Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais teagasc ar fáil do mhic léinn fásta ar fud na hÉireann.

Freisin, tugann tograí raidió agus teilifíse ar a dtugtar Seirbhís Cianoideachas GNLA agus an láithreán gréasáin Literacytools.ie deis do na daoine ranganna litearthachta a fháil ina dtithe féin.

Má tá tú ag iarraidh do scileanna leitheoireachta/scríobhneoireachta/matamaitice a fheabhsú

Imoibrím teagascóirí agus foghlaimeoirí ar bhonn cothrom i Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais agus díríonn na ranganna ar riachtanais an fhoghlaimeora mar dhuine aonair.

Tagann na daoine a fhreastalaíonn ar Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais as chuile cháilíocht saolta agus bíonn fáthanna difriúla acu a gcuid leitheoireachta, scríobhneoireachta, litrithe agus matamaitice a fheabhsú, bíodh sé mar féin-fheabhsú, chun post níos fearr a fháil, nó díreach chun cúnamh a thabhairt dá bpáistí lena gcleachtadh baile.

Ní chaithfidh tú caighdeán oideachais áirithe a shroicheadh (mar shampla, an Teastas Sóisearach nó an Ardteistiméireacht) chun a bheith páirteach sa scéim. D'fhéadfá páirt a ghlacadh sa scéim le haghaidh do rogha tréimhse agus chomh maith leis sin is féidir an scéim a fhágáil ar feadh tamaill agus páirt a ghlacadh ann arís níos deireanaí.

Bíonn a T(h)eagascóir Litearthachta féin ag chuile dhuine a ghlacann páirt sa scéim agus sula dtosaíonn tú ar do chéad rang, déanfaidh tú féin agus an teagascóir cinneadh le chéile céard ba mhaith leat a chlúdú. Déanfaidh do theagascóir plean do gach rang a fheileann duit. Níl cúrsa ar leith leagtha síos agus de gnáth maireann ranganna thart ar dhá uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

Tá sé tábhachtach go gcuimhníonn tú go bhfuil daoine eile in Éirinn de chuile aois agus ó chuile chúlra le léibhéal íseal litearthachta. Ní gá duit a bheith buartha nó náirithe faoi pháirt a ghlacadh i scéim agus bíonn do thinreamh ar scéim litearthachta ar bith faoi rún. Faigheann na teagascóirí uilig oiliúint chun go mbeidís in ann thú a chur ar do shuaimhneas ionas go mbainfidh tú an méid tairbhe agus is féidir as na ranganna.

Nuair a dhéanann tú teagmháil le scéim, tabharfaidh an duine atá i gceannas ar do scéim áitiúil cuireadh duit teacht isteach chun na scéime agus do riachtanais maidir léi a phlé. Níl scrúdú i gceist agus níl a leithéid de rud agus freagra ceart nó mí-cheart ar cheisteanna. Tar éis an chruinnithe seo socróidh an timire teagascóir chun dul i mbun oibre leat.

Oibríonn mic léinn agus teagascóirí go dlúth le chéile, mar sin tá sé tábhachtach go réitíonn sibh go maith le chéile. Muna bhfuil tú sásta le do theagascóir, d'fhéadfá labhairt faoi rún le timire na scéime.

Má tá tú ag iarraidh a bheith i do theagascóir litearthachta do dhaoine fásta

Níl cáilíochtaí oideachais ar leith ag teastáil chun bheith i do theagascóir litearthachta do dhaoine fásta agus ní chaithfidh tú taithí mhúinteoireachta a bheith agat, mar chuirfear traenáil iomlán ort. Teastaíonn go mbeadh fíorfhonn oibre le daoine fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu ort. Má tá tú in ann léamh, má tá scileanna maithe cumarsáide agat agus má tá misneach agat i dtaobh do chumais daoine fásta le deacrachtaí litearthachta a thuiscint, d'fhéadfá cabhair a thabhairt.

Má tá tú ag iarraidh a bheith i do theagascóir i Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais do Dhaoine Fásta, ba cheart duit dul i dteagmháil le do thimire áitiúil i scéim litearthachta an Choiste Ghairmoideachais le haghaidh sonraí na gcúrsaí traenála i do cheantar. D'fhéadfá dul i dteagmháil leis an timire ach glaoch a chur ar oifig do Choiste Ghairmoideachais áitiúil, nó an GNLA.

Imeachtaí Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh

Eagraíonn an GNLA dhá Phríomhimeacht Náisiúnta Litearthachta. Lá Idirnáisiúnta Litearthachta, comhdháil náisiúnta lae a cheiliúrann obair na seirbhíse litearthachta a dhéanann an GNLA an chéad imeacht. Seachtain Eolais Litearthachta, seachtain imeachtaí ar fud na tíre a dhíríonn ar litearthacht do dhaoine fásta an dara imeacht acu.

Rialacha

Tá Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta an Choiste Ghairmoideachais oscailte do gach duine fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta aige/aice.

Rataí

Níl táille ar bith ag baint le páirt a ghlacadh i Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta, ná chun páirt a glacadh sa Chúrsa Traenála do Theagascóirí.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta an Choiste Ghairmoideachais ar fáil tríd an gCoiste Gairmoideachais is gaire duit agus i gcuid de na hionaid áitiúla pobail/acmhainní.

seoladh do soláthraí litearthachta áitiúil ar fáil anseo nó i d'eolaire teileafóin áitiúil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin www.literacy.ie.

Chomh maith leis sin, go minic bíonn póstaeir eolais faoi Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais curtha suas in ionaid phobail, ionaid acmhainní, leabharlanna áitiúla, séipéil, seomraí freastail dochtúra, oifigí poist agus Lárionaid Faisnéise do Shaoránaigh. Inseoidh na postaeir seo duit cá háit le dul agus cén duine ba cheart duit dul i dteagmháil leis/léi.

Tairiscíonn neart ceardchumann scéimeanna litearthachta saor in aisce dá mbaill. Más ball ceardchumainn thú, ba cheart duit dul i dteagmháil le do cheardchumann chun eolas a fháil.

Má tá spéis agat páirt a ghlacadh mar mhac léinn i Scéim Litearthachta an Choiste Ghairmoideachais, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Timire Litearthachta do Dhaoine Fásta nó leis an Timire Oideachais do Dhaoine Fásta i do Choiste Gairmoideachais.

Ma tá tú ag iarraidh a bheith i do theagascóir i Scéim Litearthachta do Dhaoine Fásta an Choiste Ghairmoideachais, ba cheart duit dul i dteagmháil le do Thimire Litearthachta do Dhaoine Fásta áitiúil chun sonraí a fháil faoi chúrsaí traenála i do cheantar. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an timire ach glaoch fóin a chur ar oifig do Choiste Ghairmoideachais áitiúil, nó an GNLA.

Is féidir le mic léinn dul isteach sa scéim ag am ar bith i rith na bliana.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Áisínteacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh

76 Sráid Ghairdinéir Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 855 4332
Facs:+353 (0)1 855 5475
Láithreán Gréasáin: http://www.nala.ie
R-phost: literacy@nala.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.