Nuair a fhaigheann duine bás ní mór don dochtúir a bheith deimhnitheach i dtaobh shiocair bháis an duine sular féidir leis é a dheimhniú agus sular féidir an bás a chlárú. Más rud é nach bhfaca an dochtúir an duine nach maireann 28 lá ar a laghad sula bhfuair sé/sí bás, nó mura bhfuil sé/sí deimhnitheach i dtaobh shiocair bháis an duine, ní mór an bás a thuairisciú don Chróinéir. Ní mór an Cróinéir a chur ar an eolas freisin más rud é go bhfuair an duine bás de dheasca timpiste, nó in imthosca foréigneacha nó in imthosca nach bhfuil aon míniú orthu. Is é ról an Chróinéara bás tobann gan mhíniú a fhiosrú ionas gur féidir an bás a dheimhniú agus a chlárú ina dhiaidh sin.
Is gnách go dtuairiscítear an bás do na Gardaí, agus cuirfidh siadsan ansin an Cróinéir ar an eolas. Is féidir an marbhán a thabhairt go dtí marbhlann ospidéil go dtí go ndéanann an Cróinéir cinneadh cé acu an gá nó nach gá scrúdú iarbháis (ar a dtugtar uatóipse freisin) a dhéanamh. Is é atá i scrúdú iarbháis ná scrúdú dochtúra ar chorp a dhéanann dochtúir sainoilte ar a dtugtar paiteolaí.
Má chinneann an Cróinéir go bhfuil gá le scrúdú iarbháis, d’fhéadfaí iarraidh ar dhuine den teaghlach an corp a chéannú go foirmiúil. Beidh air/uirthi dul chuig an marbhlann agus an corp a chéannú do Gharda atá ag feidhmiú thar ceann an Chróinéara. D’fhéadfadh tuilleadh eolais a bheith ag teastáil ó na Gardaí faoi na himthosca a bhaineann leis an mbás.
I gcás ina bhfuil mórán díobhálacha nó athruithe suntasacha iarbháis ann, is féidir céannú a dheimhniú le grianghraf nó ar mhodhanna eile. I gcásanna den sórt sin níl ar dhuine den teaghlach féachaint ar an gcorp.
I gcás ina n-ordaíonn Cróinéir scrúdú iarbháis, ní gá cead a fháil ón teaghlach.
Is gnách go dtugtar an corp ar ais don teaghlach tar éis an scrúdú iarbháis a bheith críochnaithe. Níor choir socruithe sochraide a dhéanamh go dtí go dtugtar an corp ar ais nó go dtí go gcuireann an cróinéir in iúl cathain a thabharfar ar ais é. Tá sé seo tábhachtach i gcónaí, ach tá sé an-tábhachtach ar dheirí seachtaine saoire poiblí.
Má bhíonn imscrúdú coiriúil ann, d’fhéadfadh go mbeadh gá le scrúdú iarbháis eile nó le tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh. Sa chás sin, d’fhéadfaí moill a chur ar an gcorp a thabhairt ar ais agus leis na socruithe sochraide.
Ní féidir leis an gCláraitheoir do Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna an bás a chlárú go dtí go bhfuil Deimhniú Cróinéara eisithe ag an gCróinéir don Chláraitheoir. Eiseoidh an Cróinéir é sin tar éis an scrúdú iarbháis a bheith faighte nó an t-ionchoisne a bheith seolta. Idir an dá linn, is féidir leis an gCróinéir Deimhniú Báis Eatramhach a eisiúint, má iarrtar sin air/uirthi, rud a nglacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis ar mhaithe le Deontais Mhéala agus sochair eile a thabhairt.
Murar féidir bás a mhíniú trí scrúdú iarbháis, ní mór ionchoisne a chur ar bun chun fíricí an bháis a thabhairt chun solais, mar shampla, cá háit agus cén chaoi a bhfuair an duine bás. I gcás ina bhfuil ionchoisne le déanamh, is gnách gur féidir leis an gCróinéir adhlacadh nó créamadh a cheadú a luaithe agus atá an scrúdú iarbháis ar an gcorp críochnaithe.
I gcás básanna áirithe, ceanglaítear go dlíthiúil ionchoisní a chur ar bun. I gcásanna eile, is faoin gCróinéir atá sé ionchoisne a sheoladh agus is féidir leis an teaghlach a gcuid tuairimí a chur in iúl don Chróinéir, más mian leo.
Ní bheidh an t-ionchoisne ar siúl go dtí 6 seachtaine ar a laghad tar éis an bháis. Is fiosrúchán poiblí ar shiocair an bháis é, a mbíonn an Cróinéir i gceannas air (agus giúiré páirteach ann i gcásanna áirithe). D’fhéadfaí éileamh ar fhinnéithe freastal ar an ionchoisne chun fianaise maidir le himthosca agus siocair an bháis a thabhairt. Tá an teaghlach i dteideal freastal ar an ionchoisne, ach níl dualgas dlíthiúil orthu a bheith i láthair.
Nuair a bhíonn giúiré i láthair ag ionchoisne, is é an giúiré seachas an Cróinéir a thugann an fíorasc. Ní fhaightear aon duine ciontach ná neamhchiontach in ionchoisne agus ní chinntear aon dliteanas coiriúil ná sibhialta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.