Anseo atá tú: Baile > Bás agus Méala > Nuair a fhaigheann duine bás

Print Page Send to a Friend

Nuair a fhaigheann duine bás

Nuair a fhaigheann duine bás bíonn go leor socruithe le déanamh ag tréimhse nuair atá daoine faoi bhrú pearsanta uafásach. Mar sin is tréimhse an-deacair í i saol an duine. Má chaill tú duine a bhí gar duit, nó má tá aithne agat ar dhuine a d’fhulaing méala le deireanas, tugaimid treoir duit faoi cuid de na nithe a chaithfidh tú a dhéanamh i ndiaidh báis in Éirinn agus dírímid ar chuid de na seirbhísí stáit agus seirbhísí deonacha atá ann chun tacaíochta a thabhairt duit.
Go bunúsach leantar na céimeanna céanna maidir leis an sochraid a eagrú, an bás a chlárú agus teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí stáit, is cuma má bhí súil leis an mbás nó nach raibh.


Is minic a ghoilleann cailliúint nó bás duine a bhfuil grá acu dóibh go géar ar pháistí. Is cuma má bhí súil leis an mbás nó má bhí sé tobann, caitheann páistí le bás ar bhealaí difriúla. Is seirbhís chomhairleach de chuid Barnardos atá ar fáil do pháistí a chaill duine gar dóibh agus a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt.

Is minic a bhíonn sé deacair deileáil le bás gan choinne nó bás tobann. Tá réimse eagraíochtaí in Éirinn a chuireann seirbhísí comhairlithe lucht méala ar fáil do dhuine ar bith a d’fhulaing méala le deireanas in Éirinn. B’fhéidir go mbeidh na seirbhísí comhairlithe seo úsáideach duit le linn na tréimhse deacair seo.

Díreach i ndiaidh an bháis

Tá sé riachtanach go mbíonn aitheantas déanta ar dhuine ar bith a fhaigheann bás in Éirinn agus go n-aimsítear cúis an bháis. Má tharla an bás go tobann agus gan coinne, b’fhéidir go mbeidh ort an Garda Síochána agus an Cróinéir a chur ar an eolas.

Ba cheart duit chomh maith muintir an duine, an dochtúir teaghlaigh (LC) agus Cláraitheoir na mBreitheanna, Básanna agus Póstaí a chur ar an eolas. Má bhí an marbh ina b(h)ronntóir ball, beidh ort beart a dhéanamh láithreach más tusa an gaol is gaire. Léigh tuilleadh faoi bronnadh ball agus corp anseo .

Is iad adhlacóirí agus stiúrthóirí sochraide a eagraíonn an cur nó an créamadh. Is féidir leo chuile shórt a eagrú ón láthair uaighe go searmanais reiligiúnda más maith leat. Léigh tuilleadh faoi sheirbhísí adhlacóra in Éirinn anseo

An bás a chlárú

Chun bás a chlárú, ní foláir duit teastas dochtúra a leagann síos cúis an bháis a thabhairt chuig Cláraitheoir áitiúil na mBreitheanna, Básanna agus Póstaí. Léigh tuilleadh faoin mbealach ina gcláraítear bás anseo . Mura bhfaca an dochtúir an marbh ar a laghad 28 lá sular tharla an bás nó má tá an dochtúir míshásta faoi chúis an bháis, caithfidh sé/sí Cróinéir a chur ar an eolas. Socróidh an Cróinéir an dteastaíonn scrúdú iarbháis . Murar féidir cúis báis a aimsiú tar éis an scrúdú iarbháis, b’fhéidir go reachtáilfear coiste cróinéara .

Más tuismitheoirí sibh a raibh marbh-bhreith agaibh, ní chaithfidh sibh de réir an dlí an bás a chlárú. Is féidir é sin a dhéanamh, áfach, taobh istigh de 42 lá ón mbreith. Léigh tuilleadh faoi marbh-bhreith a chlárú anseo .

Páistí

Má áiríonn lucht méala páistí faoi 18 bliain, caithfear socruithe a dhéanamh dóibh láithreach. Go hiondúil tugann muintir an teaghlaigh aire do dhílleachtaí go dtí go ndéantar socruithe fadthéarmach. Mura bhfuil muintir an teaghlaigh ar fáil chun é sin a dhéanamh, caithfear an bord sláinte a chur ar an eolas agus déanfaidh sé socruithe ar bith a theastaíonn chun go dtabharfar aire do na páistí.

Rochtain ar airgead

B’fhéidir go dteastóidh rochtain ar airgead an mhairbh chun costais na sochraide a ghlanadh. Níl sé éasca rochtain a dhéanamh d’airgead atá i mbanc nó i gcumann foirgníochta mura bhfuil sé i gcomhchuntas. (Má tá an t-airgead faoi ainm an mhairbh amháin, go hiondúil ní bhíonn tú in ann rochtain a dhéanamh dó go dtí go bhfaightear probháid). (Féach ceisteanna dlí tar éis báis thíos).

Tá roinnt sochar leasa shóisialta agus deontas ar fáil tar éis báis a d’fhéadfadh nach bhfuil tú ar an eolas fúthu. Mar shampla, d’fhéadfá ceisteanna a bheith agat maidir le cearta pinsin, polasaithe árachais, cáin ar ioncam agus oidhreacht. Pléitear na ceisteanna seo sa rannóg anseo faoi sochair agus teidlíochtaí a bhaineann le bás. Tá roinnt eolais úsáidigh curtha le chéile ag na Coimisinéirí Ioncaim anseo faoi ghearradh cánach i ndiaidh báis.

Má tá deacrachtaí airgeadais agat tar éis méala, tá seirbhísí ar nós na Seirbhíse Buiséadaí agus Comhairle Airgid (MABS sa Bhéarla) ar fáil chun cabhrú leat. Is seirbhís saor in aisce agus faoi rún í MABS le foireann de chomhairleoirí airgid cáilithe ar féidir leo comhairle agus cabhair a chur ar fáil i rith an am dheacair seo. Léigh tuilleadh faoin Seirbhís Bhuiséadaithe agus Comhairle Airgid anseo.

Ceisteanna dlí tar éis báis

Tá roinnt ceisteanna dlí a bhaineann le bás. D’fhéadfadh Céard a tharlaíonn d’eastát an mhairbh a bheith úsáideach ach go háirithe ós rud é go bpléann sé ceisteanna ar nós rochtain d’airgead, teach an teaghlaigh agus codanna dlithiúla na bpáistí. Is deis dhlithiúil í Cumhacht aturnae ar féidir a shocrú le linn do shaoil ar fhaitíos nach mbeidh sé ar do chumas do chúrsaí a reachtáil. Mínímid conas próbháid a fháil, dualgais seiceadóirí, deileáil le fiacha agus araile in Déileáil le heastát an mhairbh.

Tithíocht agus saol laethúil

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfear eagraíochtaí ar leith ar an eolas tar éis báis. Má bhí morgáiste ag an marbh caithfidh tú dul i dteagmháil leis an institiúid airgeadais ina bhfuil na gníomhais/morgáiste chun iad a chur ar an eolas maidir leis an mbás. Má bhí an marbh ina c(h)ónaí in áit ar cíos, caithfear an tiarna talún/údarás áitiúil a chur ar an eolas ionas go n-athrófar ainmneacha ar chomhaontuithe tionónta.

Tá sé riachtanach dul i dteagmháil le banc nó cumann foirgníochta an mhairbh chun dochar díreach ar bith a chealú ó chuntais agus má bhí polasaithe árachais ag an marbh, na hárachóirí a chur ar an eolas.

Má thagann billí/ráitis/ranníocaíochtaí in ainm an mhairbh tar éis báis, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis bhróin do dhaoine. Cealaigh ranníocaíochtaí leanúnacha, agus má bhí an marbh ina c(h)ónaí leis/léi féin – seol litreacha ar aghaidh chuig an seiceadóir nó riarthóir eastát an mhairbh.

Má bhí ceadúnas tiomána ag an marbh, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil agus má bhí siad ag fáil sochair ar bith, téigh i dteagmháil leis an roinn Rialtais nó an eagraíocht chuí. Más mian leat a bhaint as an éagaigh a ainm ó Chlár na dToghthóirí, bain úsáid as Foirm RFA1, atá ar fáil ó d'údarás áitiúil. Is maith an rud é freisin dul i dteagmháil le clubanna sóisialta agus eagraíochtaí gairmiúla/ceirde. B’fhéidir go mbeidh an seicliosta de rudaí le déanamh tar éis báis úsáideach.




Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.