Nuair a fhaigheann duine bás gan choinne

Réamhrá

Nuair a fhaigheann duine bás ní mór don dochtúir a bheith deimhnitheach i dtaobh shiocair bháis an duine sular féidir leis é a dheimhniú agus sular féidir an bás a chlárú. Más rud é nach bhfaca an dochtúir an duine nach maireann 28 lá ar a laghad sula bhfuair siad bás, nó mura bhfuil siad deimhnitheach i dtaobh shiocair bháis an duine, ní mór an bás a thuairisciú don Chróinéir. Ní mór an Cróinéir a chur ar an eolas freisin más rud é go bhfuair an duine bás de dheasca timpiste, nó in imthosca foréigneacha nó in imthosca nach bhfuil aon míniú orthu. Is é ról an Chróinéara bás tobann gan mhíniú a fhiosrú ionas gur féidir an bás a dheimhniú agus a chlárú ina dhiaidh sin.

Is gnách go dtuairiscítear an bás do na Gardaí, agus cuirfidh siadsan ansin an Cróinéir ar an eolas. Is féidir an marbhán a thabhairt go dtí marbhlann ospidéil go dtí go ndéanann an Cróinéir cinneadh cé acu an gá nó nach gá scrúdú iarbháis (ar a dtugtar uatóipse freisin) a dhéanamh. Is é atá i scrúdú iarbháis ná scrúdú dochtúra ar chorp a dhéanann dochtúir sainoilte ar a dtugtar paiteolaí.

An corp a chéannú

Má chinneann an Cróinéir go bhfuil gá le scrúdú iarbháis, d’fhéadfaí iarraidh ar dhuine den teaghlach an corp a chéannú go foirmiúil. Beidh orthu dul chuig an marbhlann agus an corp a chéannú do Gharda atá ag feidhmiú thar ceann an Chróinéara. D’fhéadfadh tuilleadh eolais a bheith ag teastáil ó na Gardaí faoi na himthosca a bhaineann leis an mbás.

I gcás ina bhfuil mórán díobhálacha nó athruithe suntasacha iarbháis ann, is féidir céannú a dheimhniú le grianghraf nó ar mhodhanna eile. I gcásanna den sórt sin níl ar dhuine den teaghlach féachaint ar an gcorp.

I gcás ina n-ordaíonn Cróinéir scrúdú iarbháis, ní gá cead a fháil ón teaghlach.

An corp a thabhairt ar ais

Is gnách go dtugtar an corp ar ais don teaghlach tar éis an scrúdú iarbháis a bheith críochnaithe. Níor choir socruithe sochraide a dhéanamh go dtí go dtugtar an corp ar ais nó go dtí go gcuireann an cróinéir in iúl cathain a thabharfar ar ais é. Tá sé seo tábhachtach i gcónaí, ach tá sé an-tábhachtach ar dheirí seachtaine saoire poiblí.

Má bhíonn imscrúdú coiriúil ann, d’fhéadfadh go mbeadh gá le scrúdú iarbháis eile nó le tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh. Sa chás sin, d’fhéadfaí moill a chur ar an gcorp a thabhairt ar ais agus leis na socruithe sochraide.

An bás a chlárú

Ní féidir leis an gCláraitheoir do Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna an bás a chlárú go dtí go bhfuil Deimhniú Cróinéara eisithe ag an gCróinéir don Chláraitheoir. Eiseoidh an Cróinéir é sin tar éis an scrúdú iarbháis a bheith faighte nó an t-ionchoisne a bheith seolta. Idir an dá linn, is féidir leis an gCróinéir Deimhniú Báis Eatramhach a eisiúint, má iarrtar sin air/uirthi, rud a nglacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis ar mhaithe le deontais mhéala agus sochair eile a thabhairt.

Ionchoisne

Murar féidir bás a mhíniú trí scrúdú iarbháis, ní mór ionchoisne a chur ar bun chun fíricí an bháis a thabhairt chun solais, mar shampla, cá háit agus cén chaoi a bhfuair an duine bás. I gcás ina bhfuil ionchoisne le déanamh, is gnách gur féidir leis an gCróinéir adhlacadhcréamadh a cheadú a luaithe agus atá an scrúdú iarbháis ar an gcorp críochnaithe.

I gcás básanna áirithe, ceanglaítear go dlíthiúil ionchoisní a chur ar bun. I gcásanna eile, is faoin gCróinéir atá sé ionchoisne a sheoladh agus is féidir leis an teaghlach a gcuid tuairimí a chur in iúl don Chróinéir, más mian leo.

Ní bheidh an t-ionchoisne ar siúl go dtí 6 seachtaine ar a laghad tar éis an bháis. Is fiosrúchán poiblí ar shiocair an bháis é, a mbíonn an Cróinéir i gceannas air (agus giúiré páirteach ann i gcásanna áirithe). D’fhéadfaí éileamh ar fhinnéithe freastal ar an ionchoisne chun fianaise maidir le himthosca agus siocair an bháis a thabhairt. Tá an teaghlach i dteideal freastal ar an ionchoisne, ach níl dualgas dlíthiúil orthu a bheith i láthair.

Nuair a bhíonn giúiré i láthair ag ionchoisne, is é an giúiré seachas an Cróinéir a thugann an fíorasc. Ní fhaightear aon duine ciontach ná neamhchiontach in ionchoisne agus ní chinntear aon dliteanas coiriúil ná sibhialta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022