Ar iarradh, glactha a bheith marbh

Réamhrá

Nuair a bhíonn daoine ar iarraidh, faightear agus athaontaítear an chuid is mó díobh go sábháilte lena dteaghlaigh ach fanann mionlach beag ar Liosta Náisiúnta Daoine ar Iarraidh de chuid an Gharda Síochána. Mínítear san eolas seo a leanas an staid dhlíthiúil in Éirinn maidir le heastát agus maoin duine atá ar iarraidh.

Má cheaptar go bhfuil duine básaithe ach nach bhfuil aon chorp ann (mar shampla, mar go ndeachaigh an duine ar iarradh ar an bhfarraige), is iondúil go "reóitear" a gcuid maoin ar fad, agus nach féidir le aon duine úsáid a bhaint astu. Siad an dá eisceacht a bhaineann leis seo ná áit go bhfuil comh-úinéireacht i gceist nó go bhfuil cumhacht aturnae ag duine eile chun a bheith i bhfeidhm ar a gcuid airgid nó maoin agus iad ar iarraidh.

Déileáil le maoin an duine atá ar iarraidh

Ón 1 Samhain 2019, nuair a thosaíodh an tAcht um an Dlí Sibhialta (Toimhde Bháis) 2019, is féidir le cúirt “ordú toimhde báis” a dhéanamh má tá sí sásta go dtugann na himthosca le fios go bhfuil bás an duine atá ar iarraidh beagnach cinnte nó ar dóchúlacht an-ard. Má dhéantar ordú den sórt sin agus mura ndéantar achomharc rathúil air, tá an stádas céanna aige agus deimhniú báis.

Ligeann sé seo do thairbhithe íocaíochtaí a bhaineann le bás a dhiúltófaí dóibh roimhe seo ar feadh roinnt blianta a lorg. Cuireann sé deireadh sé freisin le pósadh nó le páirtnéireacht shibhialta an duine atá ar iarraidh.

Is féidir le catagóir leathan daoine, lena n-áirítear gach ball teaghlaigh, cleithiúnaithe agus comhchónaitheoirí iarratas a dhéanamh ar ordú toimhde bháis. Is iondúil go ndéantar an t-iarratas sa Chúirt Chuarda ach i gcásanna áirithe caithfear é a dhéanamh san Ard-Chúirt. Ní mór d'aon duine a dhéanann iarratas ar ordú toimhde bháis fógra a thabhairt do na daoine eile go léir a bhféadfadh aon ordú difear a dhéanamh dóibh.

Ina theannta sin, má dhéantar ordú, is iondúil go mbeidh ar an iarratasóir árachas a thógáil amach in aghaidh aon chaillteanas a thiocfadh chun cinn má fhilleann an duine. Mar sin féin, gearrfar costas an árachais seo ar eastát an duine atá ar iarraidh.

Cathain iarratas a dhéanamh ar ordú

Sa chás gur féidir leis an iarratasóir fianaise a thabhairt chun a dheimhniú don chúirt go sásúil go bhfuil sé beagnach cinnte go bhfuil an duine atá ar iarraidh marbh, ansin níl aon tréimhse feithimh íosta sula bhféadfar iarratas a dhéanamh. Mar sin féin, sa chás nach féidir leis an iarratasóir ach fianaise a thabhairt chun a dheimhniú don chúirt go sásuil go bhfuil sé an-dóchúil go bhfuil an duine atá ar iarraidh marbh, ansin caithfidh siad fanacht ar feadh bliain amháin.

Ní mór do chúirt na cúinsí go léir a bhaineann le himeacht agus neamhláithreacht an duine atá ar iarraidh a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le hordú a dhéanamh, lena n-áirítear:

  • Maoin luachmhar a thréigean
  • Cuardaigh déanta tar éis an imeachta
  • Aon chúis fhéideartha don imeacht
  • Aon amhras go bhfuil feall i gceist
  • Árachas saoil a cheannaigh an duine atá ar iarraidh le déanaí
  • Aon stair chalaoise ar thaobh an duine atá ar iarraidh

Tá féidearthacht ann freisin go ndéanfar ordú um thoimhde bháis a athrú nó a chúlghairm má tá fianaise nua ann a thugann le tuiscint go bhfuil an duine beo.

Taisí daonna gan aithne

Tá sonraí bailithe ag an Roinn Dlí agus Cirt ó chróinéirí faoi líon na dtaisí daonna gan aithne atá sa Stát. Tá na sonraí seo curtha ar fáil don phobal toisc go bhféadfadh sé cabhrú chun réiteach a fháil ar roinnt cásanna daoine ar iarraidh gan réiteach.

Is féidir féachaint ar an mbileog sonraí maidir le taisí daonna gan aithne ar shuíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt. Ba cheart dul i dteagmháil leis an gcróinéir cuí má tá ceist ar bith agat maidir leis na sonraí.

Bunachar sonraí DNA

Is féidir le próifíliú DNA cabhrú chun dul chun cinn a dhéanamh i gcásanna daoine ar iarraidh, a bhuí sin leis an mbunachar sonraí DNA. Is í Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann a bhainistíonn an bunachar sonraí DNA sa Stát.

Teagmháil

Má théann cara nó ball teaghlaigh ar iarraidh, téigh i dteagmháil le stáisiún áitiúil an Gharda Síochána.

Daoine ar iarraidh.ie

Líne Chabrach um Dhaoine ar Iarraidh

6 - 7 Sráid Hanover Thoir
Baile Átha Cliath 2
Éire

Lóghlao: 1800 442 552
Láithreán Gréasáin: http://www.missingpersons.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Iúil 2023