Coistí Cróinéara

Réamhrá

Is éard is ionchoisne ná fiosrúchán oifigiúil poiblí, a bhfuil an Cróinéir i gceannas air (agus bíonn giúiré i gceist i roinnt cásanna) a fhiosraíonn cúis bháis thobainn, bás nach bhfuil aon mhíniú air nó bás foréigneach. Murar féidir bás a mhíniú, is féidir ionchoisne a chur ar bun chun fíricí an bháis a dheimhniú, ar nós áit an bháis agus conas a tharla an bás. Ní chuirfí ionchoisne ar bun de ghnáth dá bhféadfadh scrúdú iarbháis ar an gcorp míniú a thabhairt ar chúis an bháis. Déantar foráil in Alt 17 den Acht Cróinéirí, 1962 sa dlí chun ionchoisne a chur ar bun ar bhás.

Ní chuirfí an t-ionchoisne ar bun go dtí sé seachtaine, ar a laghad, i ndiaidh an bháis. D’fhéadfadh go mbeadh ceanglas ar fhinnéithe freastal ar an ionchoisne chun fianaise a thabhairt faoi mhionn maidir le cúinsí agus cúis an bháis. Sa chás go mbíonn giúiré i láthair ag ionchoisne, is é an giúiré, seachas an Cróinéir, a sholáthraíonn an fíorasc. Is seirbhís éigeantach í seirbhís ghiúiré ag ionchoisne agus úsáidtear fíorasc tromlaigh chun fíorasc a bhaint amach. Ní fhaightear aon duine ciontach nó neamhchiontach ag ionchoisne agus ní dheimhnítear aon dliteanas coiriúil nó sibhialta. Ní bhíonn aon “pháirtithe” ann agus caomhnaíonn an Cróinéir gach teistíocht, tuairisc iarbháis agus gach taifead fíorasc agus cuirtear ar fáil iad don phobal.

Is gnách go gcuirtear ionchoisne ar bun i dteach cúirte, ach féadtar óstáin nó hallaí áitiúla a úsáid chomh maith. Bíonn muintir an té a bhásaigh i dteideal freastal ar an ionchoisne, ach ní cheanglaíonn an dlí orthu agus níl dualgas dlíthiúil orthu bheith ann. Má fhreastalaíonn an mhuintir ar an ionchoisne, níl theastaíonn ionadaíocht dhlíthiúil thar a gceann (is é sin, aturnae nó comhairleoir dlí). Amanna, áfach, má táthar ag tabhairt faoi imeachtaí dlí mar thoradh ar an mbás, féadfaidh an teaghlach aturnae a fhostú chun freastal ar an ionchoisne agus nótaí a ghlacadh.

Sa chás gur tugadh chun críche na himeachtaí, tugtar fíorasc maidir le haitheantas an té a bhásaigh, agus conas, cathain agus cá tharla an bás. Is measc an réimse fíorasc is féidir leis an gCróinéir nó an giúiré a thabhairt (i gcásanna giúiré, is é an giúiré a thugann an fíorasc), tá bás tionóisceach, míthapa, féinmharú, fíorasc oscailte, cásanna nádúrtha agus marú neamhdhleathach.

Féadfaidh an cróinéir nó an giúiré moladh ginearálta a dhéanamh atá in ainm is básanna den chineál céanna a sheachaint. Nuair atá an t-ionchoisne críochnaithe, eisíonn an Cróinéir deimhniú ionas gur féidir an bás a chlárú i gceart.

Rialacha

Más de dheasca cúiseanna mínádúrtha atá bás, ní mór ionchoisne a chur ar bun, de réir an dlí.

Giúiré ag ionchoisne

Faoi roinnt cúinsí, is féidir le giúiré a bheith i láthair ag ionchoisne. Tá gach duine atá os cionn aois fiche a haon bliain a chónaíonn laistigh de cheantar cróinéara faoi dhliteanas fónamh ar an ngiúiré ag aon ionchoisne a chuirtear ar bun laistigh den cheantar sin mura bhfuil siad díolmhaithe. Ní mór go bhfuil ar a laghad seisear i ngiúiré an ionchoisne (agus nach mó ná dháréag). I measc na gcúinsí faoina dteastaíonn giúiré ag ionchoisne, tá an méid a leanas:

  • Nuair a tharlaíonn an bás mar gheall ar dhúnmharú, dúnorgain nó naíonmharú
  • Nuair a tharlaíonn an bás i bpríosún
  • Nuair a tharlaíonn an bás mar gheall ar thionóisc, nimhiú nó galar a dteastaíonn fógra ina leith a thabhairt do roinn rialtais nó do chigire
  • Nuair a tharlaíonn an bás mar gheall thionóisc thráchta ar bhóithre
  • Nuair a tharlaíonn an bás faoi na cúinsí sin a chuirfeadh sláinte nó sábháilteacht mhuintir an phobail i mbaol, dá leanfaidís nó dá dtarlóidís athuair.
  • Nuair a mheasann an Cróinéir go dteastaíonn giúiré.

Chun freastal mar ghiúróir nó mar fhinné ag ionchoisne, gheobhaidh tú toghairm a sheirbheálfaidh comhalta den Gharda Síochána. Féadtar an toghairm seo a sheirbheáil ort ar líon bealaí, mar shampla, tríd an toghairm a sholáthar duit go díreach nó an toghairm a fhágáil le do chéile, leanbh, fostaí nó gníomhaire ag d’áit chónaithe nó d’ionad oibre deireanach ar a rabhthas feasach a fhad agus nach bhfuil an duine sin faoi 16 bliana d’aois. Is cion é má theipeann ort freastal mar chuid den tseirbhís ghiúiré ar ionchoisne agus gearrfar pionóis ort.

Má theipeann ar an ngiúiré ag an ionchoisne comhaontú a dhéanamh ar chúis an bháis, féadfaidh an Cróinéir glacadh le cinneadh tromlaigh an ghiúiré nó má bhaintear comhchinneadh amach, féadfaidh sé/sí an giúiré a dhíscaoileadh agus ionchoisne nua a chur ar bun.

Finnéithe ag ionchoisne

Is é an Cróinéir a dhéanann cinneadh cén finnéithe ar cheart fianaise a thabhairt ag an ionchoisne agus an t-ord inar cheart dóibh a bhfianaise a thabhairt. Ní mór fianaise a chur i láthair d’fhonn go soláthródh sí sraith loighciúil na gcúinsí a bhaineann leis an mbás. Deimhníonn toradh an scrúdaithe iarbháis an chúis leighis a bhí leis an mbás.

Féadfaidh finnéithe a gceanglaítear orthu freastal ar ionchoisne éileamh a dhéanamh ar chaillteanas tuilleamh agus ar chostais. Leagtar amach na rátaí le haghaidh táillí agus costas in ionstraim reachtúil.

Freastal poiblí ar ionchoisne

Tugtar faoi gach ionchoisne go poiblí agus féadfaidh duine ar bith freastal orthu. Féadtar tabhairt faoi thuairisciú a dhéanamh ar ionchoisní i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla, ach i gcleachtas, ní dhéantar tuairisciú ach ar mhionlach ionchoisní i ndáiríre. Tá cróinéirí in Éirinn an-fheasach ar na cúinsí tragóideacha a bhíonn i gceist go minic le hionchoisní agus déanfaidh siad gach iarracht caitheamh le gach ionchoisne go báúil. Má tá nóta féinmharaithe ann, aithneofar gurb ann dó. Féadtar ábhair an nóta a léamh amach go poiblí, faoi lánrogha an Chróinéara. Déantar gach iarracht lena chinntiú nach gcuireann imeachtaí an ionchoisne isteach go míchuí ar na teaghlaigh agus na cairde a bhíonn i gceist.

Tuairiscí oifigiúla ionchoisní

Mar gheall gur fiosrúcháin phoiblí iad ionchoisní, is féidir cóip a fháil de thuairisc an scrúdaithe iarbháis agus aon teistíocht a glacadh ag an ionchoisne, lena n-áirítear cóip den fhíorasc. Ní bhíonn na tuairiscí oifigiúla seo ar fáil ach i ndiaidh gur tugadh an t-ionchoisne chun críche. Gearrtar táille bheag ar na cáipéisí seo. Ní bhíonn páipéir ionchoisne ar fáil sula gcuirtear an t-ionchoisne ar bun.

Conas iarratas a dhéanamh

Má rinneadh thú a thoghairm mar fhinné nó mar chomhalta giúiré d’ionchoisne, tabharfar fógra duit maidir le dáta, am agus ionad an ionchoisne. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin ionchoisne, déan teagmháil le stáisiún áitiúil na nGardaí.

Tá fáil ar chóipeanna de thuairiscí oifigiúla ar ionchoisní ó oifig an Chróinéara áitiúil. Chun tuarascáil a fháil, beidh ort scríobh chuig Oifig an Chróinéara, agus an fhaisnéis seo a iarraidh agus ainm an té a bhásaigh, dáta an bháis, an t-ospidéal a bhí i gceist (má bhí ospidéal i gceist) agus dáta an ionchoisne a lua (má tá an fhaisnéis seo agat).

Page edited: 3 November 2015