Is minic go mbíonn sé an-deacair ar theaghlach agus cairde duine atá básaithe go mbeadh gá a c(h)orp a dhí-adhlacadh. Déantar corp a dhí-adhlacadh in Éirinn i gcúinsí géara amháin. Tugtar meas i gcónaí i rith an phróiséis ar an té atá básaithe agus déantar príobháideacht an teaghlaigh agus na gcairde a chosaint.
I measc na gcásanna go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfaí corp a dhí-adhlacadh tá:
Eisíonn an t-údarás áitiúil (a bhfuil freagracht air i dtaobh cothabhála agus rialacháin na reiligí i do cheantar) ceadúnais speisialta ar mhaithe le corp a dhí-adhlacadh ach ní mór do na hiarratais ar choirp a dhí-adhlacadh cloí le treoracha fíor-ghéara (san áireamh cead a bheith faighte ón teaghlach).
Ní mór i gcónaí go mbeadh Oifigeach Sláinte Chomhshaoil i láthair ón údarás áitiúil nuair atá corp dhá dhí-adhlacadh agus déantar maoirseacht ar an dí-adhlacadh le príobháideacht a chinntiú agus le sláinte phoiblí a chosaint.
Tá dí-adhlacadh coirp in Éirinn clúdaithe faoin reachtaíocht in Alt 46 den Acht um Rialtas (itiúil (seirbhísí Sláintíochta) 1948 leasaithe ag Alt 4(2) agus an Dara Sceideal den Acht um Rialtas (itiúil, 1994.
Roimh ceadúnas a eisiúint ní mór breathnú ar an méid ama atá caite ó cuireadh an corp. De ghnáth ní cheadaítear corp duine a cailleadh le deireanas a dhí-adhlacadh. Tar éis an choirp a dhí-adhlacadh ní mór taobh istigh de 48 uair an chloig é a ath-adhlacadh nó a chréamadh.
Ní eisítear ceadúnais le coirp a dhí-adhlacadh sa chás:
Nuair a dhéantar iarratas ar chorp a dhí-adhlacadh chuig an údarás áitiúil, tugann an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil cuairt ar an uaigh len í a scrúdú agus faigheann sé/sí aon eolas breise a theastaíonn ó bhainistíocht na reilige agus ó na hadhlacóirí a bhí i gceist. Bíonn an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil i láthair nuair a dhéantar an corp a dhí-adhlacadh agus déanann sé/sí maoirseacht ar na himeachtaí le cinntiú go dtugtar meas i gcónaí don té atá básaithe agus go ndéantar an sláinte phoiblí a chosaint. Má tá an corp le hath-adhlacadh i gceantar an údaráis áitiúil chéanna, bíonn an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil i láthair arís ar an ócáid sin. Má tá an corp le adhlacadh i gceantar údaráis áitiúil eile déanfaidh an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil cinnte go bhfuil na sonraí riachtanacha uilig curtha ar aghaidh chuig an údarás áitiúil sin.
Nuair atá an corp dhá dhí-adhlacadh déanann an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil cinnte:
Nuair a eisíonn an t-údarás áitiúil ceadúnas le corp a dhí-adhlacadh, ní mór é a dheanamh taobh istigh de 12 mí ón dáta go gcuirtear an ceadúnas sin ar fáil.
Ní mór a chur in iúl don Oifigeach Sláinte Chomhshaoil cén t-am, cén dáta agus cén áit a mbeidh an corp dhá dhí-adhlacadh ar a laghad cúig lá oibre roimh an dí-adhlacadh (ionas go mbeidh sé/sí in ann scrúdú a dhéanamh ar an uaigh roimh ré). Ba cheart freisin a chur in iúl don Oifigeach Sláinte Chomhshaoil cé na socruithe atá déanta maidir leis an gcorp a iompar agus a stóráil ón am a dhéantar é a dhí-adhlacadh agus é a ath-adhlacadh.
Muna bhfuil an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil i láthair ní féidir corp a dhí-adhlacadh. Déantar é seo le cinntiú go gcloítear le dea-chleachtadh agus go dtaispeáineann gach duine atá i láthair meas ar an duine atá básaithe an t-am ar fad.
Déantar scáthlán a chur suas timpeall ar an uaigh/láthair adhlactha le cinntiú nach féidir leis an bpobal an dí-adhlacadh a fheiceáil agus le príobháideacht a chinntiú. Amanna (más gá) déantar cuid den reilig a dhúnadh ó radharc an phobail le príobháideacht a chinntiú.
Ba cheart i gcónaí cúram cuí a thabhairt do láithreacha adhlactha timpeall ar an uaigh atá i gceist.
Cuirtear díghalráin agus éadaí cosanta (maisc éadan riosparáide san áireamh) ar fáil don fhoireann atá i mbun an adhlactha agus déantar aon éadaí cosanta a úsáidtear a chur de láimh go sábháilte de réir na dtreoracha cuí.
Cuirtear an corp dí-adhlactha (chomh maith leis an gcónra) isteach i gcónra nua (ar a dtugtar "blaosc" amanna). Cónra chláir atá ann, le tarra ar an taobh istigh, ansin líneáil since agus clúdaithe le scannán plaisteach sceithdhíonach. Déantar an clúdach líneáil since a dhúnadh le isopon (ábhar sealaithe). Dúntar ansin clár na cónra nua le scriúanna nó le tairní agus cuirtear ainmchlár le hainm an té atá básaithe agus dáta an bháis air a ghreamú taobh amuigh ar chlár na cónra. Bíonn an chónra nua seo ceadaithe ag an Oifigeach Sláinte Chomhshaoil roimh dáta an dí-adhlactha.
Má chuirtear isteach ar aon chorp eile atá curtha sa láthair adhlactha chéanna nuair atá corp dhá dhí-adhlacadh déantar an corp eile sin a ath-adhlacadh ar bhealach a chloíann leis an gcuibeas poiblí agus le meas.
Gearrtar táille de 63.49 euro ar cheadúnas le corp a dhí-adhlacadh.
Ba cheart iarratas ar cheadúnas le corp a dhí-adhlacadh a chur chuig an údarás áitiúil agus ní mór na rudaí seo a leanas a bheith in éineacht leis:
Ba cheart aon fhiosrúcháin maidir le ceadúnais dí-adhlactha a sheoladh chuig an Oifigeach Sláinte Chomhshaoil san údarás áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.