Oifigeach neamhspléach é/í Cróinéir in Éirinn a bhfuil freagracht dlíthiúil air/uirthi maidir le básanna gan coinne agus básanna nach féidir a mhíniú a fhiosrú. Tá sé mar ról ag an gCróinéir fiosrúchán a dhéanamh maidir leis na cúinsí a bhaineann le básanna gan coinne, nach féidir a mhíniú, ar bhain foréigean leo agus a bhí mínádúrtha. D'fhéadfadh sé go mbeadh scrúdú iarbháis i gceist, le coiste cróinéara ina dhiaidh. Paiteolaí a dhéanann an scrúdú iarbháis a fheidhmíonn mar ghníomhaire don Chróinéir sa chás seo. Baineann fiosrúchán an Chróinéara i dtús báire le déanamh amach ar bhain an bás le cúiseanna nádúrtha.
Freagraíonn an Cróinéir go bunúsach na ceisteanna seo maidir le bás nach féidir a mhíniú "cén duine, cén uair, cén áit agus cén chaoi". Níl sé de chead ag an gCróinéir breathnú ar fhreagracht sibhialta ná choiriúil; go simplí déanann sé/sí na fíricí a chiaradh. Má bhain an bás le cúiseanna mínádúrtha, ní mór ansin de réir an dlí coiste cróinéara a thionól. Is é Acht na gCróinéirí, 1962 an phríomh reachtaíocht ina bhfuil ról agus dualgais Croinéirí na hÉireann leagtha síos.
Ní bheidh aon bhaint ag Cróinéir le cásanna inár bhásaigh duine de bharr tinnis nó galair nádúrtha a raibh dochtúir ag cur cóireála ar fáil lena aghaidh taobh istigh de mhí roimh an mbás. Sa chás seo, beidh an dochtúir in ann teastas leighis a eisiúint maidir le cúis an bháis. Is féidir ansin an bás a chlárú agus teastas báis a fháil.
Sa chás go bhfaigheann daoine bás go tobann, go mínádúrtha nó de bharr foréigin, tá freagracht dlíthiúil ar an dochtúir, cláraitheoir na mbásanna, adhlacóir, ceann tí agus gach duine atá i bhfeighil institiúide nó áitribh ina raibh an té a bhásaigh ina c(h)ónaí ag am an bháis, bás den chineál sin a chur in iúl don Chróinéir. Is féidir an bás a chur in iúl do bhall den Gharda Síochána atá ar a laghad ina s(h)airsint, agus cuirfidh sé/sí an Cróinéir ar an eolas. Ach, de réir an dlí choiteann, is féidir le duine ar bith scéal a chur chuig an gCróinéir maidir le cúinsí a bhain le bás faoi leith.
Sa chás nach bhfuil teastas leighis ar fáil maidir le cúis an bháis, déanfaidh an Cróinéir na socruithe le scrúdú iarbháis a dhéanamh ar an gcorp. Má thaispeáineann an scrúdú iarbháis gur bhásaigh an duine de bharr cúiseanna nádúrtha, agus muna bhfuil aon ghá le coiste cróinéara, eiseófar Teastas Cróinéara chuig Cláraitheoir na mBreitheanna agus na mBásanna a dhéanfaidh an bás a chlárú ansin agus teastas báis a eisiúint.
Má bhain an bás le cúiseanna mínádúrtha ní mór don Chróinéir coiste cróinéara a thionól. Déanfar an bás a chlárú le Teastas Cróinéara nuair atá obair an choiste cróinéara curtha i gcrích (nó i gcásanna áirid nuair atá an obair sin curtha ar athló).
Roimh an gcoiste cróinéara (nó nuair atáthar ag fanacht le tuairisc ar an scrúdú iarbháis) cuirfidh Oifig an Chróinéara Teastas Sealadach Báis ar fáil a bhféadfadh a bheith inglactha ag bancanna, comhlachtaí árachais agus institiúidí eile.
Córas atá sa scrúdú iarbháis (nó corpdhioscadh) le cúis an bháis a dhéanamh amach. Muna féidir cúis an bháis a dhéanamh amach roimh ré, déanfaidh an Cróinéir socrú le scrúdú iarbháis a dhéanamh. Má thaispeáineann an scrúdú iarbháis gur bhain an bás le cúiseanna nádúrtha agus muna bhfuil aon ghá le coiste cróinéara, eiseoidh an Cróinéir teastas ionas gur féidir an bás a chlárú. D'fhéadfadh sé suas le sé seachtainí nó níos mó a thógáil sula mbíonn tuairisc ar an scrúdú iarbháis ar fáil ón bpaiteolaí. Ní féidir an bás a chlárú go mbeidh an tuairisc iarbháis sin faighte.
Cuideoidh an Garda Síochana leis an gCróinéir leis na socruithe a dhéanamh go ndéanfaidh ball den teaghlach nó gaol an té atá básaithe a c(h)orp a aithint go hoifigiúil. Cuirfidh na Gardaí tuairisc chuig an gCróinéir maidir le cúinsí an bháis. Má bhuaileann Garda ina c(h)ulaithe Gharda le gaolta an té atá básaithe san ospidéal nó má thagann Garda chuig an teach le ráiteas a ghlacadh ní gá go bhfuil cúis an bháis in amhras. Beidh baill an Gharda Síochána don chuid is mó ag feidhmiú chomh maith mar oifigigh an Chróinéara.
Ní mór do Chróinéir 30 bliain d'aois a bheith slánaithe aige/aici le dul isteach sa tseirbhís Chróinéara agus ní mór gur chleachtóir leighis chláraithe nó dlíodóir nó abhcóide cláraithe é/í le cúig bliana. Sa tseirbhís baineann na daoine atá i gceist le gairmeacha an leighis agus an dlí don chuid is mó. Bíonn gach Cróinéir ag obair ar bhonn páirtaimseartha. Íoctar buntháille le Cróinéirí bunaithe ar mhéid a gceantair agus íoctar costais leo freisin a bhaineann lena n-oifigí a rith. Ceapann an tÚdarás Áitiúil Cróinéirí le feidhmiú i gceantair faoi leith taobh istigh de cheantar an údaráis áitiúil, ar mholadh ón gCoiste um Cheapacháin Áitiúla. Tá dlínse an Chróinéara teoranta don cheantar ina bhfuil sé/sí ceapaithe agus ní mór dó/di maireachtáil sa cheantar seo, ach amháin sa chás go bhfaigheann sé/sí cead ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a mhalairt a dhéanamh. Éiríonn Cróinéirí in Éirinn as a bpostanna ag 70 bliain d'aois.
Faoi láthair, is ionann a bheag nó a mhór ceantair chróinéara agus ceantair údaráis áitiúla. Tá 47 ceantar chróinéara in Éirinn. Tá Cróinéir ceapaithe i ngach ceann de na ceantair seo agus leas Chróinéir a fheidhmíonn ar son an Chróinéara má bhíonn sé/sí as láthair nó tinn. Cé go bhfuil córas an Chróinéara faoi mhaoirseacht ghinearálta ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tá na Cróinéirí neamhspléach ina gcuid oibre. Mar sin gníomhaíonn an Cróinéir freisin ar son an Stáit.
Tá sé de chumhacht ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Cróinéir nó leas Chróinéir a bhriseadh as a p(h)ost má chiontaítear é/í as mí-iompar agus fáillí ina d(h)ualgais. Chomh maith leis sin, sa chás go ndéantar cinneadh nach bhfuil Cróinéir oiriúnach don oifig nó in ann a c(h)uid dualgas a chur i gcrích de bharr tinnis fhisiciúil nó intinne, brisfear as oifig é/í.
Tá básanna faoi leith nach mór a chur in iúl don Chróinéir. I measc na mbásanna sin tá siad seo a leanas:
Básanna sa bhaile nó in áit chónaithe eile:
Básanna in ospidéil:
Básanna curtha in iúl don Chróinéir ag An nGarda Síochána (Poilíní na hÉireann):
Básanna curtha in iúl don Chróinéir ag Gobharnóir Phríosúin in Éirinn:
I measc na rannóga eile básanna nach mór a chur in iúl don Chróinéir tá:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.