Anseo atá tú: Baile > Bás agus Méala > Cúrsaí airgid tar éis báis > Ábhair airgid i ndiaidh an bháis

Print Page Send to a Friend

Ábhair airgid i ndiaidh an bháis

Eolas

Nuair a fhaigheann do chéile nó garghaol bás, níl sé éasca déileáil leis na rudaí nó na cinntí atá le déanamh agat agus tú faoi mhórstrus. Ní mór duit dul i gceann ar shaincheisteanna áirithe áfach, m.sh. teidlíochtaí leasa shóisialaigh a d’fhéadfadh a bheith i gceist, cáin agus ábhair airgid eile.

Rochtain ar airgead

Nuair a fhaigheann do chéile nó do pháirtí bás, bíonn ort airgead an duine éagtha a rochtain ar an bpointe ó am go ham. Nuair a bhíonn polasaí árachais ag do chéile nó do pháirtí, is féidir leat airgead a fháil faoin bpolasaí seo, nó is féidir leat pinsean a fháil freisin ó am go ham. Cliceáil anseo chun faisnéis a fháil ar airgead a rochtain.

Nuair a fhaigheann faighteoir leasa shósialta bás nó nuair a bhíonn liúntas cleithiúnaí á fháil agat, nó Liúntas do Chúramóirí chur cúram a thabhairt dóibh, is fíor-thábhachtach é an bás a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí. Ina theannta sin, tá íocaíochtaí ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun cabhrú le clanna le linn na tréimhse deacra seo.

Caithfear rialacha cánacha sainiúla a chomhlíonadh le linn na bliana i ndiaidh báis an duine, mar shampla, tugtar aisíoc cánach duit ó am go ham. Ina theannta sin, tugtar creidiúintí do thuismitheoirí baintreacha le linn na blianta i ndiaidh báis a chéilithe. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a rochtain ar cháin laistigh de 12 mí i ndiaidh an bháis agus le linn na blianta ina dhiaidh sin.

Billí agus iasachtaí

Ní mór duit deimhin a dhéanamh do ghnáthbhillí a chur i d’ainm féin (nuair a bhíonn siad in ainm do chéile nó do pháirtí). Níl ort ach glaoch teileafóin a dhéanamh chun do chuntas leictreachais, gáis agus teileafóin a chur i d’ainm féin. Nuair a bhíonn morgáiste nó iasacht eile agat le do chéile nó do pháirtí, bíonn ort an bás a chur in iúl don iasachtóir.

Nuair a bhíonn iasachtaí pearsanta i gceist, níl ort ach na fiachais atá faoi d’ainm féin a íocadh. Má bhíonn deacrachtaí agat na híocaíochtaí seo a íoc, ba chóir duit a chur in iúl don chomhlacht cad a tharla, agus cead a lorg uathu íocaíochtaí nua a leagadh amach bunaithe ar do choinníollacha nua.

Má iarrtar ort íocaíochtaí iasachta a chomhlíonadh ar son an duine éagtha, níl ort é seo a dhéanamh de réir an dlí mar íoctar na hiasachtaí seo ó eastát an duine éagtha – déan teagmháil le ceann de na gníomhaireachtaí thíos chun a fháil amach cad ba cheart duit a dhéanamh.

Eastát an duine éagtha

Nuair a fhaigheann duine bás, bíonn a (h)ionadaí pearsanta freagrach as a réadmhaoin a riaradh. Bíonn ar an duine seo, airgead agus réadmhaoin an duine éagtha a dháileadh amach de réir an dlí, an uachta – nuair a bhíonn uacht leagtha amach – nó de réir na dlíthe díthiomnachta mura mbíonn uacht ar fáil. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a rochtain ar conas déileáil le heastát an duine éagtha. Tá cur síos ar fáil anseo ar chearta an chéilithe agus na leanaí maidir leis an eastát a fháil le hoidhreacht.

Nuair a bhíonn uacht ag do chéile éagtha, tá an ceart agat roinnt den eastát a fháil go huathoibríoch. Tugtar “an ceart dlíthiúil chun an eastát a rochtain” ar an gceart seo. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a rochtain ar chearta pósta agus oidhreachta. Más duine scartha thú, déantar do chearta oidhreachta a dhiúltú nó a chur ar ceal go minic. Nuair a eisítear Foraithne Colscartha, déantar do chearta oidhreachta a chur ar ceal go huathoibríoch. Tá breis faisnéise ar fáil anseo ar chearta comharbais i ndiaidh scartha nó colscartha.

Ní féidir le leanúnacha neamhphósta in Éirinn, oidhreacht a chéilithe a rochtain go huathoibríoch nuair a fhaigheann páirtí amháin bás. Is féidir leat faisnéis a rochtain anseo ar chearta díthiomnachta lánúnacha neamhphósta agus lánúnacha aonghnéis.

Cuntais Dhíomhaoine

Féadfaidh an duine éagtha cuntas díomhain a bheith aige/aici sa bhanc nó sa chumann foirgníochta. De réir an Achta um Chuntais Dhíomhaine 2001, is é cuntas díomhaoin ná cuntas inar theip ar an gcustaiméir a c(h)untas a úsáid le 15 bliain anuas. Mura mbíonn an institiúid airgeadais in ann teagmháil a dhéanamh le húinéir an chuntais, seoltar an t-airgead sa chuntas go dtí an Ciste um Chuntais Dhíomhaine. Seoltar na fáltais ó pholasaithe árachais saoil, a fhéachtar orthu mar pholasaithe díomhaoine go dtí an ciste chomh maith. Úsáidtear na cistí seo chun dul i ngleic le bochtaineacht agus chun seirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumais. Tá faisnéis ar fáil anseo ar cad ba cheart duit a dhéanamh nuair a cheapann tú go bhfuil cuntas díomhaoin ag an duine éagtha.

Conas déileáil le fiachais an duine éagtha

Ar dtús báire, ba cheart eastát an duine éagtha a úsáid chun aon fhiachais a íoc. Mura mbíonn go leor airgid ar fáil ón eastát chun billí neamhíoctha nó fiachais a íoc, íoctar na billí nó na fiachais a bhaineann leis an sochraid, leis an eastát a riaradh nó leis an uacht ar dtús. Ansin, íoctar na fiachais le hurrús (mar shampla iasachtaí tithíochta) agus fiachais neamhurraithe ina dhiaidh sin (m.sh. iasachtaí pearsanta). Íoctar fiachais áirithe ó árachas cosanta iasachta nuair a fhaigheann duine bás (m.sh. iasachtaí comhair creidmheasa).

Cabhair le hábhair airgid

Má bhíonn deacrachtaí airgid agat nuair a fhaigheann duine bás, ba chóir duit déileáil leis na deacrachtaí seo chomh luath agus is féidir chun níos mó deacrachtaí a sheacaint sa todhchaí.

Is féidir leat comhairle a fháil ó do Sheirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid áitiúil (MABS) ar conas é seo a dhéanamh. Is saorsheirbhís, neamhspleách, rúnda í MABS le fostaithe oilte a sholáthraíonn comhairle airgid duit. Tá a sonraí teagmhála ar fáil i d’eolaí teileafóin áitiúil nó ar a láithreán gréasáin (www.mabs.ie).

Is eagraíocht neamhspleách, deonach í FLAC (Ionaid Saorchomhairle Dhleathach) atá freagrach as clinicí comhairle dhleathach a chur ar siúl ar fud na tíre. Coimeádann na clinicí seo do shonraí faoi rún, ní íoctar aon airgead dóibh agus is féidir le gach duine a seirbhísí a rochtain. Déan teagmháil le d’Ionad Eolais do Shaoránaigh is cóngaraí chun faisnéis a rochtain ar sheirbhísí FLAC i do limistéar áitiúil. Is féidir leat freisin glaoch a chur ar an FLAC le linn uaireanta oifige chun bunfhaisnéis dhleathach a fháil.

Tá roinnt bileoga ar fáil ó FLAC a sholáthraíonn faisnéis bhunúsach ar ghnéithe dleathacha a d’fhéadfadh cabhrú leat. Tá na bileoga seo ar fáil ó d’Ionad Eolais do Shaoránaigh áitiúil nó ó FLAC, nó is féidir leat iad a íoslódáil ó láithreán gréasáin FLAC.

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie

Soláthraíonn na hIonaid Saorchomhairle Dhleathach (FLAC) saorchomhairle faoi rún do dhaoine tríd a gclinicí páirtaimseartha ar fun na tíre, mura mbíonn siad in ann airgead a íoc as seirbhísí cuntasaíochta gairmiúla. Tá sonraí ar fáil ó d’Ionad Eolais do Shaoránaigh ar na gclinicí seo. Eolas teagmhála le haghaidh aturnaithe ar fud na hÉireann atá liostáilte anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cearta oidhreachta agus lánúineacha neamhphósta
    Pléann an cháipéis seo na cearta oidhreachta atá ag páirtnéirí i ngaol eisphósta.
  • Rochtain ar airgead i ndiaidh an bháis
    Níl sé éasca airgead duine éagtha a rochtain ar an bpointe in Éirinn, ach amháin i gcás comh-chuntais. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a fháil.
  • Nuair a fhaigheann duine bás
    Má chaill tú duine éigin a bhí gar duit le déanaí nó má tá aithne agat ar dhuine éigin a chaill duine a bhí gar di nó dó, tabharfaidh sé seo treoir duit ar na nithe nach foláir duit a dhéanamh tar éis bás in Éirinn. Tugann sé achoimre freisin ar roinnt de na seirbhísí stáit agus seirbhísí deonacha atá ar fáil chun tacú leat.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.