Tar éis báis do dhuine den chlann is minic go mbíonn daoine cleithiúnacha fágtha i gcruachas ó thaobh airgid de, go gearr théarmach nó go fad théarmach. Tá íocaíochtaí áirithe bord sláinte agus leasa shóisialaigh ar fáil chun cuidiú leis an gclann i rith an tréimhse deacair seo.
Tá coinníollacha áirithe ÁSPC a chaithfidh tú a chomhlíonadh chun go mbeifeá i dteideal chuid de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh. D'fhéadfá a bheith i dteideal roinnt íocaíochtaí eile de chuid an bhord sláinte, bunaithe ar scrúdú maoine nó má tá géarghá agat leis is cuma cén maoin atá agat. Má tá riachtanaisí fad-téarmach agat, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh gearr nó fad théarmach, nó Fordheontais Cíos nó Ús Morgáiste.
Má tá deacrachtaí agat le do chuid íocaíochtaí cíosa nó morgáiste, d'fhéadfá a bheith i dteideal an íocaíochtaí seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil san bpíosa ar Cosaint Morgáiste.
D'fhéadfá freisin a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh an té a cailleadh taréis a b(h)áis, nó i gcomhair pinsean, íocaíocht nó liúntas leasa shóisialaigh níos fad théarmach.
Is foilseachán ó 2011 é Eolas don lucht méala arna fhoilsiú ag An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tá an leabhrán seo scríofa go speisialta chun cabhrú leis an lucht méala. Tá eolas ann ar bhainistíocht do chuid airgid agus déileáil le deacrachtaí airgeadais, déileáil le fiacha an té atá básaithe, cuntais bhainc dhíomhaoine, ábhair dhlí, oidhreacht, uachtanna, srl. Tá an leabhrán seo ar fáil freisin ón Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire duit.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.