Nuair a fhaigheann duine bás in Éirinn, bíonn ionadaí pearsanta an duine freagrach as a airgead agus a réadmhaoin a dháileadh amach de réir an dlí. Bíonn deacrachtaí ann ó am go ham nuair a bhíonn ar mhuintir an mharbhánaigh rochtain a fháil ar airgead an duine éagtha chun na costais sochraide a íoc. Ó am go ham freisin, bíonn ar chéile nó ar leanaí an duine éagtha rochtain a fháil ar an airgead chun costais mhaireachtála a íoc, nó roimh a n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil ar a laghad. Níl sé éasca airgead an duine éagtha a rochtain ar an bpointe, ach amháin nuair a bhíonn comh-chuntas i gceist.
Tá roinnt íocaíochtaí difriúla ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun cabhrú le teaghlaigh le linn na tréimhse deacra seo.
Má bhíonn cuntais bhainc nó chumainn foirgníochta in ainm an duine éagtha amháin, ní fhéadtar rochtain a fháil ar an airgead seo de ghnáth, roimh phrobháid a fháil. Nuair a bhíonn méid beag airgid i gceist, is féidir leis an institiúid airgeadais an t-airgead seo a scaoileadh má shíníonn an ionadaí pearsanta nó an gaol is giorra foirm slánaíochta – is urrú é seo nach mbeidh aon chaillteanas ag titim ar an mbanc/ar an gcumann foirgníochta má dhéantar éileamh eile ar an airgead.
Má tá an cuntas i gcomhúinéireacht le duine eile seachas do chéile (m.sh. tá cuntas agat le do dheartháir, do pháirtí nó tuismitheoir) déan teagmháil leis an mbanc nó cumann foirgníochta. Bíonn ort ráiteas a fháil ó Oifig Chánach Chaipitil na gCoimisinéirí Ioncaim i gcásanna áirithe agus is féidir leat é seo a úsáid chun airgead a aistriú agus scrúdú á dhéanamh ar aon dliteanas cánach, mar Cáin Fháltais Caipitiúil (CFC), a d’fhéadfadh a bheith i gceist.
Níl ar chéilí CFC a íoc ar na hoidhreachtaí a fhaigheann siad óna chéile. Ba cheart duit iarratas a chur isteach chuig Oifig Chánach Chaipitil na gCoimisinéirí Ioncaim chun litir imréitigh a fháil.
Má cheapann tú go bhfuil cuntas bainc díomhaoin ag an duine éagtha, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an institiúid airgeadais inar osclaíodh an cuntas. Mura bhfuil an institiúid airgeadais fós ann agus más mian leat faisnéis a fháil ar conas d’fhiosrúchán nó d’éileamh a chur isteach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Cónaidhm na mBaincéirí Éireannacha/Cumann Morgáistí na hÉireann. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a rochtain ar chuntais dhíomhaoin.
Cuntais in ainm amháin:
Nuair a bhíonn níos mó ná € 6,348.69 i gceist, bíonn ort priobháid nó Litreacha Riaracháin a fháil ón Ard-Chúirt. Ní mór duit é seo a dhéanamh i ngach cás.
Má bhíonn níos lú ná € 6,348.69 i gceist, is féidir leat deonú priobháide a fháil ar an bpointe. Ní mór duit ach foirm éilimh a fháil ó Oifig an Phoist agus í a sheoladh isteach leis na doiciméid seo a leanas:
chuig Rannóg na nDaoine Éagtha, Banc Taisce an Phoist. Seolfar foirm slánaíochta chugat agus ní mór duit an fhoirm seo a shíniú i bhfianaise Feidhmeannaigh Shíochána nó Coimisinéara Mionn, DG, sagairt nó an Garda Síochána.
Má bhí cuntas chomhar creidmheasa ag an éagach agus má líonadh Foirm Ainmniúcháin bailí ar oscailt an chuntais, agus í ag ainmniú duine mar neasghaol, gabhann fáltais an chuntais suas go €23,000 chuig an duine nó chuig na daoine atá ainmnithe ar an fhoirm. Níl siad mar chuid d’eastáit an éagaigh.
Is é iarmheid an chuntais atá mar chuid d’estáit an éagaigh agus tá sé dáilte de réir dlí chomharbais.
Má léirítear d’ainm mar thairbhí ar pholasaí árachais, is féidir leat an t-airgead a fháil go díreach ón gcomhlacht árachais. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit deimhniú báis a bheith agat. Mura léirítear tairbhí san uacht, déanfar an t-airgead seo a dháileadh amach leis na sócmhainní eile a thagann faoi eastát an duine éagtha. Cliceáil anseo chun faisnéis a rochtain ar na pinsin árachais dhifriúla atá ar fáil.
Baineann rialacha difriúla le pinsin cheirde agus phearsanta. I gcás go raibh páirt á ghlacadh ag an duine éagtha i scéim phinsin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an bhfostóir, leis an iarfhostóir nó le riarthóirí na scéime chun a fháil amach an bhfuil pinsean ar fáil don chéile agus/nó do na leanaí. Bíonn pinsin ag daoine féinfhostaithe ó am go ham a dhéanann roinnt dá infheistíochtaí a dháileadh amach mar chuid d’eastát an duine éagtha.
Is féidir le daoine scartha rochtain a fháil ar roinnt earnálacha den scéim phinsin ag brath ar an ordú ceartú pinsin déanta ag am an cholscartha.
Tá roinnt bileoga ar fáil ón mBord Pinsin a sholáthraíonn faisnéis do bhaill scéime ar ábhar pinsin. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a fháil ar phinsin.
An Aonad Náisiúnta Faisnéise CAT do Cháiníocóirí
An Chéad Urlár
CRIO
Sráid na hArdeaglaise
Baile Átha Cliath 1
Ireland
Teil:(01) 865 5000
Lóghlao:1890 201 104
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: catdr@revenue.ie
Teach Nassau
Sráid Nassau
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 671 5311
Láithreán Gréasáin: http://www.ibf.ie
R-phost: info@ibf.ie
An Roinn Sheirbhísí Custaiméara
Ard-Oifig an Phoist
SAORPHOIST
O'Connell Street
Dublin 1
Ireland
Teil:(01) 705 7600
Lóghlao:Callsave 1850 575 859
Facs:(01) 809 0900
Láithreán Gréasáin: http://www.anpost.ie
R-phost: customer.services@anpost.ie
Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 613 1900
Lóghlao:1890 656 565
Facs:+353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsboard.ie/
R-phost: info@pensionsboard.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.