In Éirinn, tá páirt ghníomhach ag go leor daoine i gcúnamh cuí a sholáthar taobh istigh den chéad chúpla uair an chloig tar éis bháis a tharla de bharr féinmharaithe. Ina measc siúd tá na Gardaí, Cróinéirí, cleachtóirí leighis, stiúrthóirí sochraidí & rl. Má tá duine a bhain leat básaithe de bharr féinmharaithe d'fhéadfadh go leor mothúchán a theacht ort, ina measc geit, díchreideamh, ciontacht agus fearg. Tharla nach mbíonn aon tsúil go hiondúil le féinmharú agus go dtarlaíonn sé chomh tobann bíonn sé fíor-dheacair ar na daoine atá fágtha deileáil leis (go háirid do ghaolta agus cairde).
De réir Phríomh Oifig Staidrimh na hÉireann cláraíodh 457 gcás féinmharaithe i rith 2004. Chuir 189 duine faoi 35 lámh ina mbás féin is ba laghdú 11% é seo ar uimhir na bliana 2003. Chuir 268 duine a bhí 35 nó os a chionn lámh ina mbás féin agus ba mhéadú 16% é seo ar uimhir na bliana 2003. B'fhir nó buachaillí 78% díobh siúd a thug a mbás féin agus ba mhná nó cailíní an 22% eile.
Cé gur am fíor dheacair é seo, tá ceisteanna tábhachtachta praiticiúla agus saolta a d'fhéadfadh agus is cinnte a thiocfaidh aníos tar éis an bháis. Cuireadh eolas ar fáil go speisialta in Eolas do Mhuintir an Mharánaigh le treoir a thabhairt duit deileáil leis na ceisteanna agus leis na céimeanna ar fad. Tá eolas ar fáil ann maidir lenár ceart a dhéanamh ar an bpointe tar éis bháis, liúntais leasa shóisialaigh a d’fhéadfadh sé go mbeadh ar fáil, cúrsaí cánach, ceisteanna airgeadais agus dlíthiúla a thiocfaidh aníos. Tá eolas ar fáil sa leabhrán seo freisin cá bhfuil tuilleadh eolais agus tacaíocht ar fáil duit.
Ba cheart a thuiscint go bhfuil go leor eagraíochtaí ar fud na hÉireann gur féidir leo cúnamh a thabhairt duit sa chás seo nó má tharlaíonn sé go bhfuil tú ag tabhairt tacaíochta do dhuine eile atá buailte go dona ag féinmharú. Ní mar a chéile aon dá chás agus ní mar a chéile a bhíonn aon bheirt ag deileáil leis an mbás seo.
Má tá tú ag tabhairt tacaíochta do dhuine eile tá sé fior thábhachtach a bheith an-tuiscineach faoi riachtanais an té atá faoi bhrón a shásamh. Ba cheart go dtuigfeá freisin má tá tú ag cur tacaíochta ar fáil do dhuine go bhféadfadh an t-am a theacht nuair nach féidir leat an leibhéal céanna tacaíochta nó an cineál tacaíochta a theastaíonn a chur ar fáil. Tá cúnamh ar fáil ó na heagraíochtaí seo a leanas. Cuirfidh siad comhairle ar fáil duitse, chomh maith le heolas agus tacaíocht ag an am úfásach seo agus beidh siad in ann cúnamh a thabhairt duit dul i dteagmháil le daoine eile i do cheantar ar tharla an rud céanna dóibh.
D'fhógair an Roinn Sláinte i Meán Fómhair 2005 go raibh Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc le bunú. Bunaíodh sé seo de thoradh Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Bheart le Féinmharú a Chosc (pdf). Plean deich mbliana í an Straitéis Náisiúnta seo a leagann síos réimse beart a dhéanfaidh gníomhaireachtaí Stát agus eile agus iad ag díriú ar ghrúpaí éagsúla faoi leith, mar shampla, fir óga, príosúnaithe, an pobal i gcoitinne, srl.
I measc tosaíochtaí na hOifige Náisiúnta tá:
Tá An Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc á bunú faoi láthair (2006) agus beidh tuilleadh faisnéis ar fáil nuair a bhunófar í faoin ról a bheidh aici agus na freagrachtaí a bheidh uirthi.
Coláiste na nUile Naomh
Droim Conrach
Drumcondra
Dublin 9
Ireland
Teil:+353 (0)1 8574300 Mon-Fri 9:00am - 5:30pm
Facs:+353 (0)1 8574310
Láithreán Gréasáin: http://www.console.ie
R-phost: info@console.ie
72 Sráid Líosain Íochtarach
Parentline
Teach Carmichael
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6617211
Lóghlao:1890 303302
Facs:+353 (0)1 6617217
Láithreán Gréasáin: http://www.aware.ie/
R-phost: info@aware.ie
Barnardos
Christchurch Square
Dublin 8
Ireland
Teil:Helpline (01) 473 2110 (Mo-Fri, 10 am-12noon, Wed 12-2pm))
Láithreán Gréasáin: http://www.barnardos.ie/what-we-do/specialist-services/bereavement-counselling.html
R-phost: bereavement@barnardos.ie
Bosca P.O. 11634
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 667 4900
Láithreán Gréasáin: http://www.ias.ie/
R-phost: info@ias.ie
Sráid Marlboro
Dublin 1
Ireland
Lóghlao:1850 609090
Láithreán Gréasáin: http://www.samaritans.org
1 Ascaill Perrott
Bóthar an Choláiste
Corcaigh
Cork
Ireland
Teil:+353 (0)21 4277499
Láithreán Gréasáin: http://www.nsrf.ie
R-phost: mailto@nsrf@iol.ie
Bosca Poist 1
Eochaill
Cork
Ireland
Láithreán Gréasáin: http://www.nsbsn.org/
R-phost: info@nsbsn.org
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.